Oifig na mBreithneoirI Costas Dlíthiú

Eolas

Tugann Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil measúnú neamhspleách agus neamhchlaonta de na costais dhlíthiúla a bhíonn ar dhuine nó ar chomhlacht i mbun dlíthíochta ("breithniú costas")san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc nó sa Chúirt Uachtarach. Ciallaíonn sé seo go measúnaíonn sí an méid féaráilte agus réasúnta a chaithfidh aon pháirtí amháin a íoc don taobh eile. Faoi láthair tá beirt Bhreithneoirí Costas Dlíthiúil in Éirinn (Príomh-Bhreithneoir Costas Dlí agus Breithneoir Costas Dlí) agus tá an bheirt acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath. (Féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’).

Tugadh Oifig an Mháistir Fómhais ar an oifig seo roimhe seo. Tugadh “cánachas ar chostais” ar an bpróiseas agus rinne Máistrí Fómhais é. D'fhéadfadh an téarma “cánachas ar chostais” mearbhall a chur ar dhaoine toisc nach raibh aon bhaint aige le cánachas sa ghnáthchiall nó leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Go hiondúil, déantar costais a bhreithiú ag deireadh/críochnú cáis, agus ní tharlaíonn sé seo i gcónaí. Uaireanta, déanfaidh cúirt dámhachtain de chostais i dtaobh iarratas áirithe roimh chríochnú deireanach an cháis. Ní mór don pháirtí atá ag éileamh na gcostas (an gearánaí nó cosantóir rathúil de ghnáth) a thaispeáint go raibh na costais a éilíonn siad cuí, cóir agus réasúnach, nuair a chuirtear na cúinsí san áireamh. Tá dhá phríomhchineál costais ann:

  • Costais Pháirtí agus Pháirtí
  • Costais Aturnae agus Chliaint

Costais Pháirtí agus Pháirtí

Go bunúsach is iad seo na costais, na muirir agus na costais go léir atá riachtanach agus oiriúnach chun críocha an cháis. Tá sé tábhachtach cuimhniú go bhfuil seans ann nach mbeidh na costais go léir ceadmhach agus má tá tú ag éileamh na gcostas seo, caithfidh tú a chruthú cén fáth a gearradh iad agus cén fáth ar cheart iad a cheadú. Tá sé dearbhaithe ag na cúirteanna go gcaithfidh túagus do chás á phlé agat cuimhniú go bhfuil seans ann go mbeidh ar do chéile comhraic íoc as do chuid costas (nó seans go mbeidh ort íoc as a gcostas siúd) mar sin tá sé tairbheach na costais a bheith i d’intinn agat.

Costais Aturnae agus Chliaint

Is iad seo na costais a tabhaíodh le réasún, ach b'fhéidir nach raibh siad fíor-riachtanach, agus níl siad in-aisghabhála faoi Chostais Pháirtí agus Pháirtí. Ní féidir táillí iomarcacha a aisghabháil. Ní mór do chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh Costais Aturnae agus Cliant. Seachas sin, breithneofar costais ar bhonn Páirtí agus Páirtí.

Táillí do chliaint

Leagann an tAcht um Rialáil Seirbhísí Dlí 2015 (Cuid 10) amach conas a ghearrann aturnaetha agus abhcóidí airgead ar a gcliaint. Faoin reachtaíocht seo, ba cheart dod’ dhlíodóir meastachán mionsonraithe a thabhairt duit ar na costais a mheastar a thabhófar i gcás sula dtabhaítear iad. Sa chás go bhfuil abhcóide fostaithe, ní mór dó nó di meastachán mionsonraithe den chineál céanna a sholáthar don aturnae, a chuirtear ar aghaidh ansin é chuig an gcliant. Nó, más féidir, is féidir leis an gcliant agus na dlíodóirí aontú ar an méid nó ar na suimeanna a bheidh le híoc

Ag deireadh an cháis, ba chóir don aturnae ráiteas mionsonraithe a thabhairt duit ar na costais dlí go léir a bhaineann le do chás. Tugtar Bille na gCostas air seo agus caithfidh an méid seo a leanas a bheith ann:

  • Achoimre ar na seirbhísí dlí a tugadh duit
  • Sonraí na muirir go léir a tabhaíodh agus cineál na muirear seo
  • An méid CBL a ghearrtar
  • An méid ama a chaitear ar ábhar, má ríomhtar costais bunaithe ar am
  • Toradh airgeadais an cháis, .i. aon damáistí nó airgead eile a aisghabhadh nó is iníoctha leis an gcliant
  • An bhfuil aon chostais íoctha le nó iníoctha le páirtí eile?
  • Ní mór míniú i scríbhinn a bheith curtha le Bille na gCostas maidir le conas is féidir le cliant dúshlán a thabhairt d'aon ghné den Bhille Costais.

Rialacha

Seachas a chinneadh an bhfuil na costais a ghearrtar cóir agus réasúnach agus, mar thoradh air sin, iníoctha, níl aon chumhachtaí rialála nó imscrúdaithe ag Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíthiúla maidir le gearáin faoi mhuirir iomarcacha ag dlíodóirí. Ba chóir gearáin faoi mhuirir iomarcacha a atreorú chuig an Údarás Rialála Seirbhísí Dlí agus déileálfar le torthaí na dtáillí iomarcacha mar cheist mhí-iompar gairmiúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Sula ndéantar breithniú ar aon ghné de bhille costas, ní mór do dhuine iarracht a dhéanamh an Bille Costais a chomhaontú ar dtús.

Más maith leat go mbeadh do chostais faoi reir breithnithe, ba cheart duit treoir a thabhairt do d’aturnae foirm speisialta a chur chugat (darbh ainm Foirm Foréilimh Chánachais), ionas go mbeidh breithnithe i gceist leis an mBille Costas. Nuair a fhaigheann tú an fhoirm seo, síníonn tú agus athsheolann tú é chuig d’aturnae a leagfaidh síos é le haghaidh breithnithe. Cuirfidh d’aturnae ar an eolas thú faoi dháta an chánachais agus ba cheart duit freastal ar an éisteacht. Tá sé tábhachtach cuimhniú go bhfuil an rogha agat ionadaíocht dhlíthiúil a choinneáil le haghaidh na héisteachta breithnithe.

Má dhíultaíonn d’aturnae an scéal a leagan síos le haghaidh breithnithe,, is féidir leat an scéal a leagan síos thú féin ach an Fhoirm Foréilimh Chánachais a chríochnú agus a thaisceadh, ag taisceadh Toghairm do Chánachas/ Fógra do Chánachas (i bhfoirm thrífhillte) agus ag taisceadh Bille Costas le hOifig na mBreithnóirí Costas Dlíthiúil. (Is féidir leat an Fhoirm Fhoréilimh Cánachais agus an fhoirm Thoghairme a cheannach ó aon stáiseanóir dlíthiúil.

Cuirfidh Oifig na mBreithnóirí Costas ar an eolas thú nuair ba cheart duit i láthair na héisteachta.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Tá tuilleadh eolais faoi bhreithniú costas ar fáil ó láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Déan iarratas le hOifig na mBreithneoirí Costais Dlí ag

None

Urlár a hAon
Teach na gCeannaithe
27-30 Cé na gCeannaithe
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6301
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Eanáir 2020