Corp a thabhairt ar ais go hÉirinn chun é a adhlacadh nó a chréamadh

Réamhrá

Tá a cuid rialacha féin ag gach tír maidir leis na gnásanna a bhfuiltear le cloí leo nuair a fhaigheann duine bás. Is é cuspóir an eolais seo a leanas an próiseas ginearálta agus na rialacha a leagan amach a bhíonn i gceist nuair a thugtar corp go hÉirinn lena adhlacadh nó lena chréamadh.

Dírítear an t-eolas ar theaghlaigh shaoránach Éireannach, go príomha. Ba chóir do theaghlaigh neamhnáisiúnach dul i dteagmháil le hambasáid a dtíortha féin i gcomhair comhairle, más mian leo corp a thabhairt go hÉirinn. Tá liosta d’ambasáidí agus consalachtaí eachtracha atá freagrach as Éirinn ar fáil anseo. Is féidir leat léamh faoi chorp a thabhairt amach as Éirinn anseo.

Féadann an próiseas chun an corp a thabhairt ar ais go hÉirinn le haghaidh sochraide a bheith costasach. Seiceáil cé acu an raibh árachas taistil nó cumhdach árachais leighis ag an duine a d’fhéadfadh cabhrú le híoc as na costais. B’fhéidir gur mian leat breithniú a dhéanamh ar chréamadh a dhéanamh ar an gcorp thar lear agus an luaithreach a thabhairt ar ais go hÉirinn. Níl cúnamh airgeadais le costas aisdúichithe coirp mhairbh ar fáil ó ambasáid na hÉireann.

Fógra go bhfuair saoránach Éireannach bás thar lear

Más rud é go bhfógraítear bás an tsaoránaigh Éireannaigh d’ambasáid nó consalacht na hÉireann, iarrtar ar an nGarda Síochána in Éirinn aon teaghlach/neasghaol in Éirinn a chur ar an eolas. Is féidir leis an ambasáid nó leis an gconsalacht cabhrú chomh maith chun cumarsáid a dhéanamh leis na póilíní nó na húdaráis eile thar lear.

Más rud é gur thug tionscnóir turas nó duine eile fógra duit faoi bhás saoránaigh Éireannaigh thar lear, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht Éireannach don tír úd chun comhairle a fháil.

Na hiarsmaí a aithint go foirmiúil

Sular féidir aon socruithe a dhéanamh chun an corp a fhilleadh go hÉirinn beidh sé riachtanach an corp a aithint go foirmiúil. Bíonn éagsúlacht sna rialacha ar cé is féidir leis an duine marbh a aithint, ach de ghnáth is féidir le compánach taistil nó comhghleacaí gnó an duine éagtha a aithint. B’fhéidir go mba ghá do dhuine muinteartha taisteal ansin leis an aitheantas a dheimhniú, i roinnt tíortha.

Tá tuilleadh eolais faoi na socruithe áitiúla maidir le haitheantas foirmiúil saoránach Éireannach thar lear ar fáil ó ambasáid na hÉireann don tír inar tharla an bás.

Adhlacóir a cheapadh

Má cheapann tú adhlacóir in Éirinn, is féidir leo adhlacóir oiriúnach a aimsiú sa tír eile agus na socruithe cuí a dhéanamh. De rogha air sin, is féidir le hambasáid na hÉireann don tír cabhair a sholáthar do shaoránaigh Éireannacha adhlacóir áitiúil a cheapadh. Má tharla an bás le linn pacáiste saoire, ba cheart go mbeadh an tionscnóir turas ábalta cabhrú le socruithe. Is duine é adhlacóir ar leis an gnó na mairbh a ullmhú don adhlacadh agus sochraidí a shocrú agus a bhainistiú. Níl seirbhísí adhlacóirí saor in aisce, mar sin ba cheart duit na táillí agus na costais a baineann leis a sheiceáil sula bhfostaíonn tú na seirbhísí seo.

Is féidir leis an adhlacóir áitiúil an corp a ullmhú chun é a thabhairt ar ais go dtí a thír féin. Is féidir leis an adhlacóir an cháipéisíocht iomchuí a ullmhú agus an deimhniú báis a fháil freisin, má tá sé sin indéanta. Tá cabhair ar fáil chomh maith ó Ambasáid na hÉireann chun cáipéisí ar nós an deimhnithe báis nó tuairiscí liachta a fháil. Is féidir leis an adhlacóir áitiúil na socruithe eitilte riachtanacha a dhéanamh freisin.

Básanna gan mhíniú

Má tharla an bás go tobann nó mura bhfuil míniú air, caithfear an cróinéir in Éirinn don cheantar a bhfuil an corp á thabhairt chuige a chur ar an eolas ar an aisdúichiú. Má cheap tú adhlacóir in Éirinn, déanfaidh an t-adhlacóir teagmháil leis an gcróinéir cuí leis an gcáipéisíocht riachtanach. Má tá na hiarsmaí á n-eitilt isteach go hAerfort Bhaile Átha Cliath, is é Cróinéir Cheantar Bhaile Átha Cliath is ceart a chur ar an eolas.

Má tá buarthaí ann faoi conas a tharla an bás, is féidir leis an gcróinéir a ordú go dtugtar faoi scrúdú iarbháis nó faoi scrúdú breise ar an gcorp. Is féidir níos mó a léamh faoi chumhachtaí cróinéirí.

An bás a chlárú

Má chláraítear an bás sa tír ina bhfuair an duine bás, ní chláraítear é in Éirinn, de ghnáth. Sa chás nach bhfuil córas cláraithe ann sa tír sin nó nach féidir cóipeanna a fháil den taifead cláraithe shibhialta ábhartha (deimhniú báis), ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ard-Chláraitheora in Éirinn féachaint an féidir an bás a chlárú in Éirinn.

Cáipéis dlí thábhachtach é deimhniú báis, agus teastaíonn fianaise ina leith go minic in Éirinn chun déileáil le heastát an mhairbh. Is féidir níos mó a léamh faoi dhéileáil le heastát duine mhairbh.

Má fhaigheann saoránach Éireannach a raibh gnáthchónaí air/uirthi in Éirinn le 5 bliana anuas bás thar lear, is féidir a mbás a chur i dtaifead ar Thaifead n amBásanna Thar Lear. Déantar seo ar bhonn deonach ach ceadaíonn sé do ghaolta an duine mhairbh an tSeirbhís Chlárúcháin Shibhialta a chur ar an eolas ar an mbás, go gcuirtear an bás i dtaifead agus go bhfaightear cóip dheimhnithe den taifead.

Luaithreach a thabhairt abhaile

Is féidir leat corp an duine mhairbh a chréamadh thar lear agus an luaithreach a thabhairt abhaile, in ionad chorp an duine mhairbh a thabhairt abhaile lena adhlacadh. Is gnách go mbeidh deimhniú báis agus deimhniú créamtha le soláthar ag an áit imeachta chun luaithreach duine a iompar. D’fhéadfadh riachtanais bhreise a bheith ann ag brath ar an tír atá á fágáil agat. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó le consalacht ábhartha na hÉireann le haon riachtanais áitiúla a sheiceáil.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’iompróir, chomh maith, lena dheimhniú ar cheart an luaithreach a iompar mar bhagáiste láimhe nó mar bhagáiste a sheiceáiltear isteach. Féadtar iarraidh ort an luaithreach a iompar i gcoimeádán neamh-mhiotalach chun gur féidir leis an bpearsanra slándála é a x-ghathú.

Eolas breise

Tá eolas teagmhála a thabhairt do gach ambasáid agus consalacht Éireannach thar lear ar fáil anseo.

Teagmháil

Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann

Teach Mesbil
Aonad Gnó Mespil
Bóthar Sussex
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: 0818 935 000
Láithreán Gréasáin: http://www.iafd.ie/

An tSeirbhís Chróinéara

Láithreán Gréasáin: http://www.coroners.ie

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
F42 VX53
Ireland

Teil: +353 90 663 2900
Facs: +353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/gro

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Rannóg Consalachta
Teil: +353 1 408 2000
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Feabhra 2022