Neamhniú pósta

Réamhrá

Is dearbhú ó chúirt é foraithne neamhnithe nárbh ann do bhur bpósadh de réir an dlí. Ciallaíonn sé nárbh ann d’aon phósadh bailí idir tú féin agus do pháirtnéir.

Ní hionann neamhniú agus colscaradh. Dearbhú é colscaradh a chuireann deireadh le pósadh bailí. Is dearbhú é neamhniú nárbh ann do phósadh bailí riamh.

Tá dhá shaghas póstaí ann ar féidir iad a chur ar neamhní:

•póstaí ar neamhní

•póstaí in-neamhnithe

Má tá bhur bpósadh ar neamhní, caitear leis faoi mar nár thit sé amach riamh.

Más féidir bhur bpósadh a chur ar neamhní, meastar gur pósadh bailí é go dtí go ndéantar foraithne neamhnithe. A luaithe a cheadaítear an fhoraithne, meastar ná thit bhur bpósadh amach riamh.

Ní féidir foraithne neamhnithe a dhéanamh ach má dhéanann duine de pháirtithe an phósta iarratas leis an gcúirt ar fhoraithne neamhnithe. Má dhéanann an chúirt cinneadh gur féidir bhur bpósadh a chur ar neamhní, dearbhóidh sé go raibh bhur bpósadh neamhbhailí ón tús. Níor tharla bhur bpósadh riamh.

Conas iarratas a dhéanamh ar neamhniú

Chun neamhniú bhur bpósta líomhnaithe a fháil, caithfidh sibh iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt

Pósadh ar neamhní

Is féidir leis an gcúirt neamhniú a cheadú ar na cúiseanna seo a leanas:

1.Bhí easpa cumais ann ag tráth an tsearmanais phósta. I bhfriotal eile, ní raibh ar do chumas féin nó ar chumas do chéile iontráil i gconradh ceangailteach pósta. D’fhéadfadh seo tarlú sna cásanna a leanas:

oSa chás go raibh duine díobh faoi 18 mbliana d’aois (bhíodh duine 16 nó 17 mbliana d’aois in ann pósadh le díolúine bhreithiúnach roimhe seo. Ní féidir leo seo a dhéanamh a thuilleadh).

oMá bhí duine amháin díobh pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta cheana féin, nó

oMá bhí gaol ródhlúth eadraibh, nó

oMá bhí tú den ghnéas céanna bitheolaíoch (i gcás searmanas pósta a thit amach roimh an 16 Samhain 2015)

2.Níor cloíodh leis na riachtanais fhoirmiúla do shearmanas pósta. Mar shampla, murar thug tú fógra cuí don cláraitheoir sibhialta.

3.Bhí easpa toilithe ann ag tráth an phósta. I bhfriotal eile, níor thug tú féin nó do chéile toiliú saoire agus a bhí go hiomlán feasach don phósadh. D’fhéadfadh gurbh éard ba chúis leis seo, mar shampla, botún, mífhaisnéis, calaois nó go raibh iallach oraibh an pósadh a iontráil. Ina theannta sin, d’fhéadfadh gurbh éard ba chúis leis go raibh tú féin nó do chéile thíos le breoiteacht mheabhrach nó go raibh tú féin nó do chéile ar meisce ag tráth an phósta.

Má dhéanann an chúirt cinneadh go bhfuil bhur bpósadh ar neamhní ar aon chinn de na cúiseanna seo, dearbhóidh sé nár tharla bhur bpósadh riamh.

Pósadh in-neamhnithe

Lena chruthú don chúirt go bhfuil bhur bpósadh in-neamhnithe, ní mór duit ceann amháin de na forais a leanas a thaispeáint:

•Ag tráth an tsearmanais phósta, bhí ceachtar páirtí éagumasach. Ní mór duit a thaispeáint nach raibh ar chumas tú féin nó do chéile an pósadh a chur i gcrích. Ní féidir libh dearbhú neamhnithe a fháil mar gheall go bhfuil duine díobh neamhthorthúil nó mar gheall go bhfuil duine díobh ag diúltú chun an pósadh a chur i gcrích. Ní mór gurb éard atá i gceist ná nach bhfuil ar chumas duine díobh tabhairt faoi chaidreamh collaí.

•Ag tráth an tsearmanais phósta, ní raibh ar chumas ceachtar páirtí iontráil i ngnáthchaidreamh nó caidreamh ceart pósta a iontráil nó a chothabháil. D’fhéadfadh galar síciatrach nó neamhord pearsantachta a bheith ina chúis leis seo. Sa mhullach air sin, d’fhéadfadh gnéaschlaonadh duine de na páirtithe a bheith ina chúis leis seo.

Má dhéanann an chúirt cinneadh gur féidir bhur bpósadh a chur ar neamhní ar aon chinn de na cúiseanna seo, dearbhóidh sé go raibh bhur bpósadh neamhbhailí ón tús. Cuirtear an pósadh ar neamhní.

Iarmhairtí neamhnithe

Cibé acu má tá bhur bpósadh ar neamhní nó más féidir é a chur ar neamhní, is ionann na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann le bhur bpósadh a chur ar neamhní. Dearbhaítear go bhfuil bhur bpósadh neamhbhailí ón tús. Ar an ábhar sin, níor tharla bhur bpósadh riamh, ó chúrsa cúrsaí dlíthiúla de.

Má athphósadh sibh cheana féin, is é sin, pósadh sibh sula raibh ordú neamhnithe déanta ag an gcúirt, b’fhéidir go raibh an dealramh air go raibh bhur bpósadh neamhbhailí agus déchéileach. A luaithe a cheadaítear an t-ordú neamhnithe, áfach, déantar bhur bpósadh nua a bhailíochtú, mar gheall gur dearbhaíodh anois go bhfuil bhur gcéad pósadh neamhbhailí.

Má dhéantar bhur bpósadh a chur ar neamhní, ciallaíonn sé freisin go mbaintear díobh na cearta a bhronntaí oraibh agus sibh in bhur nduine pósta. Ar an ábhar sin:

1.Ní teach an teaghlaigh an teach inar chónaigh sibh le bhur n-iarpháirtnéir. Más é bhur n-iarpháirtnéir úinéir dlíthiúil an tí, is féidir leo é a dhíol nó a ligean ar léas, beag beann ar cibé acu an aontaíonn nó nach n-aontaíonn tú leis.

2.Faoin Acht Comharbais, 1965, nuair a fhaigheann duine pósta bás, bíonn teidlíocht dhlíthiúil ag a gcéile sciar dá n-eastát a fháil cibé acu má d’fhág nó murar fhág siad uacht. Mar gheall nár tharla bhur bpósadh riamh, ní bhíonn aon chearta comharbais agaibh mar chéile má fhaigheann bhur n-iarpháirtnéir bás.

3.A luaithe a cuireadh bhur bpósadh ar neamhní, níl an ceart agaibh iarratas a dhéanamh mar chéile nó mar iarchéile leis an gcúirt chun d’iarpháirtnéir a ordú cothabháil a íoc chun tacú leat. Má rugadh leanbh leo, áfach, i rith an phósta a cuireadh ar neamhní, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun d’iarpháirtnéir a ordú cothabháil a íoc.

4.Má dhéantar bhur bpósadh a chur ar neamhní, beidh iarmhairtí aige seo i leith bhur leanaí. Cosnaíonn an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 (pdf) cearta dlíthiúla leanaí nach bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile. Faoin Acht Comharbais, 1965, má fhaigheann tú bás agus mura ndéanann tú soláthar leordhóthanach do do leanbh i d’uacht, is féidir leis an leanbh sin iarratas a dhéanamh leis an gcúirt ar sciar de d’eastát. Má fhaigheann tú bás gan uacht, tá ceart ag bhur leanaí go huathoibríoch sciar de d’eastát a fháil. Bronntar na cearta seo go cothrom ar leanaí a rugadh lasmuigh den phósadh agus ar leanaí a rugadh laistigh den phósadh, mar sin, ní dhéanfaidh bhur bpósadh a chur ar neamhní difear do chearta comharbais bhur leanaí.

5.D’fhéadfadh go ndéanfadh neamhniú pósta difear do cheart athar a bheith ina chaomhnóir dá leanbh. De ghnáth, nuair a rugadh ar leanbh le tuismitheoirí pósta, comhchaomhnóirí an linbh a bhíonn sa bheirt tuismitheoirí. Leanfar ag caitheamh leis an athair mar chomhchaomhnóir i gcás neamhniú:

omás pósadh ar féidir é a chur ar neamhní, nuair a cheadaítear an fhoraithne neamhnithe:

i ndiaidh gur rugadh an leanbh, nó

10 mí sular rugadh an leanbh

omá pósadh ar neamhní é, inar chreid an t-athair go réasúnta go raibh a shearmanas pósta bailí

Ag tráth éigin 10 mí sular rugadh an leanbh, má tharla an searmanas pósta roimh an mbreith

Ag tráth an tsearmanais phósta, má tharla an searmanas pósta i ndiaidh na breithe

6.Is féidir le cúirt orduithe a dhéanamh freisin maidir le neamhinniúlacht (nó mí-oiriúnacht) duine de na hiarpháirtnéirí coimeád a bheith acu i dtaca le haon leanbh cleithiúnach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gcúirt lena dheimhniú aon cheist a bhaineann le húinéireacht nó seilbh ar réadmhaoin nó ar shócmhainní i ndiaidh foraithne neamhnithe. Is féidir leis an gcúirt orduithe a dhéanamh ansin nó réadmhaoin nó sócmhainní faoi dhíospóid a roinnt nó a dhíol.

Neamhniú eaglaise

Níl aon stádas dlíthiúil ag neamhniú eaglaise. Má phóstar arís thú laistigh in eaglais, ní aithneoidh an dlí bhur bpósadh nua murach gur ceadaíodh foraithne (ordú) colscartha nó ordú neamhnithe maidir le bhur bpósadh dlíthiúil.

Eolas breise

Tá eolas breise ar neamhniú agus ar na foirmeacha a úsáidtear chun iarratas a dhéanamh ar fáil láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Moltar i gcónaí comhairle dlí agus ionadaíocht dlí a fháil. Níor cheart duitse agus ná do chéile an t-aturnae céanna a úsáid.

Lena fhiosrú an bhfuil tú incháilithe do Chúnamh Dlí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí is gaire duit.

Eagraíocht neamhspleách dheonach iad Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSAanna) a oibríonn líonra de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus ar oscailt do chách. Déan teagmháil leis an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDSA i do cheantar. Cuireann ICDS líne eolais agus atreoraithe ar fáil freisin i rith uaireanta oifige chun teacht ar eolas bunúsach faoin dlí.

Má roghnaíonn tú aturnae príobháideach a fhostú, cuirtear in iúl duit nach bhfuil aon ráta seasta muirear ann a ghearrtar ar tháillí dlí. Moltar duit roinnt luachana a fháil sula ndéanann tú cinneadh faoi ghnóthas dlí. Is féidir teacht ar eolas teagmhála d’aturnaetha ar fud na hÉireann ar láithreán gréasáin an Dlí-Chumainn.

Teagmháil

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Lúnasa 2016