Is é an tAcht um Chúram Leanaí 1991 an phríomhreachtaíocht chun beartas cúraim leanaí a rialú, rud a thug athruithe ollmhóra isteach maidir le leanaí i gcúram. Ba é go dtí go raibh mórchuid an Achta curtha i bhfeidhm sa bhliain 1995 a bhí beartas cúraim leanaí rialaithe ag Acht na Leanaí 1908
De réir an Achta um Chúram Leanaí, tá dualgas reachtúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun leas leanaí nach bhfuil cúram ná cosaint leordhóthanach acu a chothú. Is é an sainmhíniú ar leanbh ná duine atá faoi 18 mbliana d’aois nach bhfuil nó nach raibh pósta.
Agus a cuid dualgas reachtúla á ndéanamh aici ba chóir go dtabharfaidh FSS aird ar na pointí seo a leanas:
I measc rudaí eile tá ar FSS:
Má bhíonn riachtanas cúraim agus cosanta ag leanbh agus nár dhócha é a fháil ba chóir go gcuirfeadh FSS faoi chúram é/í mar atá, mar shampla, i gcás dílleachta nó linbh thréigthe.
I gcásanna eile nach bhfuil tuismitheoirí in ann aghaidh a thabhairt ar a ndualgais de dheasca tinnis nó fadhbanna eile féadfaidh siad aontú lena gclann a chur faoi chúram. Tugtar cúram deonach ar seo. Sna cásanna seo, cé go mbíonn na leanaí faoi chúram FSS tá uirthi mianta na dtuismitheoirí a chur san áireamh maidir le soláthar an chúraim sin. Tá oibleagáid ar FSS leas na leanaí seo a chothú fad agus atá sé sin de dhíth. San am i láthair tá breis agus 5,000 leanaí faoi chúram agus an mhórchuid acu faoi chúram deonach.
Tá méid nósanna imeachta ann ar féidir le FSS úsáid a bhaint astu agus í ag plé le leanaí i mbaol nó leanaí a bhfuil riachtanas cúraim acu. Is féidir le FSS iarratas a chur isteach ar réimse cumhachtaí, agus cinntí ar chineál cúraim agus ar fháil tuismitheoirí agus gaolta eile do na leanaí, san áireamh:
De ghnáth, bíonn an leanbh curtha faoi chúram ag FSS i gceist leis na horduithe éagsúla. I gcás ordú maoirseachta, áfach, tugtar cuairt ar an leanbh agus déanann an FSS monatóireacht air sa bhaile. Féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos faoi na horduithe éagsúla.
Ionadaíocht ar leith don leanbhBa chóir go ndéanfaidh an chúirt gach cinneadh ar bhonn gur fíorthábhachtach leas an linbh. Leis an chomaoin seo a choinneáil i gcuimhne is féidir leis an gcúirt ordú go gceanglaítear an leanbh mar pháirtí do nósanna imeachta an chúraim. Ciallaíonn seo go mbíonn ionadaíocht ar leith dlí as a n-íocann FSS. Mura mbíonn an leanbh ina pháirtí do na nósanna imeachta is féidir leis an chúirt caomhnóir ad litem a cheapadh chun labhairt ar son an linbh. Is duine neamhspleách é caomhnóir atá ceaptha ag an gcúirt chun mianta agus leasa an linbh a ionadú i nós imeachta sonraithe na cúirte.
D’fhoráil an tAcht um Leanaí 2001 go socrófaí comhdhálacha um leas teaghlaigh do leanaí i mbaol óna n-iompraíocht féin agus cuireadh na forálacha i bhfeidhm i mí Iúil 2004. Meicníocht is ea an chomhdháil um leas teaghlaigh le haghaidh idirghabháil luath agus féadfaidh comhdháil a thionól i cásanna ina bhfuil:
Is é aidhm chomhdháil um leas teaghlaigh socrú an bhfuil cúram speisialta nó cosaint de dhíth ag an leanbh, agus, más amhlaidh go bhfuil, moladh do FSS cur isteach ar ordú cúraim speisialta. Mura bhfuil, féadfaidh an chomhdháil moltaí oiriúnacha a thabhairt do FSS, agus, más gá, moladh chun cur isteach ar ordú cúraim nó ar ordú maoirseachta. Ní mór do chinntí na comhdhála bheith d’aon ghuth agus mura féidir comhaontú a bhaint amach, ní mór don FSS an cinneadh a dhéanamh.
Is féidir leis an leanbh, leis na tuismitheoirí nó le caomhnóirí, le caomhnóir ad litem ar bith, le gaolta eile comhaontaithe ag an chomhordaitheoir i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an leanbh agus na tuismitheoirí, le hoifigigh FSS agus le duine ar bith eile a bhfuil ranníocaíocht dearfach aige de bharr fhaisnéis an linbh nó an teaghlaigh nó de bharr saineolais ar leith freastal ar an chomhdháil.
Nuair a fhaigheann FSS moladh comhdhála, féadfaidh sí:
Tá pribhléid dlí ag comhdhálacha um leas an teaghlaigh – ciallaíonn seo nach mbeidh faisnéis ar bith, ráiteas, nó admhálacha nochta ag a leithéid de chomhdháil, inghlactha mar fhaisnéis i gcúirt dlí.
Agus leanbh i gcúram FSS tá líon dóigheanna éagsúla inar féidir cúram a chur ar fáil. Cíbe cúram atá roghnaithe ní mór do FSS fáil réasúnta a thabhairt do thuismitheoirí nó do ghaolta eile ar an leanbh atá faoina chúram.
Cúram altrama
Fad agus is féidir cuireann FSS an leanbh le tuismitheoirí altrama. Éilítear i Rialacha an Achta um Chúram Leanaí (Leanaí a Fhágáil faoi Chúram Altrama) 1995 go ndréachtófar plean cúraim a leagan amach, i measc rudaí eile, an tacaíocht le cur ar fáil don leanbh agus do na tuismitheoirí altrama agus fáil don leanbh i gcúram altrama le tuismitheoirí nó le gaolta. Má tharlaíonn go bhfuil ganntanas tuismitheoirí ann, áfach, is féidir go bhfágfar leanaí i gcúram cónaithe ina áit.
Cúram Cónaithe
Is féidir le cúram cónaithe bheith in áras á reáchtáil ag FSS, in ionad cónaithe um leanaí atá cláraithe faoin Acht 1991, i scoil, nó in áit chónaithe oiriúnach eile. Luíonn Rialacha an Achta um Chúram Leanaí (Leanaí a Fhágáil faoi Chúram Altrama) 1995 na riachtanais chun leanbh a fhágáil i gcúram cónaithe agus na caighdeáin do hionaid chónaithe atá cláraithe le FSS. Tá na hionaid faoi réir cigireachta ag an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
Aonaid Chúraim Speisialta
Fágtar leanaí atá curtha faoi chúram faoi orduithe cúraim speisialta in aonaid chúraim speisialta. Féadfaidh FSS ionaid chúraim speisialta a chur ar fáil agus a choinneáil nó socruithe a dhéanamh le comhlachta deonacha chun iad a chur ar fáil agus a choinneáil. Tá gach ionad faoi réir fhaomhadh an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Déanann an tAire rialacháin a phléann le mion-oibriúcháin na n-ionad seo. Ní féidir leanaí atá ciontaithe le cóir a chur in ionaid chúraim speisialta.
Ag fágáil leanaí le gaolta
Déanann na Rialacha an Achta um Chúram Leanaí (Leanaí a Fhágáil faoi Chúram Altrama) 1995 foráil do ghaolta chun liúntas a fháil do chúram linbh atá fágtha leo ag FSS. Leagann na rialacháin amach comhshocraíochtaí an tsocrúcháin agus tá siad cosúil leis na Rialacháin Chúraim Altrama go ginearálta.
Tá FSS in ann cuidiú sa bhreis a chur ar fáil do dhaoine óga suas go 21 d’aois a bhí faoi chúram. D’fhéadfadh lóistín a shocrú a bheith i gceist leis seo, nó ag cuidiú lena gcothú le linn oideachas scoile nó coláiste.
Faoin Acht 1991 tá méid nósanna imeachta ann ar féidir le FSS úsáid a bhaint astu agus í ag plé le leanaí i mbaol nó a bhfuil riachtanas cúraim acu. Is féidir le FSS iarratas a chur isteach ar réimse cumhachtaí, agus cinntí ar chineál cúraim, agus ar fháil tuismitheoirí agus gaolta eile do na leanaí, san áireamh:
Cuireadh na horduithe seo in ionad na n-orduithe duine sláintiúla agus áite sábháilte roimhe seo. Leasaigh an tAcht um Leanaí 2001 an tAcht um Chúram Leanaí 1991 chun caoi a thabhairt do chineál ordaithe eile – ordú cúraim speisialta. Is é seo do chásanna ina bhfuil leanbh i mbaol óna iompraíocht féin.
Má bhíonn cúis inar dóigh leis na gardaí go bhfuil baol láithreach agus dáiríre do shláinte nó leas linbh nach féidir fanacht go dtí go ndéantar ordú cúraim éigeandála, tá an chumhacht acu dul isteach sa teach agus leanbh a bhaint amach, le fórsa más gá, chuig áit shábháilte. Ní mór don leanbh bheith tabhartha isteach i gcúram FSS chomh luath agus is féidir. Féadfaidh FSS idir an leanbh a fhilleadh chuig na tuismitheoirí nó cur isteach ar an Chúirt Dúiche d'ordú cúraim éigeandála. Mura mbíonn suí na cúirte ann taobh istigh de trí lá, ní mór go n-eagrófaí suí speisialta.
Féadfaidh FSS cur isteach ar ordú cúraim éigeandála do leanbh atá sa bhaile go fóill nó do dhuine atá bainte amach ag na gardaí. Is féidir é sin a dhéanamh gan é a fhógairt do na tuismitheoirí nó caomhnóirí an linbh. Déanfar an t-ordú má cheapann an breitheamh go bhfuil baol láithreach agus dáiríre do shláinte nó leas an linbh ar gá dó bheith curtha, nó fágtha i gcúram FSS. Ní mór don leanbh fanacht i gcúram FSS go ceann 8 lá nó tréimhse níos gairide má bhíonn sé sonraithe san ordú.
Ní mór do FSS cur isteach ar ordú cúraim nó ar ordú maoirseachta (féach thíos) má bhíonn cúram agus cosaint de dhíth ag leanbh nár dhócha ar fáil aige/aice mura ndéantar ordú cúraim speisialta. Féadfaidh breitheamh na Cúirte Dúiche ordú eatramhach cúraim a dhéanamh agus é ag fanacht ar chinneadh ar ordú chúraim iomláin. Ciallaíonn é seo go bhfágtar an leanbh i gcúram FSS go ceann 8 lá. Féadfar é a shíniú má chomhaontaíonn FSS agus na tuismitheoirí. Ní mór go dtabharfaí fógra ar ordú eatramhach cúraim do na tuismitheoirí/caomhnóirí de ghnáth.
Féadfar ordú cúraim a dhéanamh nuair a bhíonn an chúirt sásta:
Nuair a dhéantar ordú cúram fanann an leanbh i gcúram FSS don mhéid ama atá sonraithe san ordú nó go dtí 18 mbliana d'aois nuair nach leanbh é/í go fóill. Tá cearta agus dualgais tuismitheora ag FSS le linn an ama seo.
Tá ordú maoirseachta mar mhalairt ar thógáil leanaí isteach i gcúram FSS.
Agus iarratas á cur isteach ar ordú cúraim is féidir leis an gcúirt socrú nach bhfuil gá le hordú cúraim nó nach bhfuil sé oiriúnach, ach nach mór do FSS cuairt a thabhairt ar an leanbh go minic, agus féadfar ordú maoirseachta dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh in áit ordú cúraim nó le linn dóibh fanacht ar chinneadh ar ordú cúraim. Nó, ina mhalairt dá chás, féadfaidh FSS cur isteach ar ordú maoirseachta in áit ordú cúraim don chúirt.
Tugann ordú maoirseachta údarás do FSS le cuairt a thabhairt ar an leanbh agus le monatóireacht ar shláinte agus ar leas an linbh a dhéanamh agus le comhairle riachtanach a thabhairt do na tuismitheoirí. Bíonn an t-ordú i bhfeidhm ar feadh suas le 12 mí ach gur féidir athnuachan a dhéanamh air.
Ní mór do FSS cur isteach ar ordú cúraim speisialta nó ordú eatramhach cúraim speisialta i gcásanna ina bhfuil cúram agus cosaint de dhíth ag leanbh ach nár dhócha ar fáil gan a leithid d'ordú seo a dhéanamh. Ní mór do FSS comhdháil um leas teaghlaigh a thionól roimh chur isteach ar an ordú.
Féadfaidh an chúirt ordú cúraim speisialta a dhéanamh nuair a bhíonn sí sásta:
Ciallaíonn ordú cúraim speisialta go bhfuil an leanbh tiomanta do chúram FSS fad agus bhíonn sé i bhfeidhm. Údaraíonn sé an bord cúram, oideachas agus cóireáil oiriúnach a chur ar fáil agus, chuige sin, chun an leanbh a choinneáil in ionad cúraim speisialta. Beidh an t-ordú i bhfeidhm ar feadh tréimhse idir 3 agus 6 mí agus féadfar é a shíniú.
Is féidir leis an gcúirt orduithe cúraim a athrú ar a tionscnamh féin nó ar iarratas FSS. Féadfaidh an chúirt ordú maoirseachta nó ordú cúraim a dhéanamh maidir leis an leanbh más oiriúnach.
Féadfar orduithe eatramhacha cúraim speisialta a dhéanamh roimh gnáthordú cúraim speisialta a chríochnú. Ciallóidh a leithid d’orduithe seo gur féidir an leanbh a choinneáil in ionad cúraim speisialta go ceann suas go 28 lá.
Má bhíonn cúis réasúnta inar dóigh leis na gardaí go bhfuil cúis ordú cúraim speisialta ann ach nach féidir le cosaint an linbh fanacht ar chríochnú na n-gnáthnósanna imeachta, is féidir leo an leanbh a fhágáil faoi chúram FSS. Ní mór do FSS cur isteach ar ordú eatramhach cúraim speisialta ag an bpointe sin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.