Is dearbhú ó chúirt é neamhniú pósta go bhfuil do phósadh a bhí in ainm agus a bheith ann ar neamhní agus gan éifeacht agus nach bhfuil aon phósadh bailí ag feidhmiú idir tú féin agus do pháirtnéir. I bhfocail eile, is dearbhú atá ann nár tharla an pósadh a bhí in ainm agus a bheith ann riamh.
Tá difríocht idir neamhniú (nó neamhniú pósta) agus colscaradh mar gur dearbhú atá sa cholscaradh ag cur deireadh le pósadh bailí. Dearbhú atá i neamhniú nach raibh aon phósadh bailí ann riamh.
Ins an dlí neamhnaithe, tá dhá chinéal pósadh ann ar féidir a neamhniú nó a chur ar ceal. Tá pósadh "neamhnitheach" ann agus tá pósadh "in-neamhnaithe" ann.
Má tá do phósadh neamhnitheach breathnaítear air amhail is nár tharla sé riamh. Go teicniciúil, muna tharla do phósadh riamh, níl aon ghá a dhul chun cúirte chun foraithne neamhnithe a fháil - is féidir leat glacadh leis nár tharla an pósadh riamh. Tá sé molta ordú cúirte a fháil áfach, ag dearbhú go bhfuil do phósadh curtha ar neamhní ionas nach mbeadh aon amhras ann.
Má tá do phósadh "in-neamhnaithe" breithnítear air mar phósadh bailí go dtí go bhfuil foraithne neamhnithe déanta.
Ní féidir foraithne neamhnithe a dhéanamh ach amháin má dhéanann duine de pháirtithe an phósadh iarratas chuig an gcúirt le haghaidh neamhnithe. Má chinneann an chúirt go bhfuil do phósadh in-neamhnaithe, dearbhaíonn sé ansin go raibh do phósadh neamhbhailí ón tús. Níor tharla do phósadh riamh.
Is féidir leat tuilleadh eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh le haghaidh neamhniú sibhialta ar do phósadh agus iarmhirtí neamhniú sibhialta ar do phósadh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.