Créamadh

Réamhrá

Is rogha eile ar adhlacadh é creimeadh nuair a fhaigheann duine bás. Ceadaíonn gach sainchreideamh Críostaí agus formhór na reiligiún eile ar fud an domhain créamadh. Ní cheadaítear é i roinnt reiligiúin eile (e.g. Giúdachas Ceartchreidmheach agus Ioslam).

Tá roinnt créamatóiriamaí in Éirinn (féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos). Níl na háiseanna créamtha seo ann d’úsáid na ndaoine a chónaíonn go háitiúil amháin. Is féidir le duine ar bith créamadh a shocrú in aon cheann de na créamatóiriamaí seo.

Créamadh a shocrú

Más mian leat créamadh a shocrú ba chóir teagmháil a dhéanamh le hadhlacóir a chinnteoidh go gcomhlíonfar na ceanglais reachtúla (nó dlíthiúla). Is féidir tuilleadh a léamh faoi seo i ‘Rialacha agus Rialacháin’ thíos.

Cineálacha Seirbhísí

Tá trí chineál seirbhíse ar fáil i gcréamatóiriam:

Seirbhís Adhlactha

Is seirbhís í seo do dhaoine ar mian leo sochraid a bheith acu ina n-eaglais nó a n-ionad adhartha féin. Tar éis na seirbhíse eaglaise, tugtar an chónra go dtí an créamatóiriam agus bíonn seirbhís ghairid adhlactha ann, amhail mar a tharlódh ag adhlacadh i reilig.

Seirbhís Sochraide Iomlán

Is féidir an tseirbhís iomlán a bheith agat sa chréamatóiriam freisin. Go ginearálta, bíonn a séipéal féin ar an láthair ag créamatóiriamaí, agus uaireanta bíonn rogha séipéil acu de mhéideanna éagsúla. Is féidir seirbhís reiligiúnach nó neamhreiligiúnach a roghnú.

Sochraid Neamhsheirbhíse

Is féidir rogha a dhéanamh freisin gan seirbhís ar bith a bheith ann agus dul ar aghaidh go díreach chuig an gcréamadh.

Tar éis na seirbhíse

Tar éis na seirbhíse, tógtar an chónra chuig foirgneamh an chréamatóiriam. Déantar an corp a chréamadh laistigh den chónra. Caithfidh an chónra a bheith déanta as ábhair is féidir a dhó go sábháilte. Ní gá píosaí seodra a bhaint mura dteastaíonn, ach ní bheifear in ann iad a fháil ar ais i ndiaidh an chréamtha.

Ní chréamtar ach cónra amháin ag an am céanna. Deartar an coimeádán chun cónra amháin a choinneáil ag aon am amháin. Is é an t-aon eisceacht ó seo ná má iarrann teaghlach go ndéanfaí máthair agus leanbh an-óg a chréamadh le chéile. Beidh luaithreach na cónra chomh maith le luaithreach na marbh sa luaithreach a gheofar.

Luaithreach na marbh

Ó thús deireadh, maireann créamadh thart ar 5-6 huaire an chloig. Bíonn an luaithreach ar fáil go ginearálta laistigh de lá nó dhó. Is féidir socruithe a dhéanamh tríd an adhlacóir nó tríd an gcréamatóiriam na hiarsmaí a adhlacadh i ngairdín cuimhneacháin an chréamatóiriam nó a chur i mballa colmlainne. Is struchtúr é balla colmlainne ina bhfuil cuasáin bheaga agus is féidir síothla a choinneáil iontu.

Mar mhalairt air sin, is féidir an luaithreach a thógáil abhaile i síothal a fhaightear ón adhlacóir nó ón gcréamatóiriam. Is féidir na hiarsmaí a adhlacadh ansin in uaigh an teaghlaigh nó iad a scaipeadh áit éigin. Mura bhfuil an luaithreach le scaipeadh ar thalamh príobháideach, is ceart cead a fháil ón údarás cuí. Is féidir an luaithreach a scaipeadh ar muir. Tá sé de cheart ag an Aire Iompair rialacháin a dhéanamh maidir le taisí daonna a adhlacadh ar muir, ach níl sé sin déanta ag an bpointe seo. Tá treoirlínte deonacha ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo é seo a dhéanamh.

Rialacha agus rialacháin

Sular féidir leis an gcréamadh dul ar aghaidh, ní mór don dochtúir a d’fhreastail ar an duine nach maireann an uair dheireanach foirm a chomhlánú. Tá sé de cheangal ar an dochtúir freastail cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an ceart bás an duine a chur in iúl don chróinéir.

Ní mór do mholtóir leighis arna cheapadh ag an gcréamatóiriam an fhoirm seo a athbhreithniú agus a dheimhniú go bhfuil siad sásta leis na pointí seo a leanas:

  • D'fhéach an dochtúir freastail ar chorp an duine roimh an mbás agus ina dhiaidh.
  • Táthar tar éis cúis an bháis a shainaithint
  • Ní gá an cás a tharchur chuig an gcróinéir
  • Níl cúis ar bith ann nár chóir an corp a chréamadh

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann créamadh láithreach a shocrú má tá cúis an bháis doiléir. I gcás mar seo, féadfaidh cróinéir Deimhniú Créamtha Cróinéara a chomhlánú a ligeann don chréamadh dul ar aghaidh. I gcásanna áirithe, tá sé de chumhacht ag Ceannfort de chuid an Gharda Síochána stop a chur le créamadh.

Níl aon reachtaíocht shonrach ann faoi láthair a bhaineann le créamadh in Éirinn. In éagmais reachtaíochta ar leith, tá a gcóid eitice féin forbartha agus á leanúint ag go leor créamatóiriamaí. Tá cód eitice forbartha ag Créamatóiriam Chnocán Iaróm, Reilig Ghlas Naíon agus Créamatóiriam an Oileáin le cúnamh ón Institiúid Bainistíochta Reilige & Créamatóiriam (ICCM), eagraíocht atá lonnaithe sa RA. Tá go leor Créamatóiriamaí eile freisin, ar nós Chréamatóiriam Shionainne, tiomanta don chód seo a leanúint.

Is féidir féachaint ar shuíomh gréasáin créamatóiriam féachaint an bhfuil an cód eitice a leanann siad le feiceáil ann, nó seol ríomhphost chucu chun tuilleadh eolais a lorg. Go ginearálta, bíonn a gcód cleachtais ar taispeáint ag créamatóiriamaí ionas gur féidir é a fheiceáil nuair a thugtar cuairt air.

Costais

Is é an difríocht is suntasaí ó thaobh costais de idir adhlacadh agus créamadh ná cibé an gcaithfear uaigh nua a cheannach don adhlacadh. Is gnách go mbíonn táillí an adhlacóra mar a chéile sa dá chás.

Créamadh uisce

Is rogha eile é créamadh uisce atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomparáid le créamadh lasair. Sa phróiseas seo, déantar aithris ar an bpróiseas nádúrtha a dtéann an corp tríd le linn adhlactha, nuair a bhristear cealla an choirp síos in uisce ach tarlaíonn sé thar thréimhse ama atá i bhfad níos giorra.

Tá créamadh uisce ar fáil in Éirinn anois. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo, ba cheart é a phlé le hadhlacóir.

Tuilleadh eolais

Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann

Teach Mesbil
Aonad Gnó Mespil
Bóthar Sussex
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: 0818 935 000
Láithreán Gréasáin: http://www.iafd.ie/

Créamatóiriam Ghlas Naíon

Reilig Ghlas Naíon

Bóthar Fhionnghlaise
Glas Naíon
Dublin 11
Ireland

Teil: 01 882 6500

Créamatóiriam an Oileáin

An Oileán Carraigeach
Rinn an Scidígh
Cork
Ireland

Teil: (021) 486 4000
Láithreán Gréasáin: http://www.islandcrematorium.ie/

Créamatóiriam Chrois na Tailte Nua

Bóthar Bhaile an Mhóta
Cluain Dolcáin
Dublin 24
Ireland

Teil: 01 459 2288

Créamatóiriam Chnoc Jeróim

58 Bóthar Chrois Araild
Cros Araild
Dublin 6
Ireland

Teil: +353 1 497 1269
Láithreán Gréasáin: https://www.mountjerome.ie/

Créamatóiriam Fhearann an Locha

Bóthar Bhaile Átha Cliath
An Cabhán
H12 RF78
Éire

Teil: (049) 436 2200 (mob 086 2458489)
Láithreán Gréasáin: http://www.lakelandscrematorium.ie/

None

Teil: 065 671 3088 (mob 087 176 0001)
Láithreán Gréasáin: http://www.shannoncrematorium.com

None

Teil: +353 1 9696990
Láithreán Gréasáin: https://www.purereflections.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Iúil 2023