Teacht ar áit éigin le maireachtáil ar fhilleadh duit go hÉirinn

Réamhrá

Teastóidh áit éigin uait le cónaí ann nuair a fhilleann tú abhaile ar Éirinn. B’fhéidir go mbeidh tú in ann fanacht le cairde nó le daoine muinteartha i dtosach, nó b’fhéidir go mbeidh tú in ann áit chónaithe a fháil ar cíos nó a cheannach láithreach.

Bíonn ceart uathoibríoch ag saoránaigh Éireannacha chun cónaí in Éirinn. Má tá tú ag filleadh le páirtnéir nach náisiúnach an LEE, an RA nó na hEilvéise iad, áfach, beidh cead ag teastáil uathu ó Sholáthar Seirbhíse Inimirce (SSI) chun cónaí leat in Éirinn.

Tugtar eolas ar an leathanach seo ar conas cóiríocht a aimsiú nuair a fhilleann tú ar Éirinn, conas áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar cíos, agus conas teacht ar thacaíochtaí tithíochta má theastaíonn siad uait.

Áit chónaithe a fháil ar cíos nuair a fhillim ar Éirinn

B’fhéidir gur mian leat tús a chur le cóiríocht chíosa a chuardach sula bhfillfidh tú ar Éirinn. Is féidir leat seo a dhéanamh trí láithreáin ghréasáin chóiríochta a sheiceáil, cosúil le daft.ie, myhome.ie, rent.ie, i measc cinn eile. Is féidir leat na láithreáin ghréasáin seo a chuardach trí úsáid a bhaint as scagairí cosúil le praghas, láthair agus réadmhaoin chun an chóiríocht a theastaíonn uait a aimsiú. Is féidir le gníomhaireachtaí cóiríochta nó gníomhaireachtaí ligin cabhrú leat teacht ar chóiríocht phríobháideach ar cíos, ach is féidir leo táille a ghearradh ar an tseirbhís seo.

I measc na bhfoinsí eile tá míreanna cóiríochta i nuachtáin, fógraí i siopaí agus cláir fógraí i gcoláistí. Sa mhullach air sin, d’fhéadfá teacht ar chóiríocht trí bheith ag labhairt le daoine nó trí chomharthaí ar a bhfuil ‘Le ligean’ scríofa ar réadmhaoin.

Sula bhfaigheann tú réadmhaoin ar cíos, ba cheart duit súil a chaitheamh ar an gcóiríocht agus casadh le do thiarna talún féideartha, más féidir. B’fhéidir go mbeidh ort cáipéisíocht áirithe a thabhairt leat ón tír atá á fágáil agat, cosúil le teistiméireachtaí ó do thiarna talún reatha. Is féidir leat léamh faoi na rudaí atá le déanamh nuair a bhíonn árasán nó teach ar cíos á chuardach agat.

Mar thionónta, ba cheart go mbeadh do chearta agus d’oibleagáidí agus oibleagáidí do thiarna talún ar eolas agat. Is foinse áisiúil eolais agus comhairle ar shaincheisteanna tiarna talún agus tionónta freisin é Threshold.

Cabhair do dhaoine breacaosta a chónaíonn thar lear

Más eisimirceach breacaosta thú ar rugadh in Éirinn thú ach a chónaíonn thar lear, agus más mian leat filleadh ar Éirinn, b’fhéidir go mbeidh Safe Home Ireland in ann cabhrú leat cóiríocht a aimsiú.

Chun cáiliú do thacaíocht tithíochta ó Safe Home Ireland, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Caithfidh tú a bheith 57 bliain d’aois nó níos sine
  • Caithfidh gur féidir leat cónaí go neamhspleách
  • Caithfidh go bhfuil tú i do chónaíonn i gcóiríocht ar cíos thar lear agus nach féidir leat íoc as cóiríocht nuair a fhilleann tú ar Éirinn

Má tá tú incháilithe, déanfaidh siad iarracht cóiríocht a fháil duit sula bhfillfidh tú. Seiceáil an féidir leat cúnamh tithíochta a fháil ó Safe Home Ireland.

An féidir liom cabhair a fháil le mo chíos a íoc?

Má fhilleann tú ar Éirinn agus má bhíonn deacracht agat cíos a íoc, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta ón Stát.

Má bhíonn riachtanas fadtéarmach tithíochta agat nuair a fhilleann tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh le d’údarás áitiúil ar thacaíocht tithíochta sóisialta. B’fhéidir go mbeidh ort a thaispeáint go bhfuil ceangal áitiúil agat leis an gceantar a bhfuil tú ag cur isteach air, ach is féidir an riachtanas seo a tharscaoileadh faoi roinnt cúinsí, áfach.

Má cháilíonn tú dó, cuirfear thú leis an liosta tithíochta sóisialta. B’fhéidir go mbeidh feitheamh fada ort go ndéanfar tithíocht shóisialta a thabhairt duit. Fad a bhíonn tú ar an liosta feithimh, is féidir leat an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (an ÍCT) a fháil chun cabhrú leat íoc as an gcostas a bhíonn ar áit chónaithe a fháil ar cíos go príobháideach.

B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe i gcásanna áirithe d’Fhorlíonadh Cíosa. Tacaíocht ioncaim ghearrthéarmach é seo má tá áit chónaithe ar cíos agat ó thiarna talún príobháideach.

Tá mé gan dídean nuair a fhillim

Má bheidh tú gan dídean nuair a fhilleann tú ar Éirinn, is féidir leat cúnamh cóiríochta éigeandála a fháil ón údarás áitiúil sa cheantar a bhfuil ceangal áitiúil agat leis. Mar chuid de seo, tá ort iarratas ar thithíocht shóisialta a líonadh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi na tacaíochtaí tithíochta atá ar fáil do dhaoine gan dídean.

Áit chónaithe a cheannach nuair a fhillim ar Éirinn

Sula bhfiosraíonn tú áit chónaithe a cheannach, déan athbhreithniú ar do chuid cúrsaí airgeadais agus déan cinneadh faoin méid is féidir leat a chaitheamh. Cinntigh gur féidir leat íoc as na costais go léir atá i gceist chun áit chónaithe a cheannach, táillí dlí, árachas, dleacht stampála, éarlais agus aisíocaíochtaí morgáiste míosúla san áireamh.

Má chuireann tú isteach ar mhorgáiste, iarrfar ort ráitis chuntas bainc agus cruthúnas ioncaim a sholáthar. Caithfidh iasachtóirí súil freisin ar do stair chreidmheasa. Is féidir a áireamh leis seo stair chreidmheasa in Éirinn agus thar lear. Nuair a bheidh tú ag filleadh ar Éirinn, cinntigh go dtugann tú an cháipéisíocht ábhartha airgeadais go léir abhaile leat.

Ba cheart duit faomhadh i bprionsabal a fháil sula dtosaíonn tú le súil a chaitheamh ar réadmhaoin oiriúnach. Rialaíonn teorainneacha iasachtaithe an Bhainc Cheannais an méid airgid is féidir leat a fháil mar iasacht mhorgáiste, agus an méid a theastaíonn uait mar éarlais - féach Morgáiste a fháil chun teacht ar shonraí faoi na rialacha seo.

Is féidir leat do chuardach do réadmhaoin ar líne a thosú trí úsáid a bhaint as láithreáin ghréasáin chóiríochta, cosúil le daft.ie agus myhome.ie. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le gníomhairí eastáit sa cheantar ar mhaith leat cónaí ann chun fiafraí faoi réadmhaoin atá ar fáil. Is féidir leat léamh faoi na céimeanna a bhíonn i gceist le háit chónaithe a cheannach.

An féidir liom áit chónaithe a cheannach sula bhfillim ar Éirinn?

Ní gá duit bheith i do chónaí in Éirinn chun réadmhaoin a cheannach. Más mian leat cur isteach ar mhorgáiste in Éirinn, áfach, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh. Is féidir leat léamh faoi na céimeanna a bhíonn i gceist le háit chónaithe a cheannach.

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar scéim tithíochta inacmhainne nuair a fhillim?

Murar cheannaigh tú réadmhaoin in Éirinn nó thar lear roimhe seo, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe páirt a ghlacadh i Scéim na Chéad Áite Cónaithe (FHS). Scéim cothromais chomhroinnte é an FHS, ina n-íocann an Stát agus bainc rannpháirteacha a mhéid le 30% de chostas d’áite cónaithe nua chun bun a fháil san áit chónaithe. Caithfidh go mbeartaíonn tú úsáid a bhaint as an réadmhaoin freisin mar do phríomháit chónaithe.

Tá a mhacasamhail de scéim áiteanna cónaithe inacmhainne údaráis áitiúil ann ina gceannaíonn an t-údarás áitiúil bun i d’áit chónaithe. Ní bhíonn an scéim seo i gceist, áfach, i gceantair áirithe.

B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don Scéim um Chabhair chun Ceannach. Cuireann an scéim seo aisíocaíocht ar an gcáin ioncaim agus ar an gCáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) ar fáil a d’íoc tú in Éirinn sna 4 bliana cánach roimhe sin. Caithfidh gur íoc tú méid áirithe cánach in Éirinn le 4 bliana anuas, áfach, le bheith incháilithe.

Is féidir níos mó a léamh faoin gcabhair atá ar fáil nuair a cheannaítear áit chónaithe nua.

An féidir liom cúram teach altranais a fháil nuair a fhillim ar Éirinn?

Má theastaíonn cúram teach altranais uait nó ó dhuine muinteartha nuair a fhilleann tú, tá ort teach altranais a roghnú a shásaíonn do chuid riachtanas. Is féidir leat teacht ar liosta tithe altranais cláraithe ar láithreán gréasáin HIQA. Cuireann FSS treoir maidir le teach altranais a roghnú (pdf) ar fáil freisin.

Má theastaíonn cúnamh uait chun íoc as cúram teach altranais, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais, ar a dtugtar Scéim an Mhargaidh Chothroim freisin. Caithfidh go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn chun cáiliú do Scéim an Mhargaidh Chothroim.

Faoin Margadh Cothrom, íocann tú méid áirithe i dtreo chostas do chúraim agus íocann FSS an chuid eile. Íocann an Margadh Cothrom as tithe altranais príobháideacha, tithe altranais deonacha agus tithe altranais poiblí.

Má roghnaíonn tú íoc as cúram teach altranais go príobháideach, caithfidh tú costas iomlán an tí altranais phríobháidigh a íoc go díreach.

Teagmhálaithe áisiúla

None

21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan-Aoine 9.30 rn - 5 in
Teil: 1800 454 454
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie

Clinic For-rochtana
Oifig an Chomhairle Contae
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Contae Átha Cliath

Uaireanta Oscailte: Dé Máirt 2 rn - 5 in
Teil: (01) 635 3651

Threshold

22 Meall Theas
Corcaigh
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine: 9 rn go 1 in agus 2 in go 5 in
Teil: (021) 427 8848
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie

Threshold

5 Cnoc na Radharc
Gaillimh
Éire
H91 HC1H

Uaireanta Oscailte: Luan-Aoine 9.30 rn - 5 in
Teil: (091) 563 080
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Lúnasa 2022