Sochraidí

Réamhrá

Is gnách go ndéanann neasteaghlach an mhairbh na socruithe le haghaidh sochraide. D’fhéadfadh gur fhág an duine marbh orduithe sonracha faoi sheirbhís na sochraide agus an áit a bhfuiltear le hé/hí a chur nó a chréamadh. Bíonn meas ag an tromlach ar mhianta an duine nach maireann nuair is féidir.

Má thagann aon díospóid aníos faoi cé atá i dteideal socruithe a dhéanamh, tá ionadaithe pearsanta an duine mhairbh i dteideal na cinntí a dhéanamh. Is iad ionadaithe pearsanta an duine mhairbh seiceadóirí na huachta (má tá uacht ann), nó na daoine atá ag riaradh an eastáit mura bhfuil aon uacht ann.

Is féidir le hadhlacóir nó stiúrthóir sochraide déileáil le mórchuid na ngnéithe den tsochraid.

Sochraidí le linn COVID-19

Bhí sé difriúil déileáil le bás duine muinteartha le linn COVID -19. Tá tionchar ag an bpaindéim ar go leor traidisiún reiligiúnach, cultúrtha agus teaghlaigh - cibé acu an bhfuair an duine bás ó COVID-19 nó nach bhfuair.

Céimeanna praiticiúla agus an tsochraid á socrú

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an stiúrthóir sochraide is rogha leat a luaithe is féidir. D'eisigh FSS treoir do gach stiúrthóir sochraide (pdf) chun a chinntiú go láimhseáiltear do dhuine muinteartha go sábháilte agus go cúramach.

Daoine a chur ar an eolas faoi bhás do dhuine muinteartha. Is féidir le do stiúrthóir sochraide fógra a chur ar rip.ie, agus b’fhéidir gur mhaith leat é a chur in iúl do do nuachtán nó do stáisiún raidió áitiúil.

Is féidir leat léamh faoi threoir an Rialtais i dTreoir na Roinne Sláinte do Dhaoine faoi Mhéala.

Má bhí COVID-19 ag an duine marbh

Ba chóir don stiúrthóir sochraide, nuair is féidir, ligean don chónra fanacht ar oscailt. Tá a gcinneadh bunaithe ar an mbaol ionfhabhtaithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun ionfhabhtú a sheachaint níor chóir duit an duine marbh a phógadh.

Ba cheart duit teagmháil dhíreach leis an stiúrthóir sochraide a sheachaint má bhí tú i ndlúth-theagmháil leis an duine marbh. Ina áit sin, déan iarracht na sonraí sochraide a shocrú ar an bhfón nó trí ríomhphost. Má fhaigheann tú é seo ró-dheacair, is féidir leat iarraidh ar bhall teaghlaigh a bheith mar urlabhraí agat.

Más mian leis an teaghlach faoi mhéala an duine marbh a ní agus a ghléasadh iad féin toisc go bhfuil sé seo mar chuid de do chreideamh nó do chustaim, is féidir leis an stiúrthóir sochraide comhairle a chur ort maidir le conas é seo a dhéanamh go sábháilte.

Tá tuilleadh eolais ag Foras Ospíse na hÉireann maidir le ‘Planning a funeral when your relative has died from COVID-19'.

Lá na sochraide

Is féidir le hionad sochraide oibriú ag lánacmhainneacht. D’fhéadfadh bearta cosanta a bheith i bhfeidhm, amhail masc a caitheamh agus aeráil.

Ba cheart d’aon duine a bhfuil siomptóim COVID-19 air/uirthi fanacht sa bhaile, amach ón tsochraid (fiú más dlúthghaol teaghlaigh iad).

Stiúrthóirí sochraide

Is iad Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann comhlachas trádála thionscal an adhlacóra. Ní mór do bhaill a Chód Cleachtais a chomhlíonadh, lena n-áirítear:

  • Táillí an stiúrthóra sochraide a phlé agus a chomhaontú leis an neasghaol roimh ré (mura n-iarrtar go sonrach gan seo a dhéanamh)
  • Sonraí iomlána ar chostais agus íocaíocht a sholáthar
  • Gairmiúlacht agus cáilíocht na seirbhíse maidir leis an tsochraid a eagrú agus tabhairt fúithi
  • Fógraíocht chruinn faoi phraghsanna agus seirbhísí a sholáthar
  • Íogaireacht, rúndacht agus a bheith tiomanta chun gach cinneadh a fhágáil faoin gcustaiméir lena dhéanamh

Bíonn difríocht fhairsing idir socruithe sochraide faoi leith agus braitheann siad, i measc rudaí eile, ar cá bhfuil an tsochraid ar siúl, cén cinéal cónra atá i gceist agus an mbeidh gluaisteáin sochraide ar cíos agat nó nach mbeidh.

D'fhéadfaí a áireamh le post an stiúrthóra sochraide an méid a leanas:

  • A bhfuil ag teastáil ón teaghlach agus ón duine marbh a phlé agus a chinntiú go dtugtar aird ar na sonraí go léir
  • An cónra, an cóiste marbh agus iompar an teaghlaigh a chur ar fáil
  • Socrú agus íocaíocht cheannach na huaighe, táillí oscailt na huaighe/créamtha, ofrálacha eaglaise, fógraí nuachtáin, bláthanna, ceol ag an searmanas agus lónadóireacht a chur ar fáil.

Corp a Bhalsamú

Próiseas speisialaithe is ea balsamú a bhaineann le sreabhán coirp a athsholáthair le substaint atá deartha chun an corp a chosc ó mheathlú. Ní gá é a dhéanamh, go háirithe má théann an corp chuig an seipéal agus má bhíonn an sochraid ann go luath tar éis báis.

Adhlacadh agus créamadh

Adhlacadh

Táreiligí in Éirinn á rialú agus á gcothabháil ag údaráis áitiúla. De ghnáth ceapann an t-údarás áitiúil cláraitheoir nó feighlí do gach reilig chun díolachán áiteanna uaighe sa láithreán sin a bhainistiú agus i gcásanna áirithe chun an reilig a chothabháil.

Tá difríochtaí móra idir praghasanna uaigheanna agus sochraidí in Éirinn, agus mar sin más féidir is fiú praghasanna a fhiosrú in áiteanna eagsúla.

Adhlacadh ag baile

Is féidir duine muinteartha amháin a adhlacadh lasmuigh de reilig oifigiúil, mar shampla, ar thalamh teaghlaigh. Ach, tá sé thar a bheith deacair é seo a dhéanamh. Tá sé an-chríonna é seo ar fad a shocrú i bhfad roimh an mbás, ní gá go mbeidh sé indéanta na socruithe dleathúla a chur i gcrích taobh istigh de achar gairid. Tiocfaidh Cigire Sláinte Timpeallachta ó rannóg sláinte an údaráis áitiúil le cinntiú nach mbeidh an áit adhlacaidh ag cur isteach ar fhoinsí uisce nó bealaí draenála agus go bhfuil doimhneacht de ocht dtroigh ann.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh sonraí.

Créamadh

Tá créamadh mar mhalairt ar adhlacadh nuair a fhaigheann duine bás. Is féidir corp an mhairbh a chréamadh agus an luaith a chur in uaigh an teaghlaigh, na háiseanna ag an gcréamatóir a úsáid, nó iad a chur de láimh go príobháideach.

Costais sochraide

Bíonn an-difríocht idir costais sochraide ag brath ar céard go díreach a bhíonn ag teastáil uait agus ag brath ar sa chathair nó faoin tuath atá an tsochraid (go ginearálta cosnaíonn sochraid faoin tuath níos lú).

Má theastaíonn tacaíocht airgeadais uait, d’fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht ar Riachtanas Eisceachtúil a fháil. Is íocaíocht aonair í seo chun cabhrú le costais eisceachtúla riachtanacha aonuaire (nach bhféadfá a chlúdach go réasúnta le d'ioncam seachtainiúil). Déantar tástáil mhaoine ar an íocaíocht seo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ort faisnéis a thabhairt faoin méid ioncaim atá agat, lena n-áirítear polasaithe coigiltis agus árachais a d'fhéadfadh a bheith ag an mball marbh den teaghlach chun costais sochraide a chlúdach.

Conas iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanas Eisceachtúil

Go hidéalach, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar chúnamh sochraide sula mbíonn an tsochraid ar siúl. Murar féidir é sin a dhéanamh, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Teastóidh uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) uait duit féin, do do chéile, do do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus do do leanaí.

Beidh fianaise uait freisin ar aon ioncam nó cúnamh leasa shóisialaigh atá á fháil agat (ar nós ráiteas bainc).

Nuair a bheidh do shonraí réidh agat, is féidir leat an fhoirm iarratais (pdf) a chomhlánú agus teagmháil a dhéanamh le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) ag d'oifig áitiúil.

Tuilleadh eolais

Méala: Treoir Phraiticiúil - foilseachán do dhaoine a bhí thíos le méala le déanaí. Cuireann sé eolas agus comhairle ar fáil ar ábhair phraiticiúla a thagann chun solais i ndiaidh báis. Cuimsítear ann faisnéis ar an méid atá le déanamh díreach i ndiaidh báis, teidlíochtaí féideartha leasa shóisialaigh, cáin, saincheisteanna cánach, airgeadais agus dlíthiúla a d’fhéadfadh eascairt agus cá féidir leat dul chun faisnéis agus tacaíocht bhreise a fháil.

Tá Cairt um Chúram Custaiméirí ag Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann lena n-áirítear nós imeachta gearán. Baineann an nós imeachta le himscrúdú a dhéanamh ar ghearáin, iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach agus freagra iomlán a sholáthar i scríbhinn laistigh de 30 lá.

Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann

Teach Mesbil
Aonad Gnó Mespil
Bóthar Sussex
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: 0818 935 000
Láithreán Gréasáin: http://www.iafd.ie/

Cumann Balsamóir Gairmiúla na hÉireann

7 Sráid Emmet
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Teil: (096) 75290
Láithreán Gréasáin: http://www.professionalembalmers.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Márta 2022