Europass

Réamhrá

Is ardán ar líne é Europass a chabhróidh leat do scileanna agus do cháilíochtaí a thuiscint go soiléir ag fostóirí agus oideoirí i dtiortha eile an AE.

Tugann sé le chéile roinnt doiciméad a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó fhoghlaimeoirí agus ó oibrithe.

I measc na ndoiciméad tá:

  • CV Europass
  • Doiciméad Soghluaisteachta
  • Forlíonadh Teastais
  • Forlíonadh Dioplóma

Tá na cáipéisí seo cabhrach nuair a bhogann tú idir tíortha AE chun obair nó staidéar a dhéanamh. Féadann sé níos éasca d’fhostóirí do cháilíochtaí ó Stát AE eile a thuiscint trí Europass a úsáid.

Ardán Europass

Is éard atá i bpróifíl Europass ná taifead de do chuid scileanna agus cáilíochtaí. Féadfaidh tú do chuid oibre, oideachais, oiliúna, scileanna teanga agus éachtaí a thaifeadadh. Féadfaidh tú an fhaisnéis i do phróifíl Europass a úsáid chun CVanna a chruthú do phoist nó do chúrsaí a d’fhéadfá a bheith ag déanamh iarratais orthu.

Féadfaidh tú do phróifíl a chomhlánú ar líne trí ardán Europass a úsáid.

Ligeann ardán Europass duit do Ríomhphunann a chruthú agus dintiúir atá sínithe go digiteach a choinneáil.

Rátaí

Ní ghearrtar aon táille ar dhoiciméid Europass agus tá an t-iarratas saor in aisce.

Níl aon mhaoiniú ar fáil faoin gclár seo freisin i dtreo chostais oiliúna thar lear. Tá maoiniú AE ar fáil do chláir soghluaisteachta trí Erasmus +.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian le duine nó le heagraíocht fáil amach faoi Europass nó leas a bhaint as ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an Lárionad Náisiúnta Europass ar dtús. Is é Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE) atá ainmnithe mar Lárionad Europass Náisiúnta na hÉireann.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

National Europass Centre

Quality and Qualifications Ireland (QQI)

26-27 Denzille Lane

Dublin 2

Ireland

Tel: (01) 905 8100

Homepage: http://www.europass.ie/

Page edited: 29 April 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Aibreán 2021