Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Fostaíocht agus míchumas > Deontais léitheoirí pearsanta do fhostaithe atá dall agus le hamharc

Print Page Send to a Friend

Deontais léitheoirí pearsanta do fhostaithe atá dall agus le hamharc

Eolas

Má tá lagú amhairc ort nó má tá tú dall agus go dteastaíonn cabhair bhreise uait le léamh ag an obair, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Dheontas Léitheora Phearsanta. Tugann an deontas cead duit duine a fhostú go páirtaimseartha nó ar bhunús ad-hoc ar feadh tréimhse nach mó ná 640 uaire sa bhliain chun cabhrú leat le léitheoireacht ag an obair. Tá an deontas riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.

Tá oibleagáid ar fhostóirí san earnáil phoiblí (ranna Stáit, gníomhaireachtaí Stáit, boird sláinte, údaráis áitiúla, rl.) éascaíocht a dhéanamh do riachtanais a bhfoireann faoi mhíchumas. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear ar fáil teicneolaíocht chabhrach, trealamh oiriúnaitheach agus saoráidí, áiseanna agus fearais. Dá bharr sin níl fostóirí san earnáil phoiblí ná a bhfostaithe faoi mhíchumas i dteideal an deontais Léitheora Phearsanta a éileamh, mar gur chóir go gcuirfeadh na fostóirí seo na seirbhísí sin ar fáil óna n-acmhainní féin.

Ní gá go mbeifeá cláraithe mar dhuine dall nó duine éigin le leibhéal sonrach géire amhairc chun iarratas a dhéanamh ar an Deontas Léitheora Phearsanta. Má tá tú ag fáil deacrachtaí le léamh ag an obair de bharr lagú amhairc, ansin tá tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an deontas. Ina theannta sin níl aon tástáil maoine i gceist leis an Deontas Léitheora Phearsanta agus ní gá duit leibhéal áirithe ioncaim a bheith agat chun iarratas a dhéanamh.

Más mac léinn tú atá ag freastal ar choláiste nó ollscoil agus má tá tú ag fáil deacrachtaí le léitheoireacht de bharr lagú amhairc, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Teagmhála Míchumais i do choláiste/ollscoil.

Léitheoirí Pearsanta

Ní theastaíonn aon cháilíochtaí speisialta ag Léitheoirí Pearsanta. Ní theastaíonn caighdeán faoi leith oideachais, saineolas ná cumas uathu chun an t-eolas atá siad ag léamh a thuiscint. An t-aon rud a theastaíonn ó Léitheoir Pearsanta ná caighdeán maith cumas léitheóireachta agus an cumas chun léamh ós-ard ar bhealach a thabharfadh deis do dhuine eile tuiscint céard atá sé nó sí ag rá.

Beidh sé tairbheach tú féin a chuir i gcleachtadh ar an ábhar léitheoireachta sula dtosaíonn tú ag obair mar Léitheoir Pearsanta. Tabharfaidh sé seo seans duit breithiúnas a dhéanamh ar cé chomh simplí, casta nó teicniúil a bheidh an t-eolas agus tabharfaidh sé deis duit seiceáil a dhéanamh ar fhuaimniú, foclóir, rl.

B'fhéidir go mbeadh ort an t-eolas seo a léamh ós-ard don duine eile nó b'fhéidir go mbeadh ort an t-eolas seo a léamh isteach ar threalamh taifeadta (m.sh., téipthaifeadán). Sula dtosaíonn tú ag obair ba chóir duit a fháil amach cén bealach a mbeidh ort an t-ábhar a léamh.

Ag glacadh leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht le gairid, is féidir le go leor daoine le lagú amhairc ríomhairí a úsáid ag baint úsáide as teicneolaíocht chabhrach. Má theastaíonn, áfach, is féidir le Léitheoirí Pearsanta eolas a léamh ón ríomhaire duit.

Má tá tú fostaithe mar Léitheoir Pearsanta, tá tú i dteideal ráitis scríofa ag leagan amach téarmaí agus coinníollacha do chuid fostaíochta taobh istigh de 8 seachtainí ó thosaíonn an fhostaíocht. Tá tú i dteideal fógra scoir seachtaine freisin agus fógra seachtaine maidir le laethanta saoire (tá teidlíocht do chuid saoire déanta amach ar bhunús 8% den líon iomlán uaireanta a hoibríodh).

Léitheoir Pearsanta a earcú

Más mian leat léitheoir pearsanta a fhostú, ba chóir duit ar dtús an cinéal agus méid na hoibre léitheoireachta a dteastaíonn cabhair uait lena aghaidh a leagan síos. Ba chóir duit iarracht a dhéanamh freisin oibriú amach cé mhéid cabhair a theastóidh uait ar bhonn laethúil nó seachtainiúil agus cé mhéid uaireanta an chloig sa lá nó sa tseachtain a theastóidh an léitheoir uait. Ba chóir go mbeadh a fhios agat go n-íoctar an Deontas Léitheora Phearsanta ar feadh uasmhéid de 640 uaire sa bhliain agus go bhfuil ráta íocaíochta san uair socraithe (féach thíos faoi "Rátaí"). Tá an rogha ag FÁS síneadh a chuir leis an méid ama a bhfuil Léitheoir Pearsanta fostaithe ar feadh níos faide ná 640 uaire sa bhliain i gcuinsí eisceachtúla.

Tá roinnt bealaí éagsúla ann le fógra a dhéanamh go bhfuil seirbhísí Léitheora Phearsanta ag teastáil. Cuireann roinnt daoine fógra i nuachtán áitiúil, nó i bhfuinneog siopa áitiúil nó ar chlár fograí pobail (i.e., in ionad pobail áitiúil nó ionad siopadóireachta).

Rialacha

Tá duine ar bith (seachas fostaithe san earnáil phoiblí) a bhfuil lagú amhairc orthu nó atá dall agus a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as seirbhísí Léitheora Phearsanta ar feadh suas le 640 uaire sa bhliain i dteideal iarratais a dhéanamh ar an deontas.

Rataí

Tá an cúnamh deontais curtha ar fáil ag ráta Íosphá Náisiúnta ar feadh uasmhéid de 640 uaire. Braitheann an méid uaireanta sa tseachtain a theastaíonn seirbhísí Léitheoireachta Pearsanta ar an gcinéal oibre atá i gceist, agus ba chóir go mbeadh sé aontaithe idir tú féin agus do Léitheoir roimhré. Is féidir leat níos mó a léamh faoi uasmhéid uaireanta oibre anseo.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tú féin nó más fostóir tú is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dheontas Léitheora Phearsanta thar cheann fostaí. Caithfidh tú foirm iarratais a líonadh atá le fáil ar líne (pdf). Tá siad le fáil i d'oifig áitiúil FÁS freisin.

Má tá lagú amhairc ort nó má tá tú dall, beidh an fhoireann i d'oifig áitiúil sásta cabhrú leat an fhoirm iarratais a líonadh.

Más fostaí san earnáil phoiblí tú agus go dteastaíonn cabhair uait le léamh ag an obair mar gheall ar lagú amhairc atá cheana ort nó atá forásach, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Teagmhála Míchumais i d'Aonad Acmhainní Daonna.

Más macléinn tú atá ag freastal ar choláiste nó ollscoil in Éirinn agus má tá tú ag fáil deacrachtaí le léitheoireacht de bharr lagú amhairc, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Teagmhála Míchumais i do choláiste/ollscoil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.