Cláir Luathfhágála Scoile

Eolas

Déanann an sainmhíniú dlíthiúil ar luathfhágáil scoile tagairt do neamh-rannpháirtíocht sa scoil sula sroichtear 16 bliana d'aois nó sula gcomhlánaítear 3 bliana d'oideachas iarbhunscoile - cibé acu is déanaí. Sainmhíniú níos sonraí do luathfhágálaithe scoile ná daoine a fhágann an córas oideachais gan íosmhéid de 5 phas acu san Ardteistiméireacht nó cáilíocht atá ar comhchéim. Tá míbhuntáiste sa mhargadh saothair ag daoine óga a fhágann oideachas gan cháilíochtaí aitheanta agus tá siad i mbaol níos mó maidir le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta.

Tá roinnt scéimeanna curtha i bhfeidhm do dhaoine a bhfuil an scoil fágtha acu cheana féin, agus gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid oideachais agus oiliúna. Is saoráidí oideachais neamhfhoirmiúla iad seo a dhíríonn ar dheiseanna oideachais agus oiliúna ardchaighdeáin, ábhartha agus éifeachtach a sholáthar lasmuigh den suíomh oideachais phríomhshrutha.

Clár críochnaithe scoile

Tá sé mar aidhm ag an gChláir Chríochnaithe Scolaíochta (SCP) an líon daoine óga a mhéadú atá ag fanacht i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal. Cruthaíonn sé cuid de straitéis cuimsithe shóisialta na Roinne Oideachais, Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) chun cabhrú le leanaí atá i mbaol nó atá faoi bhuntáiste oideachais. Déanann coiste bainistíochta áitiúil gach tionscadal a bhainistiú agus cuireann siad clár saincheaptha idirghabhála le linn am scoile, i ndiaidh am scoile agus le linn am saoire ar fáil do leanaí agus d’ógánaigh sprioctha atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath.

An Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas

Soláthraíonn an Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas deiseanna d'oideachas athdheise d'fhoghlaimeoirí aosacha agus do dhaoine a d'fhág an scoil go luath ar mian leo a gcuid scileanna a nuashonrú. Tógann an tionscnamh seo ar scéimeanna reatha cosúil le Ógtheagmháil agus an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) - féach thíos. Áirítear na nithe a leanas ann chomh maith: scéimeanna litearthachta d'aosaigh, oideachas pobail agus cúrsaí iar-Ardteistiméireachta (PLC).

Clár Ógtheagmhála

Is clár é Ógtheagmháil atá reáchtáilte i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Tá sé beartaithe chun cabhrú le daoine óga filleadh ar fhoghlaim agus ullmhú don saol fostaíochta agus aosach. Soláthraíonn sé deiseanna dóibh chomh maith le cáilíochtaí deimhnithe a fháil. Tá an clár dírithe ar luathfhágálaithe scoile atá dífhostaithe idir 15 agus 20 bliana d'aois. Déantar seachadadh ar an gclár Ógtheagmhála trí ionaid Ógtheagmhála agus Ionaid Oiliúna Pobail.

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

Is réimse speisialta cúrsaí é an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) atá deartha chun freastal ar riachtanais oideachais daoine dífhostaithe atá luaithfhágálaithe scoile. Díríonn an scéim ar rogha roghanna a thabhairt dóibh idir oideachas agus oiliúint bhunúsach go ardoiliúint agus ardullmhúchán gairme. Díríonn sé ar dhaoine os cionn 21 a bhí ag fáil íocaíochtaí dífhostaíochta nó ag síniú do chreidmheasanna ar feadh 6 mhí ar a laghad. Déantar seachadadh ar an gclár trí choistí gairmoideachais (VEC) in ionaid mórthimpeall na hÉireann - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Clár ceardlainne na Roinne Dlí agus Cirt

Déanann an Roinn Dlí agus Cirt socrúchán fostaíochta a reáchtáil, seirbhísí oideachais agus oiliúna do chiontóirí inar féidir leo oiliúint a fháil chun scileanna a fhorbairt maidir le cúrsaí oibre. Bíonn creidiúnú nó teastasú ag baint le mórán deiseanna oiliúna atá ar fáil, a dhéanann an cúrsa riachtanach a chomhlánú go caighdeán faofa.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá aoisteorainneacha ag baint le formhór de na cláir luathfhágála scoile agus tá siad dírithe ar dhaoine óga a bhféadfadh cabhair a bheith de dhíth orthu lena gcuid féidearthachtaí fostaíochta sa todhchaí a fheabhsú. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi riachtanais iontrála, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na cláir aonair - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Sonraí cheardlann na Roinne Dlí agus Cirt ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ógtheagmháil: Déan teagmháil le ionad Ógtheagmhála nó Ionad Oilúna Pobail na háite.

Déan teagmháil le do BOO áitiúil chun eolas a fháil faoi litearthacht d'aosaigh, cláir oideachais d'aosaigh agus SDOG.

Le haghaidh eolais faoi cheadlanna na Roinne Dlí agus Cirt déan teagmháil leis an tSeirbhís Phromhaidh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Nollaig 2020