Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile > Tacaíocht Oideachais > Acmhainní do dhaltaí nach cainteoirí Béarla iad

Print Page Send to a Friend

Acmhainní do dhaltaí nach cainteoirí Béarla iad

Eolas

Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna acmhainní breise oideachais do dhaltaí atá ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Is múinteoirí breise nó cúnamh airgeadais iad na hacmhainní do scoileanna le daltaí a bhfuil tacaíocht Béarla mar theanga bhreise (BTB) ag teastáil uathu.

Múinteoirí breise

Idir na blianta 2007 go 2009 bhí scoileanna le breis agus 14 scoláire BTB i dteideal múinteoirí sealadacha breise ar scála aistritheach: múinteoir amháin le haghaidh 14+ scoláire, suas go seisear múinteoir i scoil le 121 scoláire nó a thuilleadh. I mBuiséad 2009 cuireadh an uasteorainn ghinearálta a bhí ann roimh 2007 i bhfeidhm arís - sin beirt mhúinteoir tacaíochta breise do gach scoil. Cuireadh bearta faoisimh ar fáil freisin do scoileanna in bhfuil líon mór scoláirí BTB acu.

Leibhéil tacaíochta EAL

Leagadh amach sonraí na n-acmhainní maidir le tacaíocht teanga Béarla sa chiorclán 0015/2009 ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

An chéad 2 bhliain

Tá na hacmhainní lánaimseartha seo a leanas ar fáil chun tacaíocht EAL a chur ar fáil do dhaltaí:

Líon daltaí a dteastaíonn tacaíocht EAL uathu Líon múinteoirí
14-30 1
31-90 2

Bearta faoisimh do scoileanna le líon ard daltaí EAL

Is féidir suas le 2 mhúinteoir breise EAL a leithdháileadh mar a leanas:

Líon daltaí a dteastaíonn tacaíocht EAL uathu Líon múinteoirí
91-120* 3
121 nó níos mó* 4

*Déantar daltaí don 3ú múinteoir EAL agus gach múinteoir ina dhiaidh sin a chomhaireamh ar an mbunús seo a leanas:

  • Bunús duine-ar-dhuine sa chás go bhfuil níos lú ná bliain amháin tacaíochta EAL faighte ag an dalta
  • Bunús beirt-ar-dhuine do dhaltaí a bhfuil 1-2 bhliain tacaíochta EAL faighte acu

Múinteoirí breise a fháil trí achomharc

Is féidir leis na scoileanna seo a leanas achomharc a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a leithdháileadh múinteoirí EAL:

  • Bunscoileanna ina bhfuil tacaíocht EAL ag teastáil ó ar a laghad 25% dá gcuid daltaí
  • Iarbhunscoileanna nó scoileanna CGO ina bhfuil tacaíocht EAL ag teastáil ó líon suntasach daltaí

Tacaíocht EAL tar éis tréimhse 2 bhliain

Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar bhliain bhreise de thacaíocht EAL ach ní mór measúnú a dhéanamh ar gach dalta a dteastaíonn tacaíocht EAL uathu ar dtús - féach ‘Measúnú ar inniúlacht teanga’ thíos.

Scoileanna le níos lú ná 14 dhalta a bhfuil tacaíocht BTB ag teastáil uathu

Tá bunscoileanna le idir 3 and 13 dhalta nach cainteoirí Béarla iad i dteideal deontais. Tabharfaidh an deontas deis dóibh múinteoir páirtaimseartha a fhostú le Béarla a mhúineadh do na daltaí atá i gceist. Tá iarbhunscoileanna le idir 3 and 13 dhalta nach cainteoirí Béarla iad i dteideal uaireanta múinteoireachta breise a fháil. I gcás scoile ina bhfuil 3 nó níos lú daltaí nach cainteoirí Béarla iad, beifear ag súil leis go ndéanfaidh an scoil freastal ar riachtanais na ndaltaí sin ag baint úsáid as acmhainní na scoile féin.

Measúnacht inniúlachta teanga

Tá tástálacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun inniúlachta teanga Béarla dáltaí bunscoile agus iarbhunscoile a mheasúnú de réir na 4 leibhéal seo a leanas:

  • Leibhéal 0: Gan aon inniúlacht sa Bhéarla
  • Leibhéal A1: Tuiscint ar fhocail agus ar ráitis bhunúsacha agus ábalta iad a úsáid i gcomhthéacs sóisialta agus scoile
  • Leibhéal A2: Ábalta Béarla simplí a thuiscint, a léamh agus a scríobh agus ábalta Béarla a labhairt sách maith chun eolas a roinnt
  • Leibhéal B1: Ábalta cumarsáid sách maith a dhéanamh i mBéarla chun a bheith ábalta páirt a ghlacadh sa rang príomhshrutha

Tuilleadh eolais

D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta na treoirlínte seo leanas: Intercultural Education in the Primary School (pdf) and Intercultural Education in the Post-Primary School (pdf).

Tá gníomhaireachtaí maidir leis an Teastas Sóisearach ar an suíomh gréasáin English Language Support Programme.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.