Scrúduithe Iarbháis in Éirinn

Cad is scrúdú iarbháis ann?

Scrúdú leighis é scrúdú iarbháis (ar a dtugtar uatóipse, chomh maith) a dhéantar ar chorp marbh leis an gcúis dhíreach a bhí leis an mbás a dheimhniú. Tugann paiteolaí faoi (dochtúir a dhéanann speisialtóireacht i gcineál agus cúiseanna galair) é seo a dhéanamh.

Cathain a bhíonn scrúdú iarbháis riachtanach?

Is féidir le cróinéir nó dochtúir scrúdú iarbháis a iarraidh. Iarrfaidh cróinéir (sealbhóir oifige breithiúnaí neamhspleách a dhéanann imscrúdú ar bhásanna nach raibh coinne leo) go ndéanfar scrúdú iarbháis i gcás bás foréigneach, tobann nó mínádúrtha nó mar chuid d’imscrúdú coiriúil, agus is féidir leis torthaí an scrúdaithe a úsáid ag ionchoisne. Is féidir le dochtúir a iarraidh go ndéantar scrúdú iarbháis chun níos mó eolais a fháil faoi ghalar nó ar mhaithe le taighde leighis.

Cad a tharlaíonn i scrúdú iarbháis?

Osclaíonn an paiteolaí an corp agus scrúdaíonn sé na horgáin. Glacann siad samplaí nó baineann siad orgáin chun go ndéanfar scrúdú mionsonraithe orthu chun cúis an bháis a dheimhniú. I bhformhór na gcásanna, cuireann siad na horgáin ar ais, ach b’fhéidir gur gá dóibh iad a choimeád, ó thráth go chéile, ar feadh tréimhse níos faide chun níos mó tástálacha a dhéanamh orthu (mar shampla, nuair a bhíonn drugaí nó nimh i gceist).

Caitear leis an gcorp leis an meas is airde agus ní dhéantar é a chur ó dhealramh ar bhealach ar bith.

Mar neasghaol, an iarrfar orm cead a thabhairt?

  • Má d’ordaigh cróinéir an scrúdú iarbháis, ní gá dóibh cead a iarraidh ón teaghlach ná ón neasghaol, mar gheall ago bhfuil dualgas dlíthiúil orthu saghsanna áirithe báis a imscrúdú.
  • Más mian le dochtúir scrúdú iarbháis a dhéanamh, is gnách go n-iarrfaidh siad ort cead a thabhairt é a dhéanamh. Pléifidh siad an nós imeachta leat agus iarrfaidh siad ort do thoiliú a thabhairt chun orgáin ar leith a bhaint. Iarrfaidh siad ort, chomh maith leis sin, arbh fhearr leat go ndéanfar na horgáin a dhiúscairt ina dhiaidh sin.

An gcuirfidh an scrúdú iarbháis moill ar an tsochraid?

Ní gnách go gcuirfidh. Is gnách go dtiteann scrúdú iarbháis amach laistigh de chúpla lá i ndiaidh an bháis. I ndiaidh an scrúdaithe, eiseofar páipéir scaoilte agus is féidir leat socruithe a dhéanamh don tsochraid.

I gcásanna áirithe, áfach, b’fhéidir go mbeidh ort fanacht ar feadh cúpla seachtain le torthaí an scrúdaithe iarbháis a fheiceáil.

Cathain is féidir liom an bás a chlárú i ndiaidh scrúdú iarbháis?

Caithfidh tú fanacht chun an bás a chlárú go dtí go bhfuair oifig an chróinéara torthaí an scrúdaithe iarbháis. A luaithe a bhíonn na torthaí ar fáil, is féidir leat deimhniú báis a fháil agus an bás a chlárú le cláraitheoir breitheanna, póstaí agus básanna. Is féidir níos mó a léamh faoi dheimhnithe báis anseo.

Fad a bhíonn tú ag feitheamh le tuairisc an scrúdaithe iarbháis, is féidir leis an gcróinéir Deimhniú Eatramhach ar Fhíric an Bháis a thabhairt duit. B’fhéidir go mbeidh tú in ann úsáid a bhaint as seo in ionad deimhniú báis caighdeánach mar fhianaise inghlactha do bhainc, comhlachtaí árachais agus institiúidí eile, ach ba cheart duit seiceáil le gach institiúid go sásaíonn sé a riachtanais.

An féidir leanúint le deonú orgán i ndiaidh scrúdú iarbháis?

Más deontóir orgáin cláraithe duine éigin, ach más gá a mbás a thabhairt le fios do chróinéir, caithfidh an cróinéir agus an neasghaol cead a thabhairt sular féidir orgáin a dheonú. Déanfaidh an cróinéir cinneadh ar an gceist i ndiaidh dul i gcomhairle leis na Gardaí agus le dochtúirí. Nuair a thugann an cróinéir cead do dheonú, bainfidh scóip theoranta leis an scrúdú iarbháis.

Go ginearálta, comhaontóidh an cróinéir le hiarrataí do dheonú orgán, nuair is féidir, mar gheall go ndéanann deontóirí orgáin saol na mílte duine gach bliain a shábháil. Is féidir níos mó a léamh faoi dheonú coirp agus orgáin in Éirinn anseo.

Cleachtas an scrúdaithe iarbháis agus orgáin a choinneáil

I mBealtaine 2005, choimisiúnaigh an Roinn Sláinte tuarascáil ar chleachtas agus nósanna imeachta scrúdaithe iarbháis. Caitheadh súil i dTuarascáil Madden (2006) ar chleachtas scrúdaithe iarbháis in Éirinn (orgáin a choinneáil ina measc) maidir le leanaí a rugadh beo orthu agus a fuair bás sular bhain siad 12 bhliain d’aois amach idir an bhliain 1970 agus 2000. Is féidir Tuarascáil Madden ar Chleachtas agus Nósanna imeachta Scrúdaithe Iarbháis agus a moltaí a léamh anseo (pdf).

Rinneadh breis agus 50 moladh sa Tuarascáil, agus chuir an tAire Sláinte plean gníomhaíochta le chéile in Eanáir 2006 chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Bhunaigh an tAire grúpa oibre, chomh maith, chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna nach gcumhdaítear faoi théarmaí tagartha Thuarascáil Madden. Áiríodh leo seo cleachtas scrúdaithe iarbháis maidir le naíonáin in Éirinn a fuair bás sular rugadh orthu nó fad a bhíothas ag breith orthu, mionaoisigh níos sine ná 12 bhliain d’aois, agus daoine fásta. Foilseofar breis faisnéise maidir le dul chun cinn ar an bPlean Gníomhaíochta agus an Grúpa Oibre nuair a bhíonn sé ar fáil.

Teacht ar bhreis faisnéise

Cuireann Seirbhís an Chróinéara níos mó sonraí ar fáil, chomh maith le liosta de chróinéirí timpeall na tíre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Nollaig 2021