Cás-Staidéar: íosphá

Réamhrá

Mhéadaigh an t-íosphá náisiúnta go €12.70 ó 1 Eanáir 2024.

Oibríonn Seán 39 uaireanta in aghaidh na seachtaine ina áirítear trí uair a' chloig ar an Satharn. Tá sé i dteideal íosphá de €12.70. Íoctar ollphá de €500 in aghaidh na seachtaine leis. Cuimsítear táille €20 sa phá do Sheán as ucht oibriú Dé Sathairn. D'iarr sé ar a fhostóir faoin íosphá náisiúnta agus thug a fhostóir an teolas a leanas dó:

  • Tá an tréimhse tagartha pá ar bhonn seachtainiúil
  • Má roinntear an t-ollphá (€500) ar na huaireanta a oibríodh (39), tugann sé seo meánráta pá de €12.82 in aghaidh na huaire.

Tá sé seo beagán os cionn an íosráta pá náisiúnta de €12.70 in aghaidh na huaire. An bhfuil fostóir Seán ceart?

Freagra
Níl, tá fostóir Seán mícheart. Níor chóir go gcuimseofaí an táille €20 as ucht oibriú Dé Sathairn do chuspóirí an íosphá náisiúnta. Ciallaíonn sé seo gur cheart €480 amháin a roinnt ar 39, ag tabhairt meánráta pá de €12.30 - taobh thíos den íosphá náisiúnta ag €12.70.

Is bunphá de €495.30 (€12.70 x 39) móide €20 mar tháille an Sathairn atá mar theidlíocht ag Seán a thagann go dtí iomlán de €515.30.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024