Dul ar coláiste

Ag brath ar dhul ar coláiste

B’fhéidir go mbeidh rún agat dul ar coláiste nuair a fhágann tu an scoil nó tar éis tar éis do Ardteistiméireacht. Obríonn roinnt daoine ar feadh cúpla bliain agus téann siad ar coláiste ansin mar mhic léinn lánfhásta.

Tá raon leathan faisnéise le fáil ar an láithreán gréasáin Qualifax faoi chúrsaí ardoideachais agus breisoideachais, ó chéimeanna ollscoile go dtí teastais agus dioplómaí i gcoláistí breisoideachais agus in institiúidí teicneolaíochta. Is féidir leat a thuilleadh faisnéise a fháil faoi cháilíochtaí breis- agus ardoideachais, agus áirítear iad seo go léir anois i gCreat Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Ag cur isteach ar an gcoláiste

Níor mhór duit na gnáthaimh iarratais ar choláistí tríú leibhéil a scrúdú chomh luath agus is féidir. Má tá tú ag brath ar staidéar a dhéanamh sa RAthar lear níor mhór duit tú féin a chur ar an eolas faoina bhfuil le déanamh agus b’fhéidir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar choláiste sula ndéanann tú an t-iarratas. Má tá tú faoi mhíchumas nó más fágálaí scoile thú ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, tá tacaíochtaí ann chun cabhrú leat rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal.

Ag íoc as an gcoláiste

Níor mhór duit féachaint an gcaithfidh tú táillí a íoc as do chúrsa coláiste. Ní bhíonn ar bhunáite mhic léinn na hÉireann a bhíonn ag déanamh cúrsaí fochéime táillí a íoc. Ach má tá ort táillí a íoc féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí bunáite na gcúrsaí tríú leibhéil.

deontais chothabhála tástáilte ó thaobh acmhainne le fáil ag mic léinn atá ag déanamh cúrsaí tríú leibhéil. Gheofar faisnéis faoi raon iomlán na ndeontas agus na tacaíochta atá le fáil ar an láithreán gréasáin studentfinance.ie.

Ag lorg áit chónaithe

Bíonn go leor mac léinn ina gcónaí sa bhaile agus iad ar coláiste ach b’fhéidir go bhfuil cónaí ortsa rófhada ar shiúl le go bhféadfá taisteal ann gach lá. Tá árais chónaithe do mhic léinn áirithe ag cuid mhaith de na coláistí ach b’fhéidir go gcaithfidh tusa cóiríocht a fháil ar cíos in aice an choláiste. B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh teach nó árasán a fháil ar cíos agus má fhaigheann tú ceann ba cheart go dtuigfeá do chearta mar thionónta.

Tuilleadh eolais

Agus tú ag roghnú cúrsa coláiste, níor mhór duit an oiread faisnéise agus is féidir a fháil faoin gcúrsa agus faoin gcoláiste ar mhaith leat freastal air. Tá liosta de láithreáin na n-institiúidí ardoideachais ar an láithreán stÚdarás um Ard-Oideachas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Márta 2022