Gearán a dhéanamh faoi thacsaí, hacnaí nó limisín

Réamhrá

Is cineálacha ‘beagfheithiclí seirbhíse poiblí’ nó BFSPanna iad tacsaithe, hacnaithe agus limisíní. Ní mór ceadúnas a bheith ag tiománaithe BFSPanna chun paisinéirí a iompar agus ní mór an carr atá in úsáid acu a cheadúnú freisin.

Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) rialtóir BFSPanna agus tá próiseas gearán aige ar féidir leat é a úsáid má tá droch-eispéireas agat ar sheirbhís cheadúnaithe tacsaí, limisín nó hacnaí.

Cé leis gearán a dhéanamh

Má chuir tú an tseirbhís in áirithe trí oibreoir seachadta, déan gearán leis an oibreoir seachadta ar dtús – féach thíos.

Má bhaineann do ghearán le cion coiriúil, déan teagmháil le do Stáisiún Garda áitiúil.

Más mian leat gearán a dhéanamh toisc go raibh do thiománaí ag caitheamh tobac, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifig Náisiúnta um Rialú Tobac, FSS 1890 333 100. Cuireann Oifigigh Sláinte Comhshaoil an FSS an chuid is mó den reachtaíocht um rialú tobac i bhfeidhm.

Déan gearán leis an oibreoir seachadta

Má chuir tú in áirithe trí oibreoir seachadta (lena n-áirítear aipeanna áirithinte tacsaí), ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an oibreoir ar dtús. I gcásanna áirithe, is féidir do ghearán a réiteach má phléitear an fhadhb leis an mbainisteoir nó le ball foirne sinsearach sa chuideachta.

Más fearr leat gearán níos foirmiúla a dhéanamh, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar do ghearán neamhfhoirmiúil, is féidir leat do ghearán a chur i scríbhinn chuig an oibreoir seachadta.

Mura réitíonn sé seo do ghearán, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair.

Gearán a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair

Cad is féidir leat gearán a dhéanamh faoi

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an NTA faoi:

  • Bail, ródacmhainneacht agus glaineacht na feithicle
  • Iompar tiománaí
  • Táille ró-ard nó saincheisteanna eile a bhaineann le táillí a ghearrann tiománaí
  • Fadhbanna le d'áirithint tacsaí, hacnaí nó limisín
  • An t-aitheantas atá ar taispeáint ag an tiománaí agus an chomharthaíocht a úsáideann an carr (do thacsaithe)

Tá an cineál gearán is féidir a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair leagtha amach in alt 64 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2013.

Conas gearán a dhéanamh

Is féidir leat do ghearán a dhéanamh ar líne. Tá líne faisnéise ag an NTA ar 0818 064 000 freisin.

Ná déan dearmad na sonraí ábhartha go léir a thabhairt faoin eachtra agus cuir isteach cóip den admháil (má fuair tú ceann).

Tabhair an oiread faisnéise faoin tiománaí agus faoin bhfeithicil a bhfuil tú ag gearán faoi. Beidh sé de dhíth ar an NTA chun an tiománaí a shainaithint agus chun do ghearán a fhiosrú.

Conas a dhéileálfar le do ghearán

Déanfaidh foireann forfheidhmithe an NTA do ghearán a fhiosrú. Má bhíonn díospóid ann, scrúdóidh na himscrúdaitheoirí an fhianaise a sholáthair na páirtithe go léir.

Nuair a bheidh an fhianaise seo bailithe agus measúnaithe, eiseoidh an NTA a chinneadh.

D’fhéadfadh an NTA cinneadh a dhéanamh:

  • Gan aon gníomh eile a dhéanamh
  • Comhairle a thabhairt don oibreoir
  • Rabhadh foirmiúil a eisiúint
  • An gearán a ardú lena ionchúiseamh sa chúirt

Seans go mbeidh ort freastal ar an gcúirt chun fianaise a thabhairt maidir leis an eachtra. Ní féidir leat gearán a dhéanamh gan ainm.

Déan teagmháil leis an NTA

Is féidir leat comhairle agus faisnéis a fháil maidir le conas gearán a dhéanamh faoi oibreoir tacsaí, hacnaí nó limisín ó líne faisnéise an NTA ag 0818 064 000.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na rialacha maidir leis an gcaoi a gceadaítear BFSPanna i dTacsaithe, i hacnaithe agus i limisíní (BFSPanna).

Údarás Náisiúnta Iompair

Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 879 8300
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Iúil 2023