An Ardteistiméireacht Bhunaithe

Réamhrá

Roghnaíonn an chuid is mó de scoláirí na hArdteistiméireachta an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Is clár 2 bhliain é an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Tá réimse leathan ábhar ar fáil ann.

Déantar staidéar ar na hábhair go hiondúil ag gnáthleibhéal nó ardleibhéal. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhá ábhar (Matamaitic agus Gaeilge) ag bunleibhéal. Tá an bunleibhéal bunaithe ar riachtanais scoláirí a mbeadh deacracht acu leis an gnáthleibhéal nó ardleibhéal sna hábhair sin.

Ardteistiméireacht, 2024

Ardteistiméireacht, 2023

Bhí scrúdú scríofa na hArdteistiméireachta 2023 ar siúl ó 7 Meitheamh 2023 go 27 Meitheamh 2023.

Eisíodh torthaí na hArdteistiméireachta 2023 ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra (CSSP) Dé hAoine, 25 Lúnasa 2023.

Ábhair na hArdteistiméireachta

Foilsíonn an Roinn Oideachais eolas ar an siollabas agus ar an gcuraclam. Soláthraíonn an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta liosta d’ábhair na hArdteistiméireachta.

Córas marcála le haghaidh grád scrúduithe

Tá 8 ngrád ag an scála nua, an grád is airde ná Grád 1, agus an grád is ísle ná Grád 8.

Tháinig an scála grádaithe 8 bpointe in ionad an scála 14 phointe ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal in 2017.

Roinntear marcanna idir 100% go 30% i seacht rann gráid (1-7). Tá gach rann 10% leathan.

Ciallaíonn an scéim nua go bhfuil an Scála Pointí Comónta a úsáideann an CAO chun iontráil ar institiúidí tríú leibhéil a mheas, athbhreithnithe. Is féidir a thuilleadh a léamh ar transition.ie.

Scála grádaithe nua don Ardteist ó 2017
Gráid nua* % Marcanna
A1/B1 90 - 100
A2/B2 80 < 90
A3/B3 70 < 80
A4/B4 60 < 70
A5/B5 50 < 60
A6/B6 40 < 50
A7/B7 30 <40
A8/B8 0 < 30

*Réimír A d'Ardleibhéal agus O do Bhunleibhéal.

Córas marcála (2015/16)
Raon céatadáin Grád
90% nó os a chionn A1
85% ach faoi bhun 90% A2
80% ach faoi bhun 85% B1
75% ach faoi bhun 80% B2
70% ach faoi bhun 75% B3
65% ach faoi bhun 70% C1
60% ach faoi bhun 65% C2
55% ach faoi bhun 60% C3
50% ach faoi bhun 55% D1
45% ach faoi bhun 50% D2
40% ach faoi bhun 45% D3
25% ach faoi bhun 40% E
10% ach faoi bhun 25% F
Faoi bhun 10% Grád ar bith

Rátaí

Ní bheidh aon táille ar scrúdú na hArdteistiméireachta in 2024.

Cóip de do thorthaí Ardteistiméireachta afháil

B’fhéidir go n-iarrfaidh roinnt fostóirí ar nós institiúidí breisoideachais agus eagraíochtaí gairmiúla fianaise gur éirigh leat sna scrúduithe stáit. Féadfar an fhianaise sin a iarraidh ort nuair a chuireann tú isteach ar phost, nó nuair a chuireann tú isteach ar bhreisoideachas. Tá sé áisiúil i gcónaí cóip de do thorthaí a bheith agat, chomh maith leis an Teastas féin, agus is féidir leis a bheith an-áisiúil má tá tú ag smaoineamh ar dhul i mbun cónaithe nó ag taisteal thar lear.

Is féidir le Coimisiún na Scrúduithe Stáit ráiteas deimhnithe de do thorthaí a sholáthar duit.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil: (090) 644 2700
Facs: (090) 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Nollaig 2023