Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Conarthaí fostaíochta > Conarthaí gan uaireanta oibre sainiúla (conarthaí uaireanta-nialasacha)

Print Page Send to a Friend

Conarthaí gan uaireanta oibre sainiúla (conarthaí uaireanta-nialasacha)

Eolas

Is cineál conradh fostaíochta é an conradh fostaíochta uaireanta-nialasacha áit a mbíonn an fostaí ar fáil le haghaidh oibre ach ní bhíonn uaireanta oibre sainithe aige/aici. Má tá conradh uaireanta-nialasacha agat is ionann sin agus socrú foirmiúil go bhfuil iachall ort a bheith ar fail ar feadh méid áirithe uaireanta in aghaidh na seachtaine, nó de réir mar is gá, nó meascán den dá rud. Tugtar cosaint d'fhostaithe atá ar chonarthaí uaireanta-nialasacha faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 ach ní bhaineann sé seo le fostaíocht ócáideach.

Tá sé riachtanach faoin Acht go dtabharfaí cúiteamh d'fhostaí a bhfuil conradh-nialasach aige/aici ach a oibríonn níos lú ná 25% dá (h)uaireanta ina aon sheachtain amháin. Braitheann an leibhéal cúitimh ar cibé an bhfuair an fostaí obair ar bith nó nach bhfuair sé/sí aon obair in aon chor. Mura bhfuair an fostaí obair ar bith, ansin ba chóir don chúiteamh a bheith do 25% de líon na n-uaireanta féideartha a bhí ar fáil, é sin nó do 15 uair an chloig, cibé acu is ísle. Má fuair an fostaí roinnt oibre, ba chóir dó/di cúiteamh a fháil chun é/í a thabhairt cothrom le 25% de na huaireanta féideartha a bhí ar fáil.

Mar shampla, má iarrtar ort a bheith ar fáil ar feadh 20 uair sa tseachtain, ach nach bhfuair tú obair ar bith, bheifeá i dteideal cúiteamh a fháil le haghaidh 15 uair an chloig nó 25% den 20 uair (i., 4 uair an chloig), cibé acu is lú. Sa chás seo, is é 4 uair an chloig an méid is lú. Ar an lámh eile, má fuair tú 3 uair an chloig oibre as 20, bheifeá i dteideal cúiteamh 1 uair an chloig a fháil chun tú a thabhairt cothrom le 25% d'uaireanta an chonartha.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit díospóidí a chur chuig Coimisinéir um Chearta de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Ba chóir duit gearán a dhéanamh ar fhoirm gearáin shingil nua laistigh de 6 mhí i ndiaidh don díospóid tarlú. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit ach ní dhéanfar é sin mura bhfuil cúinsí eisceachtúla ann a chuir cosc ort an gearán a dhéanamh laistigh den chéad 6 mhí.

bileog mhíniúcháin faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 (pdf) ann. Tá faisnéis bhreise faoi chonarthaí uaireanta-nialasacha agus do chearta fostaíochta ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre– féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seachtain oibre
    Tá na huaireanta uasta oibre le haghaidh formhór fostaithe leagtha síos san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
  • Tréimhsí sosa agus sosanna
    Tá fostaithe i dteideal sosanna le linn oibre agus sos idir tréimhse oibre.
  • Obair oíche
    Míníonn sé an chaoi a rialaítear uaireanta oíche agus sláinte agus sábháilteacht oibrithe oíche

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.