Tá cead ag oifigigh Chustaim agus Máil scrúdú a dhéanamh ar earraí allmhairithe (bagáiste pearsanta san áireamh) chun smuigleáil earraí a bhfuil dleacht nó mál ag baint leo, nó earraí cosctha, a sheachaint. Déantar na scrúduithe seo go rialta ar thaistealaithe atá ag teacht ó áiteanna lasmuigh den AE nó ó áiteanna taobh amuigh den AE via ballstát den AE. Caithfidh na taistealaithe seo dearbhú custaim a dhéanamh. Má tá tú ag teacht go hÉirinn ó áit taobh amuigh den AE via ballstát den AE, ní foláir duit dearbhú custaim a dhéanamh muna raibh do bhagáiste uilig imréitithe ag oifigigh chustaim ag an gcéad aerfort nó ionad teachta a shroich tú san AE. (Ó 15 Meitheamh 2007 ta rialacháín nua faoi rialú airgid thirim. Má bíonn tu ag teacht istigh nó ag dul lasmuigh den AE le €10,000 airgead tirim nó níos mó, caithfidh tú dearbhú custaim speisialta a dhéanamh don údarás custaim an bhallstáit ina bhfuil tú ag teacht nó ag fáil.)
Má bhí do bhagáiste uilig imréitithe ag oifigigh chustaim nuair a shroich tú an AE, d'fhéadfá dul tríd an mBealach Gorm. De ghnáth déantar dearbhú custaim trí chóras na Bealaí Dearga/Uaithne. Ba cheart do thaistealaithe dul tríd an mBealach Dearg má:
Ba cheart do thaistealaithe dul tríd an mBealach Uaithne:
D'fhéadfadh taistealaithe ag teacht ó áiteanna lasmuigh den AE a bheith ceistithe agus a mbagáiste a bheith curtha faoi scrúdú.
Ní chaithfidh taistealaithe atá ag teacht ó áiteanna taobh istigh den AE dearbhú custaim a dhéanamh agus ba cheart dóibh dul ar aghaidh tríd an mBealach Gorm. Tá cead ag oifigigh chustaim, áfach, na taistealaithe seo a cheistiú má tá amhras ann ar tháinig siad ó bhallstáit den AE nó nár tháinig. Tá cead ag oifigigh chustaim a ladar a chur isteach má cheapann siad go bhfuil earraí cosctha nó srianta (drugaí san áireamh) dhá allmhairiú/onnmhairiú nó má cheapann siad go bhfuil coir i dtaobh earraí a bhfuil mál orthu dhá déanamh.
Tá na modhanna oibre seo i bhfeidhm chun an tsochaí a chosaint agus calaois ioncaim a sheachaint.
Níl cead ag oifigigh chustaim cuardach a dhéanamh ar thaistealaithe ach amháin nuair atá cúis ag an oifigeach amhras a bheith aige go bhfuil siad:
I gcásanna ina gceapann oifigeach custaim go bhfuil an duine ag iompar earraí gan custam nó earraí cosctha, ní foláir dó/di dul chuig oifigeach sinsearach na seirbhíse Custaim agus Máil a dhéanfaidh cinneadh an bhfuil dóthain cúise ann chun cuardach a dhéanamh.
I ndáiríre, déantar cuardach an chuid is mó den am i dtaobh drugaí. Má táthar chun cuardach a dhéanamh ort de bharr amhrais go bhfuil tú ag iompar drugaí:
Coinníonn oifigigh chustaim taifid de na cuardaigh go léir a dhéanann siad.
Chomh maith leis sin, tá na ceartanna seo a leanas ag gach duine atá coinnithe ag oifigigh custaim:
Má cheapann tú nach bhfuair tú cothrom na Féinne ó na hoifigigh chustaim, d'fhéadfá gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim, Caisleán Baile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, nó chuig Fear an Phobail, 18 Sráid Chill Mochargán Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Tugtar cuardach eadaí seachtracha ar chuardach éadaí amuigh, gan éadaí a bhaint.
D'fhéadfadh éadaí a bhaint díot, iad a chuardú agus súilscrúdú a dhéanamh ar an duine nocht ag oifigeach nó dochtúir, a bheith i gceist le dlúthchuardach coirp chun a fháil amach an bhfuil drugaí ceilte.
Ní féidir dlúthchuardach coirp a dhéanamh ort chun drugaí a fháil ach amháin:
Ní dhéanann oifigigh chustaim cuardaigh coirpe taobh istigh.
De ghnáth, is é luach na n-earraí le dleacht íochta faoi thrí an pionós a ghearrtar ar iompar earraí gan custam. D'fhéadfadh na hearraí a bheith forghéillte agus is féidir iad a ghábháil chomh maith le nithe ar bith eile a úsáideadh chun na hearraí gan custam a cheilt nó a iompar, nó rudaí a bhí pacáilte ina dteannta.
Leagtar amach na pionóis i dtaobh smuigleáil drugaí mí-dleathacha san Acht um Mhí-Úsáid Drugaí, leasaithe. Tá réimse pionós i bhfeidhm ó fhíneáil i gcás duine chiontaithe i leith allmhairithe druga ar nós cannabas chun úsáid phearsanta a bhaint as, go dtí príosún saoil do na cionta is tromchúisí, a bhaineann le hallmhairiú drugaí chun iad a sholáthar do dhaoine eile.
Má bionn aon eolas agat faoi smuigleáil drugaí (pdf) is féidir foirm thuarisce Faire Drugai Custaim comhlánaithe a sheoladh do Forfheidhmiú an Dlí Custam a Bhaineann le Drugaí – féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ thios. (Ba chóir duit ‘Saorphoist’ a chur ar an cludach.)
Má cheapann tú gur fhulaing tú úsáid mhí-chothrom ó oifigigh Chustaim, ba cheart duit gearán a dhéanamh ag an am cuí leis an mBailitheoir nó le bainisteoir áitiúil eile. Nó de rogha ar sin, d'fhéadfá do ghearán a dhéanamh i scríbhinn (níl foirm ar leith le líonadh) go dtí Oifig na gCoimisineirí Ioncaim, Aonad Polasaithe Seirbhíse Custaiméara, Rannóg Bainistíochta Corparáideach, 3ú Úrlár, Teach Cill Mhantáin, Sráid Mhór San Seoirse Theas, Baile Átha Cliath 2. Cuirfear do ghearán ar aghaidh chuig oifigeach sinsearach a dhéanfaidh iniúchadh iomlán ar an gcás agus eiseófar freagra chomh luath agus is féidir, de ghnáth taobh istigh de mhí.
Bloc D
Geata Bhaile na Fuinseoige
Bóthar na hUaimhe
Baile Átha Cliath 15
ZZZ
Ireland
Teil:+353 1 827 7697
Facs:+353 1 827 7680
R-phost: antidrugs@revenue.ie
Aonad Beartais Seirbhíse Custaiméara
Urlár 1
Cearnóg An Easpaig
Cnoc Réamainn
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 424 4229
Facs:+353 (0)1 424 4396
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: complaints@revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.