Seirbhís Múinteora ar Cuairt

Cad is Seirbhís na MúinteoiríCuairte ann?

Cuireann múinteoirí atá oilte ar leith Seirbhís na Múinteoirí Cuairte (SMC) ar fáil do pháistí atá bodhar nó ar lagéisteacht nó atá dall nó ar lagamharc agus dá gcuid tuismitheoirí nó dá gcuid caomhnóirí. Tabharfaidh an múinteoir cuairt ar an bpáiste sa bhaile.

Is féidir le tacaíocht an SMC tosú go luath i ndiaidh bhreith an linbh agus leanúint ar aghaidh trí oideachas na bunscoile agus na hiar-bhunscoile más cuí.

Más gá, is féidir leis an SMC seirbhís teagaisc a chur ar fáil don pre-school child sa bhaile.

Tá tuilleadh eolais faoi Sheirbhís na Múinteoirí Cuairte ar fáil ar shuíomh Ghréasáin na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS).

Tá Seirbhís na Múinteoirí Cuairte ar fáil saor in aisce.

Múinteoirí cuairte do pháistídalla agus ar lagamharc

Oibríonn na múinteoirí cuairte le páistí dalla agus ar lagamharc agus tugann siad treoir agus tacaíocht dá gcuid tuismitheoirí.

Is féidir leis an múinteoir cuairte measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí lagú an amhairc agus na riachtanais a mbaineann le gach páiste a mhíniú sa lá inniu ann agus amach anseo.

Ina theannta sin, cuireann siad eolas agus comhairle ar fáil maidir leis an oideachas a phleanáil don leanbh agus don duine óg a bhfuil lagú amhairc air. Cuireann na múinteoirí cuairte comhairle ar scoileanna (lena n-áirítear réamhscoileanna) faoi mhodhanna an teagaisc oiriúnacha, faoi straitéisí bainistíochta sa rang agus faoin timpeallacht a oiriúnu chun tacú le daltaí ar lagamhairc i scoileanna an phríomhshrutha.

Déanann siad measúnuithe agus tugann siad comhairle ar threalamh a úsáideann daoine ar lagamhairc go minic chomh maith le comhairle ar acmhainní pearsanra breise, más gá.

Múinteoirí cuairte do pháistíbodhra

Oibríonn na múinteoirí cuairte le páistí bodhra agus ar lagéisteacht agus tugann siad treoir agus tacaíocht dá gcuid tuismitheoirí.

Ba chóir iarratais ar theagasc baile i dteanga chomharthaíochta a dhéanamh leis an múinteoir cuairte.

Déanann na múinteoirí cuairte monatóireacht freisin ar fhorbairt teanga agus scileanna cumarsáide an pháiste agus tugann siad eolas agus comhairle dá thuismitheoirí ar shocrúcháin na réamhscoile agus na scoile.

Oibríonn an múinteoir cuairte leis an bpríomhoide agus le baill foirne eile chun na tacaíochtaí oiriúnacha a phleanáil agus a chur i bhfeidhm don pháiste ar scoil. Is féidir leo teagasc a chur ar fáil le béim faoi leith aige ar fhorbairt na teanga agus ar mhonatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn oideachas do pháiste.

Teicneolaíocht chúnta agus ansoghluaisteacht

Is féidir le múinteoirí cuairte páistí a atreorú le haghaidh measúnú ar áiseanna lagamhairc agus na páistí a oiliúint ansin ina n-úsáid. Cabhraíonn siad leis na páistí scileanna tadhlacha agus na scileanna céadfacha eile a fhorbairt agus tugann siad comhairle ar na scileanna féinchabhracha agus ar na scileanna eile a theastaíonn uathu le haghaidh maireachtáil go neamhspleách.

Cuireann siad tacaíocht ar fáil i bhforbairt na scileanna réamh-Braille nuair is gá agus tugann siad treoir éigin sa soghluaisteacht nuair is cuí. Is féidir leis na múinteoirí an páiste a atreorú freisin le haghaidh tuilleadh teagaisc na soghluaisteachta más gá.

Déanann na múinteoirí cuairte meastóireacht ar an timpeallacht fhuaimiúil don pháiste bodhar nó ar lagéisteacht agus cabhraíonn siad leo trealamh na héisteolaíochta a bhainistiú.

Seirbhís saor in aisce doMhúinteoirí Cuairte

Ta an tseirbhís ar fáil saor in aisce.

Ní bhaineann aon táille le Seirbhís na Múinteoirí Cuairte. Tá sé ar fáil do gach páiste a bhfuil cónaí air in Éirinn agus a bhfuil an tseirbhís ag teastáil uaidh.

Conas cuairt a fháil ó Sheirbhísna Múinteoirí Cuairte?

Sula ndéantar measúnú ar an bpáiste le haghaidh Sheirbhís na Múinteoirí Cuairte, ní mór duit an fhoirm atreoraithe a chríochnú le haghaidh Sheirbhís na Múinteoirí Cuartaíochta (pdf).

Ní mór duit tuairisc éisteolaíochta nó oftailmeolaíochta reatha a chur ar fáil in éineacht leis an bhfoirm.

Ba cheart duit an t-iarratas atreoraithe a sheoladh go díreach chuig an Múinteoir Cuairte áitiúil.

Is féidir leo siúd a leanas iarratas a dhéanamh ar an SMC:

  • Tuismitheoirí/caomhnóirí
  • Scoileanna
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Clinicí súl
  • Comhairle Náisiúnta Dall na hÉireann
  • DeafHear
  • Aonad an Ionphlandú Cochla, Ospidéal Beaumont

Ba chóir d'aon ghairmí sláinte ar mian leis páiste a atreorú a gcuid imní a phlé go hiomlán le tuismitheoirí nó le caomhnóirí an pháiste ar dtús.

Déanfaidh an SMC measúnú ar do pháiste lena a fáil amach an bhfuil an tseirbhís oiriúnach do do pháiste.

Níl aon leanbh ró-óg le cuairt a fháil ó Sheirbhís na Múinteoirí Cuairte

Glacann Seirbhís na Múinteoirí Cuairte freisin le hatreoruithe maidir le leanaí a bhfuil lagú an amhairc nó na héisteachta mar chuid den riocht seachas mór-riocht an mhíchumasaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Meitheamh 2022