Séard atá i nGairmchlár na hArdteistiméireachta ná Ardteistiméireacht le dreach láidir ghairmiúil.
Tá ábhair na hArdteistiméireachta sa chlár, in éineacht le trí mhódúil nascaithe éigeantach, ar Oideachas Fiontair, Ullmhú Oibre agus Taithí Oibre. Caithfidh scoláirí 5 ábhar Ard-Teiste a bheith acu ar a laghad, Gaeilge a bheith mar cheann acu agus teanga iasachta nó módúl de theanga ghairmiúil.
Tá na módúil nascaithe bunaithe ar ghníomhaíocht. Is iondúil go dtógann siad 2 nó 3 ranganna gach seachtain, i gcomparáid le ábhar Ardteistiméireachta a thógann 4 go 5 de ranganna sa tseachtain.
Cuirtear gnáth-ábhair na hArdteistiméireachta a oireann dá chéile i ngrúpaí. Tá dhá ghrúpa ann:
Caithfidh scoláirí dhá ábhar a dhéanamh as an dá ghrúpa.
Scrúdaítear na hábhair trí ghnáth-scrúdú na hArdteistiméireachta.
Meastar na módúil nascaithe trí scrúdú scríofa a léiríonn 40% de na marcanna iomlána agus cuntas ar chúrsa oibre a léiríonn 60% de na marcanna iomlána.
Fáigheann scoláirí an teastas céanna is a fháigheann scoláirí na hArdteistiméireachta, ach bíonn ráiteas eile sa Teastas faoi thoradh na módúil nascaithe (Pas, Fiúntas nó Gradam)
Tugann an clár seo an seans céanna do scoláirí dul go dtí an ollscoil is a thugann an Ardteistiméireacht Bhunaithe.
Aithníonn Institúidí Teicneolaíochta agus na hOllscoileanna na módúil nascaithe, chomh maith le ábhair na hArdteistiméireachta, mar seo a leanas:
Gradam: 70 pointe
Fiúntas: 50 pointe
Pas: 30 pointe
Is é €109 an táille iontrála don bhliain 2011 do mhic léinn scoile de chuid Ghairmchlár na hArdteistiméireachta. Tá tuilleadh eolais faoi tháillí scrúduithe Stáit ar fáil anseo.
Tá iarrthóirí a bhfuil cárta
leighis reatha acu nó gur chleithiúnaithe iad de chuid tuismitheora nó
caomhnóra a bhfuil cárta leighis reatha aige nó aici díolmhaithe ó
tháillí scrúduithe a íoc. Ní foláir d’iarratasóirí a bhfuil
díolúine ó tháillí á héileamh acu ar an mbonn sin sonraí maidir leis an
gcárta leighis a sholáthar don Choimisiún. Tá iarratais ó iarrthóirí
seachtracha a fhaightear tar éis deireadh mí Eanáír faoi réir táillí
deireanacha a íoc fiú má rinneadh an táille thosaigh a tharscaoileadh.
Más scoláire thú atá ar freastal ar scoil dara leibhéil, cuirfidh an scoil do chuid sonraí chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Más iarrthóir seachtrach thú (nach bhfuil ag freastal ar scoil) don Chúrsa Gairmiúil Ardteistiméireachta, ba chóir d’iarratas ar líne nó i scríbhinn dhéanamh agus a bheith curtha chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoin dáta deiridh. Tá Tráthchlár Scrúdú na hArdteisméireachta (pdf) agusClár Gairme na hArdteistiméireachta, Sceideal Dátaí Scrúduithe (pdf) le feiceáil.
Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire
Teil:+353 (0)90 644 2700
Facs:+353 (0)90 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.