Tuismitheoirí agus oideachais

Réamhrá

Deir Bunreacht na hÉireann go bhfuil príomhfhreagracht ar thuismitheoirí oideachas a chur ar a linbh.

Deir sé freisin go n-éilíonn an Stát go bhfiaghaidh leanaí 'íosmhéid oideachais áirithe'. Níl an t-íosmhéid áirithe seo sainmhínithe go fóill sa reachtaíocht ná i mbeartas oifigiúil. Faoin Acht Oideachais (Leas) 2000 caithfidh tuismitheoirí a chinntiú go bhfaigheann a linbh oideachas íosta áirithe ó aois a 6 go dtí 16 bliana d'aois.

Is féidir leat do leanbh a chur ar scoil nó do leanbh a mhúineadh sa bhaile. Mar sin féin roghnaíonn tú oideachas a chur ar do leanbh, sa bhaile nó ar scoil, ní mór duit a chinntiú go bhfaighean do leanbh oideachas íosta áirithe ó aois a 6 go dtí 16 bliana d'aois.

Ag dul ar scoil

Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh do leanbh a chur chuig scoil ar bith, ach níl aon dualgas bunreachtúil ar scoil faoi leith glacadh le linbh aonair. Ní mór do gach scoil, áfach, a polasaí iontrála féin a leanúint agus áiteanna scoile á tairiscint acu. Ní féidir le scoileanna idirdhealú a dhéanamh ar aon cheann de na forais seo a leanas:

  • Inscne
  • Stádas Sibhialta
  • Stádas Teaghlaigh
  • Gnéaschlaonadh
  • Creideamh
  • Míchumas
  • Cine
  • Ballraíocht den Lucht Siúil
  • Riachtanais speisialta oideachais

Tá roinnt eisceachtaí ann, is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi pholasaithe iontrála i scoileanna.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi bhunscoil agus iar-bhunscoil a roghnú.

Tá tuismitheoirí i dteideal oideachas a chur ar fáil lasmuigh den chóras scoile freisin más mian leo. D'fhéadfadh oideachais baile nó scoileanna príobháideacha a bheith i gceist leis seo.

Tuilleadh faisnéise agus tacaíocht

Tá raon eagraíochtaí agus scéimeanna ann a chuireann tacaíocht agus faisnéise ar fáil do thuismitheoirí. Áirítear leis seo a leanas:

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) freagrach as a chinntiú go bhfreastalaíonn leanaí ar scoil go rialta nó go bhfaigheann siad oideachas ar bhealach eile.

Feidhmíonn na hoifigigh leasa oideachais (EWO) freisin mar thacadóirí do thuismitheoirí, caomhnóirí agus leanaí a bhfuil deacrachtaí acu le tinreamh scoile nó le leas oideachais.

Cumainn tuismitheoirí

Tá ceart dlíthiúil ag tuismitheoirí cumann tuismitheorí a bhunú agus caithfidh ballraíocht a bheith oscailte do gach tuismitheoir sa scoil. Tá sé mar aidhm ag cumann na dtuismitheoirí:

  • Ionadaíocht a dhéanamh ar leas tuismitheoirí na linbh atá ag freastal ar an scoil agus dea-chaidreamh a chothú idir na tuismitheoirí agus bord bainistíochta na scoile, an príomhoide agus na múinteoirí.
  • Dean ionadaíocht don scoil ar cheisteanna polasaí
  • Cuir comhairle ar an bpríomhoide agus ar an mbord ar aon ábhar a bhaineann leis an scoil.
  • Glacadh le clár gníomhaíochtaí a chothóidh rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i mbainistíocht na scoile.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi ról cumainn tuismitheoirí i mbunscoileanna (pdf) agus iar-bhunscoileanna (pdf) ó scoil do linbh agus ón Roinn Oideachais.

Comhairlí Náisiúnta Tuismitheoirí

Reáchtálann Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Iarbhunoideachas (NCPpp) líne chabhrach do thorthaí a hArdteistiméireachta gach Lúnasa i gcomhar le hInstitiúid a dTreoirchomhairleoirí.Tá treoirlínte foilsithe ag Comhairle Naisiúnta na dTuismitheoirí (Bunoideachas) ar Oibriú Éifeachtach mar Chumann Tuismitheoirí (pdf). Tugann NPCpp faisnéis do thuismitheoirí faoi chumainn tuismitheoirí agus foghlaim leanaí.

Boird bhainistíochta

Tá bord bainistíochta ag formhór na scoileanna. Faoin Acht Oideachais 1998 tá dualgas ar bhord bainistíochta na scoile a chinntiú:

  • Reáchtáiltear an scoil ar mhaithe leis na daltaí agus a dtuismitheoirí.
  • Cuirtear oideachas cuí ar fáil do gach dalta sa scoil.

Ceann de dhualgais an bhoird bhainistíochta ná teagmháil a chothú idir an scoil, na tuismitheoirí agus an pobal. Cuidíonn an Bord freisin le cumann na dtuismitheoirí lena bhunú agus lena ghníomhaíochtaí.

Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail (TBSP)

Tá an Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail dírithe ar leanaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna atá i mbaol éirí as an scoil nó nach mbainfidh siad a n-achmhainneacht amach sa chóras oideachais mar gheall ar mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta.

I ngach ceantar áitiúil is múinteoir cáilithe ó fhoireann na scoile comhordaitheoir na scéime. Oibríonn na comhordaitheoirí go lánaimseartha lasmuigh den seomra ranga chun caidreamh a chothú le tuismitheoirí nó caomhnóirí na linbh. Feidhmíonn siad mar nasc idir a baile agus an scoil, ag spreagadh tuismitheoirí a bheith níos rannpháirtí in oideachas a linbh.

Túsluath

Tá Túsluath do leanaí idir 3 agus 4 bliana d'aois a bhfuil cónaí orthu i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus atá i mbaol gan a lánacmhainneacht a bhaint amach laistigh den chóras scoile.

Tá sé mar aidhm ag an gclár leanaí óga a nochtadh do chlár oideachais a chuirfeadh lena bhforbairt iomlán agus a chuirfeadh cosc ar chliseadh scoile agus chun éifeachtaí an mhíbhuntáiste shóisialta a fritháireamh.

Bíonn tuismitheoirí na linbh rannpháirteacha páirteach i bhfoghlaim a linbh. Oibríonn foireann Túsluatha le comhordaitheoirí Scéime Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail chun tuismitheoirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbainistíocht laethúil agus in eagrú gníomhaíochtaí san ionad Túsluatha.

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachais Speisialta (NCSE) freagrach as feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tugann sé faisnéis do thuismitheoirí faoi theidlíochtaí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i bunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal.

Fostaíonn an NCSE Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSOanna) atá freagrach as teagasc breise agus achmhainní eile a leithdháileadh chun tacú le riachtanais speisialta oideachais leanaí faoi mhíchumas ag an leibhéal áitiúil.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) seirbhís síceolaíochta oideachais ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Déanann síceolaithe NEPS sainfheidhmiú ar oibriú le múinteoirí, tuismitheoirí agus leanaí chun riachtanais oideachais a aithint agus seirbhís chomhairliúcháin a sholáthar do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí. De ghnáth atreoraítear leanaí chuig NEPS trí phríomhoide na scoile agus ba chóir do thuismitheoirí aon imní maidir le deacrachtaí foghlama a phlé le foireann na scoile.

Cláir do thuismitheoiri óga

Tháirg an Roinn Sláinte tuarascáil ar thuismitheoirí óga san oideachas (pdf) mar chuid dá tacaíocht don Chlár Tacaíochta do Thuismitheoirí sna Déagóirí. Tá deontas Teagasc Baile ar fáil ón Roinn Oideachais do mhic léinn atá as láthair a bhaineann le máithreachas. Chun tuilleadh faisnéis a fháil faoi seo féach Ciorclach 0052/2017 (pdf).

Tá cláir luathfhagálaithe scoile mar a Clár Críochnaithe Scoileanna an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais, Ógtheagmháil agus cúrsaí lar-Ardteistiméireachta dírithe ar líon na ndaoine óga a fhanann i scoileanna dara leibhéal a mhéadú nó cabhrú le daoine rochtain a fháil ar oideachas dara seans nó oideachas malartach.

Is féidir leis an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO) tacú le tuismitheoirí filleadh ar an oideachas freisin.

Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Brunel Tógála
Heuston Ráithe Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 771 8500
Láithreán Gréasáin: https://www.tusla.ie/
R-phost: info@tusla.ie

An Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Iar-Bhunoideachais

Aonad 6
OMNI
Seantraibh
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil: (01) 862 3346
Láithreán Gréasáin: http://www.npcpp.ie/

An Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí Bunbhrainse

12 Cuirt Marlborough
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 887 4034, Information/Helpline (01) 887 4477 Mon–Fri
Facs: (01) 887 4489
Láithreán Gréasáin: http://www.npc.ie/
R-phost: info@npc.ie

Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Cúirt Frederick
24-27 Sráid Frederick Thuaidh
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 889 2700
Facs: (01) 889 2755

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim,
An Mhí
Éire

Teil: (046) 948 6400
Facs: (046) 948 6404
Láithreán Gréasáin: http://www.ncse.ie/

An tOmbudsman do Leanaí

Teach na Mílaoise
52-56 Sráid Mhór na Trá
Baile Átha Cliath 1
D01 F5P8
Éire

Teil: +353 1 865 6800
Lóghlao: Freefone 1800 20 20 40
Láithreán Gréasáin: http://www.oco.ie/
R-phost: oco@oco.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Deireadh Fómhair 2023