Seantuismitheoirí agus garleanaí – míniú ar do chearta

Réamhrá

Glacann seantuismitheoirí le ról tábhachtach i saol a ngarleanaí. Bíonn deacracht ag roinnt seantuismitheoirí, áfach, casadh lena ngarleanaí agus am a chaitheamh leo. Tarlaíonn go bhfágtar ar lár iad ó shaol a ngarleanaí, agus d’fhéadfadh seo goilleadh go mór orthu agus ar na leanaí a bhíonn i gceist. Is iomaí cúis a bhíonn leis seo, mar shampla, má chliseann ar an gcaidreamh idir an seantuismitheoir agus an tuismitheoir.

Ní bhronntar cearta ar sheantuismitheoirí go huathoibríoch maidir lena ngarleanaí, ach is féidir leat tabhairt faoi bhearta chun feabhas a chur ar an leibhéal teagmhála a dhéanann tú leo.

Conas a iarraim ar níos mó ama a chaitheamh le mo gharleanaí?

Ar an gcéad dul síos, ba cheart duit labhairt le tuismitheoirí nó caomhnóirí an linbh. Ba cheart idirbheartaíocht a fhiosrú, chun triail a bhaint as socrú a dhéanamh chun gur féidir leat níos mó ama a chaitheamh le do gharleanaí.

Mura féidir aon chomhaontú a bhaint amach, ba cheart duit smaoineamh faoi thabhairt faoi idirghabháil teaghlaigh. Is éard a bhíonn i gceist leis seo ná tugann gairmí neamhspleách oilte, ar a dtugtar idirghabhálaí, cabhair duit agus do na tuismitheoirí comhaontú a bhaint amach i spás sábháilte. Téann idirghabháil i ngleic le riachtanais agus leasanna gach duine a bhíonn bainteach.

Is féidir le hidirghabháil tionchair fhadtéarmacha níos fearr a imirt ar an teaghlach trí chéile, mar gheall go nglacann an dá thaobh le húinéireacht as an socrú a bhaineann siad amach. Bíonn i bhfad níos lú achrainn sa phróiseas ná a bhíonn i gceist nuair a dhéileáiltear leis an gceist sa chúirt.

Mura n-éiríonn le hidirghabháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar rochtain ar do gharleanaí.

I gcásanna áirithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar choimeád nó ar chaomhnóireacht. Is féidir leat léamh faoi rochtain, coimeád, agus caomhnóireacht thíos.

Iarratas a dhéanamh ar rochtain ar gharleanbh

Má tá deacracht agat leanúint le teagmháil a dhéanamh le do gharleanaí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar rochtain trí do Chúirt Dúiche áitiúil. Ciallaíonn rochtain go mbeidh ceart dlíthiúil agat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an leanbh, agus d’fhéadfadh fanacht thar oíche (codladh thar oíche) a bheith i gceist leis seo.

Sula gceadófar d’iarratas, déanfaidh an chúirt machnamh ar an méid seo a leanas:

•An ceangal atá agat leis an leanbh faoi láthair

•Aon bhaol atá ann go ndéanfar díobháil do shaol an linbh

•Mianta thuismitheoirí nó chaomhnóirí an linbh

•Mianta an linbh mura féidir leo a ndearcthaí féin a chruthú

Chun iarratas a dhéanamh ar rochtain, caithfidh tú foirm a líonadh ar a dtugtar Foirm 58.19 agus é a chur faoi bhráid na cúirte. Is féidir leat Foirm 58.19 a íoslódáil ó Courts.ie.

Tabharfaidh an chúirt tús aite i gcónaí do riachtanais do gharlinbh. Leagtar amach sárleasanna an linbh in Alt 63 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015. I dturas an ama, leagtar amach na rialacha faoi rochtain in Alt 11B den Acht um Chaomhnóireacht Naíon 1964, arna leasú.

Ba cheart duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil sula ndéanann tú iarratas. Féach ‘Comhairle dlí agus tacaíochtaí eile a fháil’ thíos, nó tabhair cuairt ar ár leathanach faoi rochtain ar leanaí.

Iarratas a dhéanamh ar choimeád garlinbh

Má tá coimeád linbh agat, tá tú freagrach as a gcúram, cóiríocht agus tógáil laethúil.

Is féidir le haon ghaol, seantuismitheoir san áireamh, iarratas a dhéanamh lena gCúirt Dúiche áitiúil ar choimeád linbh.

Ní bhronnfaidh an chúirt coimeád ort, de ghnáth, ach má tá toiliú tugtha don chúirt ag na tuismitheoirí nó na caomhnóirí. Is féidir leis an gcúirt fáil réidh leis an toiliú (cinneadh a dhéanamh nach dteastaíonn toiliú na dtuismitheoirí), áfach, má tá ordú coimeádta ar mhaithe le sárleasanna an linbh.

Má bhronntar coimeád do gharlinbh ort agus má tá siad le cónaí leat, is féidir leis an gcúirt an teagmháil a shonrú (sonraí a thabhairt duit faoin teagmháil, más ann dó, nach mór don leanbh a dhéanamh lena dtuismitheoir(í)).

Ba cheart duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil sula ndéanann tú iarratas ar choimeád. Féach ‘Comhairle dlí agus tacaíochtaí eile a fháil’ thíos. Is féidir leat teacht ar eolas breise freisin ar ár leathanach coimeád libh.

Cúram gaoil

Faoi roinnt cúinsí, is féidir le seantuismitheoirí, gaolta eile nó cara leis an teaghlach cúram lánaimseartha a thabhairt do leanaí agus daoine óga, nuair nach féidir leis na tuismitheoirí aire a thabhairt dóibh. Tugtar socrú príobháideach teaghlaigh nó ‘cúram gaoil’ air seo, amanna. Bíonn formhór na socruithe cúraim gaoil neamhfhoirmiúil, murab ionann agus cúram altrama gaoil, ar socrú foirmiúil é. Tá eolas agus tacaíocht do chúramóirí gaoil ar fáil ag kinshipcare.ie.

Tacaíocht airgeadais a fháil

Más tú féin (an seantuismitheoir) príomhchúramóir an linbh, agus mura bhfuil tacaíocht cheart airgeadais á tabhairt tuismitheoir amháin nó ag an bheirt tuismitheoirí, is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar ordú cothabhála. Ciallaíonn sin, má bhronnann an chúirt d’iarratas, caithfidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí airgead a thabhairt duit i dtreo chúram an linbh.

B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe freisin Íocaíocht Chaomhnóra a éileamh ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ní gá a bheith i do chaomhnóir a ceapadh go dlíthiúil. Is féidir leat an íocaíocht seo a fháil má chónaíonn an leanbh leat, agus má tá tú freagrach as a gcúram.

Bheith i do chaomhnóir ar gharleanbh

Ciallaíonn caomhnóireacht go bhfuil freagracht dhlíthiúil ort as cinntí áirithe agus chun tabhairt faoi dhualgais maidir leis an leanbh a thógáil aníos. Mar shampla, cinntí faoina gcóireáil leighis nó fiaclóireachta, nó faoin gcreideamh nó an cultúr ina dtugtar aníos iad.

Mar sheantuismitheoir, is féidir leat iarratas a dhéanamh le do Chúirt Dúiche áitiúil ar chaomhnóireacht sna cásanna seo a leanas:

•Chuir tú cúram laethúil an linbh ar fáil ar feadh ar a laghad 12 mhí i ndiaidh a chéile, agus

•Níl aon tuismitheoir nó caomhnóir toiliúil (nó ábalta) tabhairt faoi fhreagrachtaí caomhnóireachta maidir leis an leanbh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh, chomh maith, ar chaomhnóireacht má fhaigheann tuismitheoirí an linbh bás gan caomhnóir a cheapadh ina n-uacht.

Is féidir le duine iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht go dtí go mbaineann leanbh 18 mbliana d’aois amach.

Chun iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht, caithfidh tú foirm a líonadh ar a dtugtar ‘Fógra iarratais ar dhuine incháilithe a cheapadh ina gcaomhnóir’. Is féidir an fhoirm seo, ar a dtugtar Foirm 58.30, amanna, a sheoladh chuig do Chúirt Dúiche áitiúil. Íoslódáil ‘an Fógra Iarratais’ (docx) ó Courts.ie.

Ba cheart duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil sula ndéanann tú iarratas. Féach ‘Comhairle dlí agus tacaíochtaí eile a fháil’ thíos.

Do dhualgais chaomhnóireachta

Déanfaidh an chúirt cinneadh faoi mhéid do cheart agus d’fhreagrachtaí caomhnóireachta. B’fhéidir go mbíonn na dualgais chéanna ort a bhíonn ar thuismitheoirí an linbh, nó b’fhéidir nach mbíonn ach dualgais áirithe ort.

Is féidir leis an gcúirt do chearta caomhnóireachta a bhaint freisin ina dhiaidh sin más ar mhaithe le sárleasanna an linbh é.

Caomhnóireacht shealadach

Is féidir le tuismitheoir thú a ainmniú chun gníomhú mar chaomhnóir sealadach linbh mura féidir leo tabhairt faoina ndualgais féin chaomhnóireachta – mar shampla, má éiríonn siad an-bhreoite nó má ghortaítear go dona iad.

Caithfidh an tuismitheoir foirm speisialta a líonadh (pdf) chun thú a ainmniú agus is féidir leo aon mhianta a leagan amach atá acu maidir leis an gcaomhnóireacht shealadach.

Caithfidh tú (an duine ainmnithe) iarratas a dhéanamh ansin leis an gCúirt Dúiche mura féidir leis an tuismitheoir tabhairt faoina ról tuismitheora mar gheall ar bhreoiteacht nó ar ghortú. Míneofar na cearta ar leith atá agat mar chaomhnóir sealadach san ordú cúirte. Is gnách gurb ionann seo agus mianta an tuismitheora, faoi mar a leagtar amach ina bhfoirm ainmniúcháin.

Deonaíodh rochtain nó coimeád dom, ach ní féidir liom casadh le mo gharleanbh go fóill

Má tá ordú rochtana nó ordú coimeádta agat ón gcúirt cheana féin, ach mura bhfuil aon teagmháil á déanamh agat go fóill le do gharleanbh, is féidir leat ordú forghníomhaithea lorg ón gcúirt.

Ordú breise dlíthiúil é ordú forghníomhaithe a eisítear do na tuismitheoirí nó na caomhnóirí a ordaíonn go gcaithfidh siad ligean duit casadh le do gharleanbh, ag na hamanna ar leith a leagtar amach san ordú. Is féidir rochtain bhreise a cheadú san ordú forghníomhaithe chun am a cailleadh a chúiteamh, aon chostais a cuireadh amú a aisíoc nó le hiallach a chur orthu siúd atá i gceist freastal ar chláir thuistithe nó chomhairleoireachta.

Má dhiúltaíonn na tuismitheoirí nó na caomhnóirí ordú rochtana nó coimeádta a chomhlíonadh, is féidir fíneáil a mhéid le €2,500 a ghearradh orthu, nó is féidir téarma príosúnachta a fhaide le 12 mhí, nó an dá rud, a ghearradh orthu.

Le hiarratas a dhéanamh ar ordú forghníomhaithe, caithfidh tú Form líonta 58.43 (docx) a sheoladh chuig do Chúirt Dúiche áitiúil.

Deonaíodh rochtain nó coimeád dom, ach tá athrú tagtha ar mo chúinsí

Ní gá go mairfidh na téarmaí a leagtar amach i d’ordú rochtana nó d’ordú coimeádta go brách.

Má thagann athrú ar do chúinsí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar ordú athraithe. Ciallaíonn seo go nuashonróidh an chúirt roinnt gnéithe nó na gnéithe go léir den ordú rochtana nó den ordú coimeádta. Is féidir leat iarraidh ar an gcúirt freisin an t-ordú bunúil rochtana nó coimeádta a chealú ina iomláine.

Le hiarratas a dhéanamh ar ordú athraithe, caithfidh tú Form líonta 58.21 (docx) a sheoladh chuig do Chúirt Dúiche áitiúil.

Cinneadh na cúirte a achomharc

Déantar cinntí sa Chúirt Dúiche District faoi iarratais ar rochtain, coimeád agus caomhnóireacht bunaithe ar shárleasanna an linbh.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh na cúirte, is féidir leat achomharc a dhéanamh laistigh de 14 lá tar éis go ndearnadh an cinneadh.

Chun achomharc a dhéanamh, caithfidh tú foirm a líonadh ar a dtugtar ‘Fógra Achomhairc don Chúirt Dúiche’. Ceadaíonn an fhoirm seo, ar a dtugtar Foirm 101.1, amanna, duit na cúiseanna atá agat le hachomharc a dhéanamh a mhíniú. Íoslódáil ‘Fógra Achomhairc don Chúirt Chuarda’ (docx) ó Courts.ie.

Ba cheart duit comhairle dlí ghairmiúil a fháil sula ndéanann tú achomharc. Féach ‘Comhairle dlí agus tacaíochtaí eile a fháil’ thíos.

Comhairle dlí agus tacaíochtaí eile a fháil

Is tábhachtach comhairle ghairmiúil dlí a fháil sula dtéann tú chun na cúirte.

Aturnae a fhostú

Is féidir le táillí aturnaetha a bheith an-éagsúil, mar sin, moltar duit an margadh is fearr a chuardach agus roinnt luachana a fháil sula ndéanann tú cinneadh faoi cén t-aturnae ba mhaith leat a úsáid. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála d’aturnaetha a fháil ar láithreán gréasáin Dlí-Chumainn.

Cúnamh dlí a fháil

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, leis an ionad dlí is gaire duit chun teacht ar eolas ar Chúnamh Dlí. Má tá tú incháilithe do chúnamh agus comhairle dlí a fháil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, beidh ort ranníocaíocht a íoc, de ghnáth, i dtreo na gcostas.

ICDSanna (Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce)

Eagraíocht neamhspleách dheonach iad Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSAanna) a oibríonn líonra de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus ar oscailt do chách.

Déan teagmháil leis an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDSA i do cheantar. Cuireann ICDS ‘líne eolais agus atreoraithe’ ar fáil freisin i rith uaireanta oifige chun teacht ar eolas bunúsach faoin dlí.

Tacaíochtaí eile do sheantuismitheoirí

Is féidir leat teacht ar eolas breise ar chearta seantuismitheoirí ar láithreán gréasáin Treoir.

Tá leabhrán ag Treoir ar a dtugtar Being there for them (pdf) do sheantuismitheoirí leanaí nach bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile.

Seirbhís é Cúram Gaoil Éireann nó Kinship Care Ireland atá bunaithe laistigh de Treoir. Tacaíonn Cúram Gaoil le gaolta agus cairde leis an teaghlach a ghlacann le cúram lánaimseartha a thabhairt do leanaí go neamhfhoirmiúil, gan a bheith aitheanta mar chúramóirí altrama.

Idirghabháil teaghlaigh phríobháideach

Tá seirbhísí idirghabhála teaghlaigh príobháideacha ar fáil ar fud na tíre. Gearrann idirghabhálaithe príobháideacha táillí ar bhealaí éagsúla, rátaí laethúla, ráta san uair agus bunráta, ina measc. Cuardaigh an margadh is fearr chun seirbhís a aimsiú a oireann do do bhuiséad.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hInstitiúid Idirghabhálaithe na hÉireann, nó cuairt a thabhairt ar a láithreán gréasáin, chun teacht ar liosta idirghabhálaithe faofa agus creidiúnaithe i do cheantar.

Seirbhísí idirghabhála saor in aisce

Seirbhís saor in aisce é an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh a chuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ar fáil.

Aimsigh oifig áitiúil na Seirbhíse Idirghabhála Teaghlaigh ar láithreán gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, nó íoslódáil a leabhrán eolais (pdf).

Chun coinne a dhéanamh, caithfidh an dá pháirtí (mar shampla, tú féin agus tuismitheoirí an linbh) teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís agus a dheimhniú go bhfuil siad toiliúil freastal air.

D’fhéadfadh liostaí feithimh a bheith ann leis an tseirbhís seo.

Institiúid Idirghabhálaith na hÉireann

Sraith 112, An Foirgneamh Capel
Mainistir Mhuire
Baile Átha Cliath 7
D07 X544
Éire

Teil: +353 (0)1 609 9190
Láithreán Gréasáin: https://www.themii.ie/

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Sráid an Chalaidh
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
V23 RD36
Éire

Teil: 066 947 1000
Lóghlao: 0818 615 200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie

Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce

85/86 Sráid Dorset Uachtarach
Dublin 1
D01 P9Y3
Eire

Teil: +353 (0)1 906 1010
Láithreán Gréasáin: http://www.flac.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.flac.ie/contact/

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

Kinship Care Ireland

Teil: 087 1487124
Láithreán Gréasáin: https://www.kinshipcare.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.kinshipcare.ie/contact/

Glacann seantuismitheoirí le ról tábhachtach i saol a ngarleanaí. Bíonn deacracht ag roinnt seantuismitheoirí, áfach, casadh lena ngarleanaí agus am a chaitheamh leo. Tarlaíonn go bhfágtar ar lár iad ó shaol a ngarleanaí, agus d’fhéadfadh seo goilleadh go mór orthu agus ar na leanaí a bhíonn i gceist. Is iomaí cúis a bhíonn leis seo, mar shampla, má chliseann ar an gcaidreamh idir an seantuismitheoir agus an tuismitheoir.

Ní bhronntar cearta ar sheantuismitheoirí go huathoibríoch maidir lena ngarleanaí, ach is féidir leat tabhairt faoi bhearta chun feabhas a chur ar an leibhéal teagmhála a dhéanann tú leo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Meitheamh 2022