Anseo atá tú: Baile > Bás agus Méala > Eastáit duine éagtha > Céard a tharlaíonn do mhaoin an mhairbh

Print Page Send to a Friend

Céard a tharlaíonn do mhaoin an mhairbh

Eolas

Nuair a chailltear duine, aistríonn a m(h)aoin chuig a (h)ionadaí pearsanta. Tá dualgas ansin ar an ionadaí pearsanta airgead agus maoin an mhairbh a roinnt de réir an dlí, na huachta - má tá ceann ann - nó na dlithe a bhaineann le bás gan tiomna muna bhfuil aon uacht ann.

Rialacha

Tugtar tiomnóir ar an duine a bhfuil uacht déanta aige/aici. Má chailltear duine gan uacht a bheith déanta, deirtear gur bás gan tiomna a bhí ann. Má tharlaíonn seo déantar airgead agus maoin an duine a dháileadh de réir na rialacha atá leagtha síos san Acht Comharbachta, 1965.

Tá teorainneacha leis na rudaí gur féidir leat a dhéanamh in uacht. Go ginearálta, ní féidir do chéile a fhágáil gan tada, agus má dhéanann tú sin, is féidir le do chéile a sciar dleathúil a éileamh. Níl aon dualgas ort aon sócmhainní a fhágáil ag do chuid páistí ach muna ndéanann is féidir leo sin freisin éileamh a dhéanamh nach bhfuil do chuid dualgais ina leith comhlíonta. Taobh amuigh de sin is féidir leat d'eastát (do chuid sócmhainní uilig, do chuid airgid, áitribh & rl) a dháileadh ar pé bealach is mian leat féin.

An tIonadaí Pearsanta:

  • seo seiceadóir nó seiceadóirí - duine nó daoine atá ceapaithe ag an marbh ina (h)uacht nó
  • riarthóir(í)- go hiondúil an gaol is giorra nó dlíodóir. Ceaptar riarthóir nuair nach bhfuil aon uacht ann, nó sa chás nach bhfuil aon seiceadóir ainmnithe san uacht nó má tá an seiceadóir básaithe roimh ré nó muna bhfuil sé/sí in ann nó ag iarraidh feidhmiú mar sheiceadóir.

Tá dualgas ar an ionadaí pearsanta an t-eastát a roinnt de réir na huachta agus / nó an dlí.

Airgead sa bhanc

Má bhíonn an t-airgead sa bhanc nó an polasaí árachais in ainm an duine éagtha amháin, ní féidir ach le baill den teaghlach rochtain a fháil orthu go dtí go bhfaightear probháid. Nuair a bhíonn suim bheag airgid i gceist, is féidir leis an mbanc an t-airgead seo a scaoileadh má shíníonn na hionadaithe pearsanta nó an gaol is giorra foirm slánaíochta – is urrú é seo nach mbeidh an banc thíos le haon chaillteanas má dhéantar éileamh eile ar an airgead.

Má tá an cuntas bainc i gcomhúinéireacht an duine éagtha agus chéile/pháirtnéir sibhialta an duine éagtha, is féidir an t-airgead a aistriú, de ghnáth chuig ainm an mharthanóra. Beidh an deimhniú báis ag teastáil uait chun é seo a dhéanamh. Más ann do chuntas ina bhfuil breis agus €50,000, teastóidh litir cheada uait, freisin, ó na Coimisinéirí Ioncaim a cheadóidh aistriú an airgid chuig ainm an chéile marthanaí. Níl céilí faoi dhliteanas Cáin Fáltas Caipitiúil a íoc ar oidhreachtaí óna chéile. (Nuair a rithfear an reachtaíocht riachtanach, bainfidh seo le páirtnéirí sibhialta freisin.) Ba cheart duit iarratas a dhéanamh leis an Oifig Cánach Caipitiúla de na Coimisinéirí Ioncaim chun litir cheada a fháil.

Má tá an cuntas bainc i gcomhúinéireacht an duine éagtha agus duine eile, agus tugadh na treoracha don bhanc nuair a osclaíodh an cuntas, go mbeadh an duine eile leis an airgead a fháil ar bás an duine éagtha, is féidir an t-airgead a aistriú chuig ainm an mharthanóra. Beidh an deimhniú báis ag teastáil uait chun é seo a dhéanamh. Más ann do chuntas ina bhfuil breis agus €50,000, teastóidh litir cheada uait ó na Coimisinéirí Ioncaim a cheadóidh aistriú an airgid chuig ainm an chéile mharthanaigh ar feitheamh imscrúduithe ar dhliteanas le Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) a íoc. Nuair nár tugadh aon treoir don bhanc, beidh gá lena dheimhniú céard a bhí beartaithe déanamh leis an airgead ar bás an duine éagtha.

Cuntais Chomhar Creidmheasa

Má bhí cuntas chomhar creidmheasa ag an éagach agus má líonadh Foirm Ainmniúcháin bailí ar oscailt an chuntais, agus í ag ainmniú duine mar neasghaol, gabhann fáltais an chuntais suas go €23,000 chuig an duine nó chuig na daoine atá ainmnithe ar an fhoirm. Níl siad mar chuid d’eastáit an éagaigh.

Is é iarmheid an chuntais atá mar chuid d’estáit an éagaigh agus tá sé dáilte de réir dlí chomharbais.

Pinsin Ceirde agus Phearsanta

Bíonn rialacha difriúla ag baint le pinsin ceirde agus phearsanta ag brath ar na socruithe difriúla pinsin atá déanta. Más ball de scéim pinsin a bhí sa mharbh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le riarthóirí na scéime le fáil amach an raibh pinsean ann don chéile agus/nó do na páistí. D'fhéadfadh sé go mbeadh socruithe pinsin ag daoine a bhí féin-fhostaithe a threoraíonn gur cuid d'eastát an mhairbh iad cuid de na hinfheistíochtaí.

D'fheadfadh sé go mbeadh teacht ag daoine atá colscartha ar chuid den scéim pinsin ag brath ar an raibh ordú ceartú pinsin déanta ag am an cholscartha.

An Sciar Dleathúil

Má tá uacht ann agus muna bhfuil a c(h)uid cearta tréigthe ag an gcéile agus muna bhfuil sé/sí "neamhfhiúntach le hoidhreacht" ansin tá sé de cheart ag an gcéile sciar ar a dtugtar an "sciar dleathúil" d'eastát an mhairbh a fháil.

  • Muna bhfuil aon pháistí ann tá an céile i dteideal leath den eastát;
  • Má tá páistí ann, tá an céile i dteideal aon thrian den eastát. Ní gá go bhfuil na páistí i dteideal an chuid eile.

Má bhíonn uacht déanta ag do chéile agus nach bhfuil do sciar dleathúil fágtha duit is féidir leat éileamh a dhéanamh ar an sciar dleathúil sin. Ní gá dul chuig an gcúirt; tá dualgas ar an seiceadóir nó riarthóir an sciar dleathúil a chur ar fáil duit.

An té lena bhfuil tú pósta go dleathúil é/í do chéile. Níl aon chearta dleathúla ag daoine nach bhfuil pósta lena chéile d'eastát a bpáirtithe. Níl aon stádas dleathúil ag pósadh a bheith curtha ar neamhní ag an Eaglais agus mar sin ní athraíonn sé stádas an chéile. Má "athphósann" páirtí amháin de phósadh a chuir an Eaglais ar neamhní ní pósadh dleathúil atá sa dara "phósadh" agus níl aon chearta ag na páirtithe ar mhaoin a chéile. Is féidir le páirtithe ar ndóigh, tiomnachtaí a fhágáil ag a chéile in uachtanna, ach ní féidir leis na huachtanna seo an sciar dleathúil atá ag dul chuig an gcéile a chur ar neamhní.

Teach an Teaghlaigh

Má tá teach an teaghlaigh faoi úinéireacht na beirte céilí/páirtnéirí sibhialta mar chomhthionóntaí, faigheann an céile/páirtnéir sibhialta marthanach leas an chéile/an pháirtnéara shibhialta le hoidhreacht go huathoibríoch. I gcás lanúin chomhchónaithe, ina bhfuil teach an teaghlaigh á choimeád mar chomhthionóntaí, faigheann an páirtnéir marthanach leas an pháirtnéara éagtha le hoidhreacht go huathoibríoch ach d’fhéadfaidís bheith faoi dliteanas íoc as cáin oidhreachta, mura gcáilítear an páirtnéir marthanach do dhíolúine chánach um theach cónaithe. Sa chás go bhfaigheann an bheirt bás ag an tráth céanna agus nach féidir a rá cé a fuair bás ar dtús, roinntear an réadmhaoin a bhí acu mar chomhthionóntaí go cothrom d'fhonn cuid dá n-eastát féin a chruthú.

D’fhéadfadh an céile/páirtnéir sibhialta marthanach a iarraidh go dtugtar teach an teaghlaigh dó/di i gcomhlíonadh an sciar dlíthiúil nó an sciar ar díthiomnacht. Más fiú breis agus an sciar dlíthiúil teach an teaghlaigh, is gnách go mbeadh ar an gcéile/bpáirtnéir sibhialta an difríocht a íoc le heastát an duine éagtha. Is féidir leis an gcéile/bpáirtnéir sibhialta marthanach iarratas a dhéanamh, áfach, leis an gcúirt go dtabharfaí dó/di an teach cónaithe gan an difríocht a íoc nó gan an tsuim sin a íoc a shíleann an chúirt gur réasúnach a íoc. Is féidir leis an gcúirt ordú den saghas sin a dhéanamh má shíleann siad go gcruthófaí cruatan ar shlí eile don chéile/pháirtnéir sibhialta marthanach nó do leanbh cleithiúnaigh.

Do chearta a thréigeadh nó a chailliúint in uacht

Tá cúinsí difriúla ann inar thréigeann céile a c(h)uid cearta faoin Acht Comharbachta. Amanna déantar é seo roimh pósadh nó d'fhéadfadh sé go dtréigfeadh céile a c(h)earta ar son páiste nó páistí. Má tá an lanúin scartha is iondúil go dtréigeann siad a gcuid cearta i dtaobh eastáit a chéile in aontú scartha. Ní gá go mbeadh cearta oidhreachta tréigthe i gcónaí i gcás scartha. Ach i gcás colscartha tagann deireadh le cearta oidhreachta; tá cumhacht ag an gcúirt, ar ndóigh, caillteanas na gcearta seo a chur san áireamh nuair atá socrú airgeadais idir na céilí dhá dhéanamh.

D'fhéadfadh duine a bheith "neamhfhiúntach le hoidhreacht", go fíorannnamh a tharlaíonn seo, ach, mar shampla, sa chás gur dhúnmharaigh an céile beo an té atá marbh nó go bhfuil an céile beo ciontach as coireanna tromchúiseacha eile i gcoinne an mhairbh. D'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh freisin dá mbeadh do chéile tréigthe agat le dhá bhliain roimh a b(h)ás.

Cearta na bPáistí in Uacht

Níl aon chearta deimhneacha ag páistí oidhreacht a fháil óna dtuismitheoirí mar atá ag céilí má tá uacht déanta ag an tuismitheoir. Ach, má cheapann páiste nach bhfuil soláthar cuí deanta dó/dí is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt. Ní gá gur duine faoi 18 nó cleithiúnach a bheadh i gceist leis an iarratas seo a dhéanamh. Ní mór don chúirt cinneadh a dhéanamh ar theip ar an tuismitheoir ina d(h)ualgas morálta soláthar cuí a chur ar fáil don pháiste bunaithe ar a (h)acmhainní. Déantar cinneadh ar chuile chás ann féin agus breathnaíonn an chúirt ar an gcás ó taobh thuismitheora "stuama agus cóir". Ba cheart d'aon duine atá ag smaoineamh ar chás den chinéal seo a thógáil comhairle dlí a fháil roimh iarratas a chur ós comhair na cúirte.

Tá na cearta céanna ag páistí a raibh/bhfuil agus nach raibh/bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile.

Bás gan Tiomna

Má fhaigheann duine bás gan aon uacht a bheith déanta aige/aici nó má tá an uacht neamhbhailí ar chúis ar bith deirtear gur bás gan tiomna a bhí ann. Má tá uacht bhailí ann ach go bhfuil cuid de neamhbhailí ansin deileáiltear leis an gcuid sin ar nós gur bás gan tiomna a bhí ann. Seo a leanas na rialacha a bhaineann le maoin a roinnt i gcás bás gan tiomna:

Má tá na daoine seo a leanas beo tá tús áite ag

  • céile ach gan aon pháistí a bheith ann - faigheann an céile an t-iomlán
  • céile agus páistí - dhá thrian ag an gcéile, agus aon trian ag na páistí roinnte eatarthu go cothrom

má tá páiste básaithe cheana is é/í/iad a c(h)uid páiste/páistí a fhaigheann a sciar

  • páistí, muna bhfuil aon chéile beo - roinntear go cothrom idir na páistí an t-eastát (mar thuas)
  • tuismitheoirí, muna bhfuil aon chéile nó páistí ann - roinnte go cothrom eatarthu nó an t-iomlán chuig tuismitheoir amháin má tá an duine eile básaithe.
  • deartháireacha agus deirfiúracha amháin roinnte go cothrom eatarthu, faigheann páiste/páistí dearthár nó deirféar atá básaithe cheana sciar a (d)t(h)uismitheora
  • neachtanna agus nianna amháin - roinnte go cothrom eatarthu siúd atá beo
  • gaolta eile - roinnte go cothrom idir na gaolta is giorra
  • gan aon ghaolta - an Stát
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Uacht a dhéanamh
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na céimeanna praiticiúla a bhaineann le huacht a dhéanamh.
  • Páirtnéireacht shibhialta agus oidhreachtúlacht
    Cuireann sé síos ar na saincheisteanna i ndáil le hoidhreachtúlacht i bpáirtnéireachtaí sibhialta.
  • Ábhair airgid i ndiaidh an bháis
    Nuair a fhaigheann do chéile nó garghaol bás, bíonn a lán le déanamh agat agus bíonn ort a lán cinntí a dhéanamh agus tú faoi mhórstrus. Achoimre ar shaincheisteanna, m.sh. teidlíochtaí leasa shóisialaigh, cáin agus ábhair airgid eile gur gá dul i gceann orthu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.