Páirtnéireacht shibhialta a chur ar neamhní

Réamhrá

Is éard is foraithne neamhnithe ann ná forógra a thugtar i gcúirt go bhfuil do chomhpháirtíocht shibhialta ar neamhní agus nach raibh a leithéid de chomhpháirtíocht ann riamh, de réir an dlí. Fágann sé sin nach bhfuil aon chomhpháirtíocht shibhialta bhailí ann idir tú féin agus do pháirtí.

Féadfar do chomhpháirtíocht shibhialta a bheith ar neamhní mar gheall ar go raibh locht nó bac éigin ann tráth chlárúchán na comhpháirtíochta sibhialta (féach Conas iarratas a dhéanamh ar neamhniú).

Ní hionann an neamhniú agus an scaoileadh. Is éard is scaoileadh ná forógra lena gcuirtear deireadh le comhpháirtíocht shibhialta bhailí. Is éard is neamhniú ná forógra nach raibh comhpháirtíocht shibhialta bhailí ann ar an gcéad dul síos.

Ní féidir foraithne neamhnithe a dhéanamh ach amháin má dhéanann duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht shibhialta iarratas chun na cúirte air.

Conas iarratas a dhéanamh ar neamhniú

D’fhonn neamhniú do chomhpháirtíochta sibhialta líomhnaithe a fháil, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda nó chun na hArd-Chúirte.

Is féidir neamhniú a bheith deonaithe sa chúirt ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Bhí easpa cumais ann ag an am ar cláraíodh an chomhpháirtíocht shibhialta. Is é sin le rá nach raibh sé ar do chumas féin nó ar chumas do pháirtí conradh ceangailteach comhpháirtíochta sibhialta a dhéanamh. D’fhéadfadh sé seo tarlú:

    más rud é go raibh duine agaibh pósta go bailí, nó i bpáirtnéireacht shibhialta, cheana féin

    más rud é go raibh gaol muinteartha ródhaingean ann eatraibh

    más rud é gurbh den inscní bitheolaíocha malartacha a raibh sibh

    má bhí duine agaibh faoi 18 mbliana d’aois

  • Níor cloíodh leis na ceanglais oifigiúla maidir le clárúchán páirtnéireachta sibhialta. Níor thug tú fógra cuí don chláraitheoir sibhialta, cuir i gcás.
  • Ag an am ar cláraíodh an chomhpháirtíocht shibhialta, bhí easpa toilithe ann. Is é sin le rá nár thug tú féin ná do pháirtí toiliú iomlán tuisceanach don chomhpháirtíocht shibhialtach de do dhea-thoil féin. D’fhéadfadh an t-éigeantas, mar shampla, a bheith mar chúis leis sin, sa chás gur cuireadh iallach ort dul isteach sa chomhpháirtíocht shibhialta, agus d’fhéadfadh sé tarlú chomh maith mar gheall ar bhotún, ar mhífhaisnéis nó ar chalaois. D’fhéadfadh sé tarlú toisc go raibh tinneas meabhrach ort féin nó ar do pháirtí ag an am freisin.

Má dhéantar cinneadh sa chúirt go bhfuil do chomhpháirtíocht shibhialta ar neamhní ar chúis ar bith, déanfar forógra leis sin sa chúirt nach raibh chomhpháirtíocht shibhialta ann riamh.

Go teicniúil, más rud é nár dtarlódh do chomhpháirtíocht shibhialta riamh, ní gá dul chun na cúirte chun foraithne neamhnithe a fháil - féadfar duit leanúint ar aghaidh agus gníomhú amhail is nár tharla an chomhpháirtíocht shibhialta riamh. Mar sin féin, moltar ordú cúirte a fháil ina ndearbhaítear go bhfuil do chomhpháirtíocht shibhialta curtha ionas nach mbeidh aon amhras ann faoi.

Iarmhairtí an neamhnithe

Is é an iarmhairt is soiléire atá ag dearbhú neamhnithe cúirte ná go bhfuil tú i dteideal pósadh a fháil tar éis é a bheith agat.

Sa chás gur phós tú nó go bhfuil tú páirtnéireacht shibhialta nua déanta agat cheana féin*, is é sin le rá go raibh tú pósta nó tar éis dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta sula ndearna an chúirt ordú neamhnithe, d'fhéadfaí an dealramh a bheith ann nach raibh do phósadh nó do pháirtnéireacht shibhialta nua bailí. Ach, a luaithe is a dheonaítear an t-ordú neamhnithe i leith na comhpháirtíochta sibhialta a bhí ann roimhe, déantar do phósadh nó do pháirtnéireacht shibhialta níos déanaí a bhailíochtú, toisc go ndearbhaítear leis sin go bhfuil an chéad chomhpháirtíocht shibhialta a bhí agat neamhbhailí.

Má chuirtear do chomhpháirtíocht shibhialta ar neamhní, fágann sé sin go gcaillfidh tú na cearta a bhí agat mar chomhpháirtí sibhialta chomh maith. Agus dá réir sin:

  • Ní teach comhroinnte atá i gceist leis an teach ar roinn tú le d’iarpháirtí go deo. Más úinéir an tí é d’iarpháirtnéir, de réir na dlí, is féidir leis nó léi é a dhíol nó a chur amach ar léas gan do thoiliú a fháil.
  • Faoin Acht Comharbais, 1965, nuair a fhaigheann páirtí sibhialta bás, tá an páirtí sibhialta a mhaireann i dteideal faoin dlí sciar dá eastát cibé acu a d’fhág sé uacht nó nár fhág. Toisc nach raibh an chomhpháirtíocht shibhialta ann riamh, níl aon chearta comharbais agat má fhaigheann d’iarpháirtí bás.
  • Má tá do chomhpháirtíocht shibhialta curtha ar neamhní, níl sé de cheart agat iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun ordú a fháil chun iallach a chur ar d’iarpháirtí cothabháil a íoc chun tacú leat, toisc nach féidir ach amháin comhpháirtithe sibhialta iarratas a dhéanamh chun cúirte ar ordú cothabhála.
  • Is féidir cúirt orduithe a dhéanamh freisin maidir le mí-oiriúnacht duine de na hiar-pháirtithe coimeád a bheith aige maidir le haon leanbh cleithiúnach.

*Ón 16 Samhain 2015 ar aghaidh, ní féidir páirtnéireacht shibhialta a chlárú a thuilleadh, ach amháin sa chás go bhfuil tú tar éis tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin roimhe sin. Bhí orthu siúd a raibh tús curtha acu leis an bpróiseas clárúcháin suas go dtí an 15 Bealtaine 2016 chun an próiseas comhpháirtíochta sibhialta a thabhairt chun críche. Is féidir le lánúineacha atá i gcomhpháirtíocht shibhialta iarratas a dhéanamh ar an pósadh nó fanacht mar atá siad sa chomhpháirtíocht shibhialta.

Faisnéis bhreise

Tá tuilleadh faisnéise faoin neamhniú agus faoi na foirmeacha a úsáidtear chun iarratas a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Moltar comhairle dlí agus ionadaíocht dlí a fháil i gcónaí. Níor chóir duit féin ná do pháirtí an t-aturnae céanna a fhostú.

Chun fáil amach an bhfuil tú incháilithe leis an gCúnamh Dlíthiúil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí i do cheantar féin.

Is eagraíocht neamhspleách, dheonach é FLAC (Ionaid Comhairle Dlí In Aisce) a bhfuil líonra clinicí comhairle dlíthiúla á n-oibriú acu ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus oscailte do chách. Téigh i dteagmháil leis an Citizens Information Centre i do cheantar féin chun faisnéis a fháil faoi sheirbhísí FLAC i do cheantar. Reáchtálann FLAC líne faisnéise agus atreoraithe le linn uaireanta oifige le haghaidh na faisnéise dlíthiúla bunúsaí freision.

Má roghnaíonn tú aturnae príobháideach a fhostú, ba chóir duit a bheith ar an eolas nach bhfuil aon ráta seasta le haghaidh na muirear ar tháillí dlí. Moltar duit roinnt luachana a fháil sula ndéanann tú cinneadh ar ghnólacht dlí a fhostú. Tá faisnéis teagmhála aturnaetha atá lonnaithe i ngach cearn den tír ar fáil ar shuíomh gréasáin an Dlí-Chumainn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Eanáir 2021