Más saoránach/saoránaigh Éireannach(a) tú féin nó do pháirtí agus go bhfuil sibh ag smaoineamh pósadh lasmuigh d'Éirinn, ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhfuil bailíocht dhlíthiúil an phósta rialaithe i bpáirt ag dlíthe na tíre ina bpósann tú. Tá na foirmiúlachtaí dlíthiúla thar lear an-difriúil ó na cinn in Éirinn ar an mórchuid, mura bhfuil agus i ngach cás. Mar shampla, is iondúil gur searmanas reiligiúnach amháin gan aon éifeacht dhlíthiúil é pósadh eaglaise thar lear. Toisc nach bhfuil sé aitheanta de réir an dlí sa tír inar tharla sé, ní féidir breathnú air mar phósadh dlíthiúil in Éirinn. Tá an cás amhlaidh cé gur féidir le pósadh san eaglais nó sainchreideamh chéanna in Éirinn a bheith ceangailtech de réir an dlí.
Dá réir sin, tá sé fíor-thábhachtach duit a chinntiú go sásaíonn tú riachtanais dlíthiúla na tíre ina bhfuil tú ag pósadh. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid nó na húdaráis reiligiúnacha ábhartha sa tír sin chun fáil amach cad atá riachtanach. Féach ar liosta na n-ambasáidí agus na gconsalachtaí Éireannach thar lear anseo.
Cláraítear póstaí saoránach Éireannach thar lear sa tír ina dtarlaíonn siad. Níl feidhm ar bith ag Oifig an Ard-Chláraitheora (taisclann sibhialta lárnach do thaifid maidir le breitheanna, básanna agus póstaí i bPoblacht na hÉireann) chun comhairle a thabhairt ar phóstaí, nó póstaí saoránach Éireannach a tharlaíonn thar lear a chlárú. Ní chláraítear póstaí a tharlaíonn lasmuigh den stát in Éirinn de ghnáth, seachas i gcúinsí fíor-shonracha mar atá leagtha síos in Alt 2 de Acht na bPóstaí, 1972. Ciallaíonn sé seo gurb iad na póstaí ar bhain díreach searmanas reiligiúnach aonair leo, a tharla i département Hautes Pyrénées na Fraince roimh 1973, idir lánúin áit a raibh an bheirt pháirtithe nó ceachtar páirtí mar shaoránach Éireannach ar lá an phósta, an t-aon phósadh ba ghá a chlárú in Éirinn. Gach pósadh eile a tharlaíonn thar lear - ní gá go ndéanfaí iad a chlárú in Éirinn.
Is iondúil go nglacfar le do theastas pósta eachtrannach maidir le cuspóirí oifigiúla in Éirinn, nuair is gá duit fianaise a léiriú go bhfuil tú pósta. Má tá an teastas i dteanga eachtrannach, ní mór duit aistriúchán oifigiúil a chur ar fáil, nó aistriúchán ó ghníomhaireacht aistriúcháin aitheanta.
Cé go gcaithfidh tú na riachtanais eachtrannacha a shásamh d'fhoirmiúlachtaí, tá tú fós faoi cheangal de réir dlí na hÉireann chomh fada agus a a bhaineann le cumas pósta. Mar shampla, ní dhéanfar do phósadh thar lear a aithint de réir dlí na hÉireann má bhí duine amháin nó an bheirt agaibh cónaitheach in Éirinn de ghnáth, agus nach raibh duine amháin nó an bheirt agaibh faoi 18 bliana d'aois ag am an phósta, agus nach raibh Ordú Díolúine Cúirte agaibh.
D'fhéadfadh Deimhniú Saoirse le Pósadh a bheith de dhíth ort chun pósadh i dtíortha eachtrannacha. D'fhéadfaí "Deimhniú de Coutume" nó "Deimhniú Nulla Osta" a thabhairt air chomh maith.
Rannóg Consalachta
69-71 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 478 0822
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=301
Chun Deimhniú Saoirse le Pósadh Thar Lear a fháil, déan teagmháil leis an Rannóg Consalachta ag (01) 408 2568.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.