Rialacha inimirce do mhic léinn lánaimseartha neamh-LEE

Staidéar in Éirinn

Ní mór do náisiúnaigh neamh-LEE a thagann chun staidéar a dhéanamh in Éirinn a bheith cláraithe ar chúrsa lánaimseatha incháilithe. Tá liosta ceisteanna coitianta do mhic léinn neamh-LEE ar fáil ar shuíomh Gréasáin Seachadadh Seirbhíse Inimirce (SSI).

Ní mór do mhic léinn ar as tír dóibh a bhfuil víosa de dhíth uirthi chun teacht isteach in Éirinn, iarratas a dhéanamh ar víosa mic léinn. Caithfidh fianaise a bheith san iarratas ar víosa go bhfuil rochtain acu ar €10,000 nuair a thagann siad go hÉirinn.

Ní mór do gach mac léinn neamh-LEE, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil víosa de dhíth orthu, clárú lena n-oifigeach inimirce áitiúil chun cead a fháil fanacht in Éirinn ar feadh níos mó ná 90 lá. Ní mór do mhic léinn a bhfuil sé i gceist acu staidéar a dhéanamh ar feadh suas le 6 mhí rochtain a bheith acu ar €700 sa mhí nó ar €4,200 (cibé acu is lú) nuair a chláraíonn siad lena n-oifigeach inimirce áitiúil den chéad uair.

Cúrsa lánaimseartha a aimsiú

Ní mór do náisiúnaigh neamh-LEE a thagann chun staidéar a dhéanamh in Éirinn a bheith cláraithe ar chúsa lánaimseartha i gceann de na catagóirí seo a leanas. Níl cead acu teacht go hÉirinn chun cúrsa páirtaimseartha nó cianfhoghlama a dhéanamh.

Cláir ardoideachais

Is féidir le náisiúnaigh neamh-LEE clárú ar chúrsa incháilithe ag leibhéal 6 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC). Tá cúrsaí incháilithe liostaithe ar Liosta Eatramhach na gClár Incháilithe (ILEP). Is é an t-uastréimhse ama is féidir leo staidéar a dhéanamh in Éirinn ag an leibhéal seo ná 7 mbliana. Tá eisceachtaí ann maidir leis an teorainn seo do mhic léin atá ag déanamh Ph.D nó cúsa ar nós míochaine agus do mhic léinn i gcúinsí speisialta mar bhreoiteacht.

Caithfidh caighdeán áirithe Béarla a bheith ag daltaí. Caithfidh siad a chruthú freisin go bhfuil siad ag dul chun cinn sa chúrsa, ar shampla, pas a fháil i scrúduithe. Tá tilleadh faisnéise ar shuíomh Gréasáin an SSI ar na riachtanais, lena n-áirítear rialacha inimirce do mhic léinn ar chláir ardoideachais, agus an riachtanas árachas leighis a bheith acu.

Scéim Iarchéime Tríú Leibhéal: Nuair a bhainfidh siad céim amach, féadfaidh mic léinn síneadh ama a fháil ar a gcead fanacht in Éirinn faoin Scéim larchéime Tríú Leibhéal. Ligeann an scéim dóibh fostaíocht a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar Chead Fostaíóchta Ginearálta nó ar Chead Fostaíochta Scileanna Criticiúla.

Féadfaidh céimithe a bhfuil cáilíocht leibhéal 8 acu síneadh 12 mhí a fháil ar a gcead cónaithe suas go dtí 7 mbliana ar a mhéid de chead mac léinn san iomlán (is é sin, an t-am iomlán a chaitear ar Stampaí 2 agus 1G). Féadfaidh céimithe le cáilíochtaí ag leibhéal 9 nó níos airde síneadh 24 mhí (2 bhloc 12 mhí) a fháil ar a gcead suas go dtí 8 mbliana ar a mhéid de chead mac léinn san iomlán.

Cláir i mbéarla

Tá cúsaí Béarla incháilithe liostaithe ar Liosta Eatramhach na gClár Incháilithe (ILEP). Níl cláir bhreisoideachais agus cláir ghairmoideachais agus oiliúna atá creidiúnaithe thar lear liostaithe mar chúrsaí incháilithe a thuilleadh agus tá deireadh tagtha leis an gClár Idirnáisiúnaithe.

Tá an cead inimirce chun freastal ar chúrsa Béarla 25 seachtaine ar feadh 8 mí. Féadfar cead a thabhairt do mhic léinn nua atá ag freastal ar chúrsaí teanga le haghaidh 3 chúrsa teanga ar a mhéad. Is ionann é seo agus cead inimirce iomlán de 2 bhliain (3 x 8 mí).

D'fhoisigh SSI ceisteanna coitianta do mhic léinn.

Athnuachan ar víosa/cead mac léinn

Féadfaidh tú do chead a athnuachan leis an oifigeach inimirce áitiúil don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, is féidir leat do chead mac léinn a athnuachan ar líne. Ciallaíonn sé seo nach gá duit coinne a chur in áirithe chun freastal go pearsanta ar an oifig inimirce. Seolfar do Cheada Chónaithe Éireannaigh chugat sa phost.

Má dhiúltaítear do chlárú agus má chreideann tú go bhfuil cúinsí eisceachtúla agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar do chead mic léinn tríd an bpost amháin.

Coinníollacha eile

Cúrsa a athrú

Ní fhéadfaidh mic léinn cúrsa a athrú le linn na chéad bhliana staidéir. Ina dhiadh sin féadfar cead a thabhairt dóibh athrú go cúrsa eile, ar choinníoll go bhfuil sé ag an leibhéal céanna nó ag leibhéal níos airde. Ní fhéadfaidh siad athrú ó chúrsa lánaimseatha go cúrsa páirtaimseartha.

Obair

Tá cead ag mic léinn neamh-LEE a bhfuil cead fanachta Stampa 2 acu dul i mbun fostaíochta ócáideach. Is féidir leo suas le 20 uair sa tseachtain a oibriú le linn téarma agus suas le 40 uair sa tseachtain le linn na laethanta saoire. Tá na tréimhsí saoirse caighdeánaithe-Meitheamh go Meán Fómhair san áireamh agus ó 15 Nollaig go 15 Eanáir.

Ní cheadaítear do dhaltaí a bhfuil cead stampa 2A acu oibriú.

Leas sóisialach

Níl mic léinn neamh-LEE i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ceann de na coinníollacha a bhaineann lena gcead cónaithe ná go bhfuil a ndóthain airgid acu le tacú leo féin agus cónaí in Éirinn gan sochair Stáit a éileamh.

Athaontú teaghlaigh

Mar riail ghinearálta níl aon cheart ag mic léinn neamh-LEE a thagann go hÉirinn a dteaghlach a thabhairt leo. Is féidir le ceilí, páirtithe agus leanaí náisiúnach neamh-LEE iarratas a dhéanamh ar iontráil agus cónaí in Éirinn ina gceart féin, ach ní féidir leo iarratas a dhéanamh ar bhonn a ngaol le mac léinn neamh-LEE. Tá roinnt eisceachtaí ann don riail seo, mar shampla, do mhic léinn Ph.D. nó do mhic léinn ar féidir leo a chruthú go bhfuil dóthain airgid acu chun tacú lena dteaghlach.

Cúrsaí teanga gearrfhanachta agus seimeastar

Tá socruithe speisialta ann do mhic léinn neamh-LEE a thagann go hÉirinn chun gearrchúrsa a dhéanamh. Caithfidh an cúrsa a bheith níos lú ná 90 lá.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Samhain 2023