Beathú Cíche

Réamhrá

Is mór iad na buntáistí a bhaineann le beathú cíche, duit féin agus do do leanbh. Soláthraíonn do bhainne cíche na cothaithigh go léir a theastaíonn ó do leanbh chun fás agus forbairt a dhéanamh. Nuair a thagann tú i dteagmháil le víreas nó le baictéir, déanfaidh do chorp antasubstaintí chun é féin a chosaint. Téann na hantasubstaintí seo isteach i do bhainne cíche agus mar sin, déantar do leanbh a chosaint freisin. Cuidíonn beathú cíche freisin le do bhroinn teacht chuici féin níos tapúla tar éis na breithe agus laghdaítear an baol go bhfaighidh tú galair áirithe. Is féidir tuilleadh a léamh faoi na buntáistí a bhaineann le beathú cíche, duit féin agus do do leanbh, ar shuíomh gréasáin FSS.

Is bealach nádúrtha é beathú cíche chun do leanbh a bheathú, cé go bhféadfadh sé a bheith deacair, go háirithe ag an tús. Is scil í a fhoghlaimíonn tú féin agus do leanbh le chéile. Is mó seans go n-éireoidh leat má tá tacaíocht agat, chomh maith leis an eolas ar fad atá uait.

Cabhair a fháil le beathú cíche

Má bhíonn deacracht agat ó thaobh na cíche a thabhairt do do leanbh, nó má tá ceisteanna agat faoi, tá go leor daoine ann ar féidir leo cabhrú leat agus tacaíocht a thabhairt duit:

Ranganna réamhbhreithe sula dtagann an leanbh ar an saol

Nuair a bhíonn tú ag iompar clainne, cabhróidh ranganna réamhbhreithe leat ullmhú le haghaidh bhreith do leanbh. Clúdaíonn na ranganna seo raon leathan ábhar, lena n-áirítear beathú cíche. Reáchtálann roinnt ospidéal cláir speisialta um beathú cíche agus is féidir clárú leo agus tú ag iompar clainne chun tú féin a ullmhú le haghaidh beathú cíche, agus labhairt le saineolaithe faoi cheist ar bith atá agat. Cuir ceist i d’ospidéal áitiúil nó ar d’altra sláinte poiblí maidir leis na ranganna atá ar fáil i do cheantar.

San ospidéal nó sa bhaile

Nuair a bheidh do leanbh tar éis teacht ar an saol, is mór an taithí a bheidh ag do bhean chabhrach le máithreacha a bhíonn ag tabhairt na cíche dá leanaí agus beidh sí in ann cabhrú leat tosú. Is féidir cabhair a fháil freisin ó chomhairleoirí lachta a bhfuil oiliúint shonrach acu tacú leis an mbeathú cíche. Reáchtálann go leor ospidéal clinicí buail isteach seachtainiúla um beathú cíche ionas gur féidir leat labhairt le saineolaithe beathú cíche agus le máithreacha eile, agus tacaíocht leanúnach a fháil.

Ag d'ionad sláinte áitiúil

Reáchtálann an t-altra sláinte poiblí grúpaí tacaíochta beathú cíche. Bíonn cruinnithe seachtainiúla ann, áit ar féidir leat féin agus le máithreacha eile bualadh leis an altra chun fadhbanna ar bith atá agaibh a phlé agus comhairle a fháil.

Comhairleoirí beathú cíche

comhairleoirí atá oilte sa bheathú cíche ag Cuidiú in áiteanna ar fud na tíre.

Is grúpa deonach é Léig La Leche na hÉireann a sholáthraíonn faisnéis agus tacaíocht do mhná atá ag iarraidh a gcuid leanaí a bheathú ar an gcíoch. I measc sheirbhísí an ghrúpa seo tá seirbhísí comhairleoireachta ar an teileafóin agus cruinnithe grúpa míosúla.

Grúpaí tacaíochta beathú cíche

Reáchtáiltear grúpaí tacaíochta beathú cíche ar fud na hÉireann. Ag grúpaí tacaíochta beathú cíche, comhroinneann máithreacha comhairle ar bheathú cíche, chomh maith le caint agus cadráil a dhéanamh le chéile. Bíonn deis ag máithreacha freisin labhairt le saineolaí beathú cíche faoi cheist ar bith a bhíonn acu. Bíonn fáilte freisin roimh mhná atá ag súil le leanbh ag na grúpaí seo sa chás go bhfuil siad ag smaoineamh faoin gcíoch a thabhairt dá leanaí agus iad ag iarraidh a fháil amach conas a bheith ullamh chuige sin.

Eagraíonn an dá ghrúpa, Cuidiú agus Léig La Leche na hÉireann grúpaí tacaíochta beathú cíche agus maidineacha caife.

Cuireann Cairde Beathú Cíche oiliúint ar ‘Dhlúthchairde um Beathú Cíche’ atá ar fáil chun tacaíocht a thabhairt duit trí théacs, guthán, ríomhphost nó físghlao maidir leis an mbeathú cíche.

Beathú cíche in áiteanna poiblí

Tá sé de cheart agat do leanbh a bheathú in áiteanna poiblí agus ní gá cead a iarraidh ar dhuine ar bith. Agus tú amuigh i measc an phobail, is féidir do leanbh a chothú áit ar bith is mian leat nó áit ar bith a mbíonn sé ag teastáil ó do leanbh. Bíonn áit phríobháideach curtha ar fáil in áiteanna áirithe agus is féidir í a úsáid más maith leat é seo a dhéanamh, ach ní gá duit an áit sin a úsáid.

Beathú cíche agus fostaíocht

Má tá tú ag obair agus ag beathú cíche do leanbh, tá tú i dteideal am saor ón obair a ghlacadh gach lá chun beathú cíche. Baineann sé seo le gach bean (nó tuismitheoir breithe) i bhfostaíocht a rugadh laistigh den 2 bhliain roimhe sin (104 seachtaine). Ní chaithfidh fostóirí saoráidí a chur ar fáil san ionad oibre chun beathú cíche a éascú dá mbeadh costais mhóra ag baint le saoráidí den sórt sin a sholáthar. Ar rogha d’fhostóra, tá tú i dteideal:

  • Beathú cíche san ionad oibre nó bainne cíche a thál, áit a bhfuil áiseanna oiriúnacha ar fáil i d’ionad oibre, nó
  • Bíodh d’uaireanta oibre laghdaithe (gan pá a chailleadh) chun beathú cíche a éascú nuair nach bhfuil áiseanna oiriúnacha ar fáil.

Má tá tú ag obair agus ag beathú cíche, tá tú i dteideal 1 uair an chloig a ghlacadh saor ón obair (le pá) gach lá mar bhriseadh beathú cíche ar feadh suas le 2 bhliain (104 seachtaine) tar éis breithe. Is féidir an t-am seo a ghlacadh mar:

  • Sos amháin 60 nóiméad
  • Dhá shos 30 nóiméad
  • Trí shos 20 nóiméad

Féadfaidh sosanna a bheith níos faide agus níos minice má chomhaontaítear idir tú féin agus d’fhostóir. Seicéail le d'fhostóir cad é a pholasaí.

Tá oibrithe páirtaimseartha i dteideal sosanna beathú cíche freisin, arna ríomh ar bhonn pro-rata.

Tá do cheart chun am saor leagtha amach faoin Alt 9 den Acht um Chosaint Mháithreachais (leasú) 2004, arna leasú ag An Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil 2023.

Ag filleadh ar an obair agus tú fós i mbun beathú cíche

Más mian leat leanúint ar aghaidh le beathú cíche nuair a fhilleann tú ar an obair, caithfidh tú d’fhostóir a chur ar an eolas (i scríbhinn) go bhfuil sé ar intinn agat dul i mbun beathú cíche ag an obair. Ba cheart é seo a dheimhniú 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe agat filleadh ar an obair ó do shaoire mháithreachais. Féadfaidh fostóirí iarraidh ort teastas breithe an linbh (nó doiciméad éigin eile a dheimhníonn dáta breithe an linbh) a chur ar fáil.

Tuilleadh eolais

eolas do dhaoine atá sé ar intinn acu dul i mbun beathú cíche ar fáil ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá comhairle, noda agus eolas ann do thuismitheoirí ar spéis leo dul i mbun beathú cíche agus tá sonraí le fáil ann maidir le grúpaí tacaíochta ar fud na tíre.

Cuidiú

Teach Carmichael
Sráid Brunswick
Dublin 7
Ireland

Láithreán Gréasáin: http://www.cuidiu.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Meán Fómhair 2023