Gortaítear, loitear go trom, nó maraítear go leor daoine ar ár mbóithre in Éirinn gach uile bhliain; agus ní tharlódh an-chuid den ghortú sin agus go leor den bhás dá mbeadh srian leordhóthanach curtha ar thiománaithe agus ar phaisinéirí ag criosanna sabhála nó ag córais srianta páistí (CSP). Tá dualgas dlíthiúil ann lena bheith srianta agus feidhmíonn sé seo do chás na dtiománaithe agus na bpaisinéirí araon. Ina theannta sin, bíonn ualach breise ar thiománaithe chun a chinntiú go sriantar go cuí daoine faoin mbliain 17 ach a mbíonn ceannas acu ar an bhfeithicil. Bíonn fíneáil muirir sheasta de €60 ar chionta. Ní mór duit an fhíneáil seo a íoc laistigh de 28 lá, nó beidh ort fíneáil €90 a íoc laistigh de 56 lá ón gcion. Cuirfear dhá phointe phíonóis le do cheadúnas má roghnaíonn tú gan dul chun cúirte. Má chiontaítear sa chúirt tú as gan do chrios sabhála a bheith umat, cuirfear ceithre phointe le do cheadúnas agus beidh tú faoi dhliteanas d'fhíneáil €800 don chéad chion.
Is forbhreathnú é an doiciméad seo ar an dlí mar atá ann dó i láthair na huaire i maidir le caitheamh chriosanna sabhála agus srianta páiste i mótarfheithiclí. Tabharfar faisnéis anseo freisin, maidir leo siúd ar díolmhaithe faoin dlí iad.
De réir na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre 1971 agus 1991 (Tógáil, Feistiú agus Leas Feithiclí) (Leasú) agus IR 240/2006 Na Comhphobail Eorpacha (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Srianacha do Leanaí i Mótarfheithiclí, ní foláir do thromlach na ndaoine a thaistlíonn i mótarfheithiclí crios sabhála nó srian páiste a chur umpu i gcónaí. Bíonn roinnt daoine ann, ámh, ar díolmhaithe ó na riachtanais seo iad. Mar thiománaí nó mar phaisinéir, is é do leas é a bheith eolach ar na riachtanais agus ar do chuid dualgas. Is fiú a thabhairt faoi deara gurb éigean don dlí lamháil do chúinsí eisceachtúla agus nach dlí lánchuimsitheach é. B'fhéidir go mbeidh staideanna ann nach éigeantach iontu an crios a chur umat, ach mar sin féín gur molta í - ag tabhairt teagaisc thiomána, mar shampla. Tabharfar sainmhínithe ar "criosanna sabhála", "srianta páiste" agus ar "criosanna do dhaoine le mhíchumas" thíos. Cuimseofar na riachtanais do pháistí maidir le criosanna sabhála, freisin, in alt ar leith.
Is bailiúchán strapaí atá sa chrios sabhála ar socraithe go dóthanach don fheithicil é, agus búcla daingnithe leis. Ní mór go mbeadh na strapaí sin so-athraithe. Dá dtarlódh taisme nó eachtra, deartar an crios sabhála le baol gortaithe a íoslaghdú trí do chuid corraithe a shrianadh.
Is gaireas é srian páiste ar dearadh lena leas ag páiste inarb é 36 cg nó níos lú a meáchan. Feistítear an srian go díreach do chrios oiriúnach nó feidhmíonn crios sabhála lena dhaingniú; beart a chuireann srian, dá réir, ar aon chorraíl dá dtarlódh timpiste nó eachtra éigin. Is srian páiste iomchuí ceann a fheileann do mheáchan an pháiste. Déantar tásc don raon meáchain ar an srian páiste féin.
Ní mór d'fheithiclí áirithe, de réir dhlí na hÉireann, criosanna sabhála a bheith iontu. Is iad na feithiclí sin atá i gceist ná:
Ón 1 Eanáir 1971 i leith, ní mór do gach tiománaí agus do dhuine ar bith a bhíonn i suíochán tosaigh ar dírithe chun tosaigh é in aon cheann de na feithiclí a liostáiltear thuas, ní mór dóibh crios sabhála nó srian páiste iomchuí a chur umpu, mura díolmhaítear iad. (Féach "díolúintí" thíos).
Is gá paisinéirí atá ag taisteal i mbus ina bhfuil criosanna sábhála a chur ar an eolas go bhfuil ceangal orthu iad a chaitheamh.
Ní fhéadtar leanaí agus páistí faoi 3 bliana d'aois a chur i suíochán tosaigh fheithicle ar dírithe chun tosaigh é, ach amháin sa chás ina mbaineann siad leas as srian páiste iomchuí. Feidhmíonn an riachtanas seo do gach ceann de na feithiclí a liostáladh thuas, gan baint ar bith leis an mbliain inar cláraíodh iad - chomh fada agus go mbíonn criosanna sabhála curtha i bhfearas orthu. (In athuair, is gaireas é srian páiste ar dearadh lena leas ag páiste inarb é 36 cg nó níos lú a meáchan). Feistítear an srian go díreach do chrios oiriúnach nó feidhmíonn crios sabhála lena dhaingniú; beart a chuireann srian, dá réir, ar aon chorraíl dá dtarlódh timpiste nó eachtra éigin. Is srian páiste iomchuí ceann a fheileann do mheáchan an pháiste. Déantar tásc don raon meáchain ar an srian páiste féin.
Ní foláir nó nach n-úsáidtear srianacha linbh aghaidh ar chúl i suíocháin atá cosanta ag mála aeir tulghníomhach agus is gá go mbeadh na srianacha linbh de réir chaighdeáin an AE nó na NA.
Ní fhéadtar páistí os cionn 3 bliana d'aois a chur i suíochán tosaigh fheithicle ar dírithe chun tosaigh é ach amháin sa chás ina mbaineann siad leas as crios sabhála nó srian páiste iomchuí. Ina mhalairt de chás, ní mór dóibh taisteal i suíochán ar chúl. Ní mór do leanaí atá níos ísle ná 150 ceintiméadar in airde agus atá níos éadroime ná 36 cileagram (leanaí atá 11/12 bhliain d’aois agus níos óige de ghnáth) an suíochán linbh cuí nó cúisín breise a úsáid.
Ní mór do phaisinéirí atá 3 bliana d’aois nó níos sine ná sin criosanna sábhála a chaitheamh, más ar fáil iad, agus iad ag taisteal ar an mbus.
Níl aon riachtanas ar dhuine os cionn 12 bhliain déag nó atá faoi 150 cm in airde crios sabhála a chur umpu fiú má sholáthraítear ceann. Tá saoirse acu, dar ndóigh, an crios a chur umpu ach bíonn daoine faoin airde seo lasmuigh de theorainneacha pharaiméadar deartha an chreasa shabhála, mar sin tá seans ann go mbeadh an crios sabhála gortach dóibh i roinnt cásanna. Dá dheasca seo, ligeann an dlí dóibh a rogha féin a dhéanamh an crios a chur umpu nó gan é a chur umpu. Ní bhaineann sé le cás an suite i dtosach nó i gcúl na feithicle atá siad.
Ní foláir do gach carr ar cláraíodh in Éirinn ón 1ú Meitheamh 1971 i leith criosanna sabhála a bheith feistithe ar a gcuid suíochán tosaigh. Caitheann suíocháin chúil a bheith trealmhaithe le criosanna sabhála ar gach carr a céadchláraíodh ón mbliain 1992 i leith. Mura soláthraítear criosanna sabhála i gcúl do chairr, ó roimh an mbliain 1992 é, díolmhaítear paisinéirí dá réir sin ón dlí a chuireann iallach orthu crios sabhála (nó srian páiste) a chur umpu agus iad á n-iompar i gcúl do chairr. Má tá carr ó roimh an mbliain 1992 agat, ámh, moltar go láidir duit gurbh fhéidir go bhfeisteofá criosanna sabhála nó srianta páiste, ar feiliúnach iad don leas ar beartaithe a bhaint astu, ann. Bíonn anacaireachtaí do chriosanna sabhála i go leor de na cairr ó bhlianta roimh 1992, rud a chiallaíonn gur beart réasúnta neamhchostasach é feistiú chriosanna sabhála nó shrianta páiste.
Is crios sabhála é "crios do dhaoine le mhíchumas" ar dearadh nó ar oiriúnadh go speisialta é do dhuine éigin a bhfuil míchumas fisiciúil orthu. Na criosanna sabhála do dhaoine le míchumas; níor chóir ach dóibh siúd ar beartaíodh lena n-aghaidh iad aon leas a bhaint astu.
Iarrtar ar thiománaithe feithiclí beaga seirbhíse poiblí (.i. tacsaithe) criosanna sábhála a chaitheamh agus iad ag tiomáint na bhfeithiclí sin ó mhí Iúil 2004 ar aghaidh.
Bíonn an chumhacht ag an nGarda Síochána, de réir an dhlí, rialacháin chreasa sabhála a chur i bhfeidhm ar fud Phoblacht na hÉireann. Mura mbíonn tú i measc iad siúd ar díolmhaithe de réir an dhlí iad, is cion reachtúil é mainneachtain crios suíocháin nó srian páiste iomchuí a chur um dhuine sa chás ina soláthraítear ceann san fheithicil.
Forálacha a thug an Rialtas isteach le deireanas iad; tá siad tar éis na fíneálacha as gan na criosanna sabhála agus na srianta páiste a chur um dhuine a mhéadú. Cintíonn na forálacha seo, freisin, go gcuirfear pointí píonóis i bhfeidhm; le go gcinnteofar go gcomhlíonann tiománaithe an dlí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.