Roimhe sin bhí roinnt fostaíochtaí clúdaithe i gcomhaontuithe a raibh déanta ag Comhchoistí Oibreachais. An 7 Iúil 2011 rialaigh an Ard-Chúirt go bhfuil an reachtaíocht mhíbhunreachtúil a tharmliginn cumhachtaí maidir le pá agus coinníollacha oibre chuig na Comhchoistí Oibreachais - féach 'Cinneadh na hArd-Chúirte' thíos. Roimh 7 Iúil 2011 rinne an Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta (ORF) ag dearbhú moltaí curtha isteach ag Comhchoiste Oibreachais (CCO).
An 22 Nollaig 2011 foilsíodh an Bille Caidrimh Thionscail (Leasú) (Uimh. 3) 2011 a athchóiríonn na meicníochtaí cinneadh pá faoin gComhchoiste Oibreachais agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe.
Cuimsíonn forálacha na reachtaíochta beartaithe:
Cuimsíonn athchóirithe eile, nach gá dóibh athrú reachtúil, an líon CCF ó 13 go 6 a laghdú agus na sochair ar nós ragobair a chaighdeánú trí phrótacal atá comhaontaithe ar fud na tíre nó Cód Cleachtais.
Roimh 7 Iúil rinne an Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta (ORF) ag dearbhú moltaí curtha isteach ag Comhchoiste Oibreachais (CCO). Bhí an tOrdú seo ina cheangal dlí.
Ag leanúint ó chinneadh na hArd-Chúirte, stad Orduithe Rialaithe Fostaíochta d’aon tionchar reachtúla ón 7 Iúil 2011. Tá conarthaí fostaíochta reatha ag fostaithe a bhí clúdaithe ag ORF a rialaíonn a bpá agus a gcoinníollacha oibre. Má laghdaíonn fostóir ráta pá an fhostaí is athrú ar a gconradh fostaíochta a bheadh anseo agus de ghnáth teastaíonn cead an fhostaí chun é seo a dhéanamh. Tá pá an coinníollacha fostaithe a thosaíonn ag obair tar eis an 7 Iúil 2011 rialaithe ag reachtaíocht fostaíochta cosúil leis an bpá íosta.
Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe ar na himpleachtaí a bhaineann le cinneadh na hArd-Chúirte ar ORFanna (pdf) ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Ba é an cuspóir a raibh leis na Comhchoistí Oibreachais ná coinníollacha oibre a rialú agus íos-rátaí pá a leagan síos d' fhostaithe i réimsí áirithe fostaíochta. Bunaíodh Comhchoiste Oibreachais thrí ordú reachtúil ón gCúirt Oibreachais faoin Acht Caidrimh Thionscail 1946. Ba chomhlachas neamhspleách é ina raibh an méid céanna fostóirí agus ionadaithe na n-oibrithe atá ceaptha ag an gCúirt Oibreachais, agus cheap An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta an Cathaoirleach. Bhain seo leanas leis an gCúirt Oibreachais chun Comhchoiste Oibreachais a bhunú:
Tá 19 Comhchoistí ann faoi láthair:
Tugtar na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta (ORF) nó Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe (CFC) ar na comhaontaithe uile atá déanta ar chúrsaí pá agus coinníollacha. Tugtar na hORF ar na comhaontaithe uile a raibh déanta ag na Comhchoistí Oibreachais agus tugtar CFC ar na comhaontaithe a eascraíonn idir ceardchumainn agus fostóirí atá cláraithe leis an gCúirt Oibreachais. Tá na CFCanna seo leanas: Éadaitheoireacht, Coisbheart, agus Comhcheardaithe (Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire); An Tionscal Tógála; Clódóireacht (Baile Átha Cliath); Conraitheoireacht Leictreach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.