Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Scaradh, colscaradh agus díscaoileadh > Torthaí ar Scaradh nó Colscaradh

Print Page Send to a Friend

Torthaí ar Scaradh nó Colscaradh

Eolas

Nuair a theipeann ar phósadh ar dtús, is iondúil go scarann lanúin agus go gcónaíonn siad ó chéile. Bíonn tionchar ar bhriseadh an phósta ar chuile ghné de shaol an duine agus téann an chuid is mó daoine ar aghaidh le rudaí a shocrú eatarthu go dleathúil. Tá trí bhealach ann len é seo a dhéanamh in Éirinn:

Tagann an lanúin iad féin chuig na socruithe a bhaineann le socrú scartha, ach bíonn socrú cúirte i gceist le scaradh dleathúil agus colscaradh. Colscaradh amháin a chuireann deireadh leis an bpósadh agus a fhágann an bheirt saor le hathphósadh.

I gcúinsí faoi leith, is féidir le cúirt ordú neamhní a cheadú. Sa chás seo tá an chúirt ag rá nach raibh aon phósadh ann ariamh. Tá an dlí a bhaineann le pósadh a chur ar neamhní fíorchasta, agus ní mór comhairle dlí a fháil i gcónaí le cinneadh a dhéanamh an bhfuil cás ann iarratas ar an bpósadh a chur ar neamhní a dhéanamh. Níl aon stádas dleathúil ag ordú ón Eaglais Chaitliceach pósadh a chur ar neamhní.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.