Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Cearta agus dualgais oibre > Eolas suas chun dáta ar na dlithe fostaíochta

Print Page Send to a Friend

Eolas suas chun dáta ar na dlithe fostaíochta

Eolas

Má tá tú imithe ón lucht oibre le roinnt ama, beidh ort tú féin a chur ar an eolas maidir leis na hathruithe atá tagtha ar cheisteanna a bhaineann le cosaint fhostaíochta. Tá go leor athruithe móra tagtha i bhfeidhm le deich mbliana anuas agus beidh sé níos éasca duit an chuid is fearr a bhaint as do chearta má chuireann tú eolas ar na forbairtí seo.

Forbairtí um chosaint fhostaíochta 1993-2007

Is é seo a leanas achoimre ar an reachtaíocht a bhaineann le cosaint fhostaíochta a tháinig i bhfeidhm sa tréimhse seo

Rialacha

Gearáin/Sárú cearta

Tá cosaint láidir ar fáil ón dlí fhostaíochta in Éirinn do fhostaithe a cheapann go bhfuil sárú déanta ar a gcearta. Tugtar éisteacht do ghearáin, easaontas agus casaoidí ós comhair Coimisinéara Cearta a éisteoidh leis an dá thaobh roimh scrúdú a chur i gcrích maidir leis an ngearán agus moladh a dhéanamh. Is féidir le moltaí a dhéanann an Coimisinéir Cearta a bheith ceangaltach nó neamh-cheangaltach, ag brath ar an gcineál dlí a ndéantar an cás a éisteacht faoi.

Ní mór gearáin faoin reachtaíocht chomhionannas a thabhairt chuig an mBinse Comhionannais.

Go minic, is féidir teacht ar réiteach ar easaontas idir fostóirí agus fostaithe tríd idirghabháil a dhéanamh. Déantar teagmháil leis an gCoimisiún um Chaidrimh Oibreachais agus ceaptar duine neamhspléach le castáil leis an dá pháirtí agus le héisteacht a thabhairt den dá thaobh den scéal. Tá an tseirbhís seo saor in aisce agus ar fáil do gach fostaí agus fostóir (seachas baill den Gharda Síochána, baill de na Fórsaí Cosanta agus baill den tSeirbhís Phríosúin. Bíonn na cruinnithe príobháideach agus tá gach díospóireacht faoi rún.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart iarratais ar sheirbhísí idirghabhála a sheoladh chuig an Seirbhís Réitigh ag an gCoimisiún um Chaidrimh Oibreachais.

Is féidir éisteacht a fháil ós comhair Coimisinéara Cearta maidir le gearáin, easaontas nó casaoidí a bhaineann le sárú cearta fostaíochta faoi reachtaíocht faoi leith. Sula ndéanann tú iarratas ar do ghearán a phlé ní mór duit a chur in iúl do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís Choimisinéara Cearta. Sa chás go bhfuil cearta dlíthiúla i gceist, ba cheart duit iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach go háitiúil sula gcuireann tú ós comhair na seirbhíse Coimisinéara Cearta í.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an reachtaíocht um chosaint fhostaíochta a fháil ón tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Acht um Chosaint Mháithreachais 1994; leis an Acht um Shaoire Uchtála 1995, leis an Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus leis an Acht um Chomhionannas Stádais 2000 ón tÚdarás Comhionannais.

Cá háit iarratas a dhéanamh

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie

Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Teach Tom Johnson
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 613 6700
Facs:+353 (0)1 617 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie
R-phost: info@lrc.ie

An Binse Comhionannais

3 Sráid Chluain Meala
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 477 4100
Lóghlao:1890 34 44 24
Facs:+353 (0)1 477 4141
Láithreán Gréasáin: http://www.equalitytribunal.ie/
R-phost: info@equalitytribunal.ie

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

An Coimisiún Um Chaidreamh Oibreachais
Teach Thomáis Mac Sheáin
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:1890 220 227 (outside 01 area)
Facs:+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost: rightscomm@lrc.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 December 2011

Teanga

English

Acmhainní Úsáideacha

Ábhar Gaolmhar

  • Íospairt ag an obair in Éirinn
    Tá roinnt reachtaíochta fostaíochta ann a thugann cosaint duit ó íospairt san ionad oibre.
  • Cáiliú le haghaidh iomarcaíochta
    Ní gach fostaí in Éirinn a chailleann a p(h)ost a bheidh incháilithe le haghaidh iomaraíochta Cad iad na rialacha maidir le hincháiliú iomarcaíochta.
  • Cearta fostaíochta fostaithe páirtaimseartha
    Tá méadú tagtha ar chearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha ó cuireadh an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, i bhfeidhm. Tá tuilleadh eolais anseo ar fhórálacha an Achta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.