Ardteistiméireacht 2021 agus gráid chreidiúnaithe

Réamhrá

Má roghnaigh tú an scrúdú scríofa a dhéanamh agus grád creidiúnaithe a fháil in ábhar, cuirfear do ghrád is fearr i gcuntas i do thorthaí Ardteistiméireachta.

Eiseoidh torthaí na hArdteistiméireachta chugat go díreach ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra Dé hAoine 3 Meán Fómhair 2021.

Tá an Roinn Oideachais agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais i dteagmháil le tíortha eile faoi dháta thorthaí an Ardteistiméireachta chun solúbthacht a chinntiú d’iarrthóirí a rinne iarratas ar staidéar thar lear. Má rinne tú iarratas ar choláiste lasmuigh d’Éirinn ba chóir duit dáta na dtorthaí a chur in iúl dóibh agus iarr orthu a seasamh a dhearbhú.

Scrúduithe scríofa nahArdteistiméireachta

Bhí scrúduithe scríofa an Ardteistiméireachta ar siúl ón 9 Meitheamh go dtí an 29 Meitheamh 2021.

Ní chuirfear na gnéithe béil agus obair chúrsa de na scrúduithe san áireamh sa phróiseas grád creidiúnaithe.

Is féidir leat leamh athruithe ar shocruithe measúnaithe do scrúduithe na hArdteistiméireachta 2021 lena chur san áireamh gur cuireadh isteach ar fhoghlaim scoláirí fad a bhí scoileanna dúnta in 2020 agus 2021.

Conas a dheimhnítear gráidchreidiúnaithe?

Bunaítear grád creidiúnaithe ar mharc measta a bhronnfaí ort san ábhar sin i scrúdú na hArdteistiméireachta. Úsáideadh an téarma grád ríofa in 2020.

Cuirtear gráid chreidiúnaithe CSS ar tairiscint do scoláirí a thugann faoi na cláir Ardteistiméireachta seo a leanas:

Tá roinnt céimeanna i gceist le grád creidiúnaithe a dheimhniú:

Céim 1: Bronnann do mhúinteoir marc measta

Bronnfaidh do mhúinteoir meastachán ort ar an marc ba dhóchúil a bhainfeá amach dá dtabharfá faoi scrúdú na hArdteistiméireachta faoi ghnáthchúinsí.

Úsáidfidh do mhúinteoir taifid ar d’fheidhmíocht agus do dhul chun cinn chun do mharc measta céatadáin a dheimhniú, mar shampla: obair ranga agus obair bhaile, measúnuithe ranga agus d’obair chúrsa i rith shraith 2 bhliain na hArdteistiméireachta.

Céim 2: Déanfaidh múinteoirí i do scoil ailíniú sa scoil

Déanfaidh múinteoirí ábhair i do scoil athbhreithniú ansin ar mharcanna measta céatadáin scoláirí sa scoil sin. Tabharfaidh do mhúinteoir na marcanna measta céatadáin chun críche i ndiaidh an phróisis ailínithe seo.

Mura bhfuil ach múinteoir amháin sa scoil don ábhar sin, déanfar an t-athbhreithniú leis an leas-phríomhoide nó le muinteoir eile don abhar céanna i do scoil nach bhfuil rang Ardteistiméireachta 2021 aige. Caithfidh do phríomhoide aontú leis an socrú.

Céim 3: Déanfaidh príomhoide na scoile maoirseacht ar mharcanna

Déanfaidh príomhoide na scoile athbhreithniú ar na sonraí faoi mharcanna agus cinnteoidh siad go raibh an próiseas cothrom.

Céim 4: Caighdeánú náisiúnta

Seolfaidh príomhoide do scoile na marcanna measta ar aghaidh go ndéanfar caighdeánú náisiúnta orthu faoin 3 Meitheamh 2021.

I ndiaidh an phróisis chaighdeánaithe, déanfar na marcanna a iompú ina ngráid chreidiúnaithe de chuid CSS.

Is féidir leat treoir maidir le scrúduithe Stáit agus gráid chreidiúnaithe do scoláirí Ardteistiméireachta 2021 (pdf) agus treoir maidir le scrúduithe stáit agus gráid chreidiúnaithe do scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí 2021 (pdf) a léamh chun teacht ar eolas níos mionsonraithe.

Conas iarratas a dhéanamh arArdteistiméireacht 2021

Lena roghnú tabhairt faoi scrúdú scríofa nó grád creidiúnaithe na hArdteistiméireachta, bhí ort clárú ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra faoin 30 Aibreán 2021.

Is féidir leat teacht ar níos mó eolais in Ardteistiméireacht 2021 - Freagraí ar do Chuid Ceisteanna

Iarrthóirí Seachtracha

Chun grád creidiúnaithe a fháil mar iarrthóir seachtrach agus mar mhac léinn atá ag déanamh staidéir ar ábhair go hiomlán lasmuigh den scoil, bhí ort Foirm Faisnéise Tosaigh (pdf) a chur isteach chuig do scoil nó scoil óstach faoin 15 Aibreán 2021.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi Ardteistiméireacht 2021 agus foghlaimeoirí lasmuigh den scoil.

Conas do thorthaí a achomharc

Scrúdú scríofa

Mura bhfuil tú sásta leis na marcanna a bhronntar ort in ábhar amháin nó níos mó don scrúdú scríofa Ardteistiméireachta a rinne tú, is féidir leat na torthaí siúd a achomharc le Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS).

Seolfar do script chuig scrúdaitheoir achomhairc go ndéanfar athmharcáil air. Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi thoradh scrúdú scríofa Ardteistiméireachta 2021 a achomharc anseo.

Grád creidiúnaithe CSS

Má dhéanann tú grád creidiúnaithe a achomharc, ní sheiceálfar le linn an achomhairc ach gur aistríodh sonraí do scoile i gceart chuig CSS agus go ndearna CSS próiseáil cheart orthu. Mura bhfuil tú sásta go fóill ag deireadh an phróisis seo, is féidir leat iarraidh go ndéanfaidh scrúdanóirí neamhspleácha achomhairc próisis CSS a dheimhniú.

Faoi chóras na ngrád creidiúnaithe, ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an marc measta céatadáin a chuireann an múinteoir ar fáil.

Is féidir le scoláirí a cheapann nach ndearnadh a gcás a phróiseáil i gceart i ndiaidh an phróisis achomhairc, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó, i gcás scoláirí faoi 18 mbliana d’aois, leis an tOmbudsman do Leanaí.

Eolas breise

Is féidir teacht ar níos mó eolais sa Treoir maidir le Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe d’ Ardteistiméireacht 2021. Is féidir leat Príomhdhátaí agus eolas d’Ardteistiméireacht 2021 a léamh (pdf).

D’fhoilsigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh leabhrán freisin darb ainm Faisnéis d'fhágóirí scoile (pdf) a chuimsíonn go leor de na ceisteanna praiticiúla faoi oideachas agus fostaíocht a d’fhéadfadh a bheith agat.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Lúnasa 2021