Do cheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora a nuashonrú

Réamhrá

Nuair a dhéanann tú iarratas ar cheadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora, eisítear é san ainm agus sa seoladh a sholáthair tú ag an tráth sin. Má athraíonn tú d’ainm nó seoladh ina dhiaidh sin, is féadir do cheadúnas nó cead reatha a mhalartú ar cheann nuashonraithe.

Tá ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar ar an athrú. Beidh an dáta éagtha ag do cheadúnas nó cead nua a bhí ag do cheadúnas nó cead bunúil.

Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a dhéanamh ar shonraí pearsanta a leasú murach go bhfuil do cheadúnas tiomána le hathnuachan nó má cailleadh nó má goideadh é nó má rinneadh díobháil dó, agus gearrfar táille sa chás sin. Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine, níl ort an táille a íoc.

Cé gur gá duit do cheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora a iompar leat ag gach tráth nuair a bhíonn tú ag tiomáint, ní cheanglaítear sa dlí ort do cheadúnas nó cead a athrú má thagann athrú ar d'ainm nó seoladh. Moltar duit é sin a shéanamh, áfach.

Nuair a bhíonn tú ag tiomáint, tá ort fianaise a thaispeáint ar do cheadúnas nó cead má iarrann an Garda Síochána ort é sin a dhéanamh, mar sin, ba cheart go mbeidh faisnéis chothrom le dáta i do cheadúnas nó cead.

Conas iarratas a dhéanamh

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh i bpearsan ar cheann d’ionaid an SNCT. Níl ort grianghraif a sholáthar le d’iarratas ach tá ort cáipéisí breise a thabhairt leat chun d’aitheantas a dheimhniú.

Déanann tú iarratas chun do cheadúnas nó cead a nuashonrú trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar cheadúnas tiomána (D401) nó do cheadúnas foghlaimeora (D201), faoi mar is cuí. Tá siad ar fáil ó ionaid an SNCT, ionaid tástála tiomána, ionaid tástála teoirice agus stáisiúin Ghardaí. Is féidir iad a íoslódáil chomh maith:

Iarratas a dhéanamh ar líne

Teastóidh an méid seo a leanas uait:

  • Cruthúnas maidir le d’uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) agus cuntas deimhnithe MyGovID.
  • Cruthúnas ar do sheoladh dar dáta le 6 mhí anuas más éagsúil do sheoladh reatha ón seoladh a sholáthair tú nuair a rinne tú iarratas ar do CSP.
  • D’fhéadfadh Foirm Thuairisc Liachta do Cheadúnas Tiomána a bheith ag teastáil (féach thíos).
  • Cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má tá d’áit bhreithe agus náisiúntacht lasmuigh den AE/an LEE (féach thíos).

Iarratas a dhéanamh i bpearsan

Caithfidh tú coinne a chur in áirithe le cuairt a thabhairt ar ionad an SNCT. Beidh ort na cáipéisí tacaíochta riachtanacha agus aitheantas a thabhairt leat. Ní theastaíonn foirm iarratais a thuilleadh. Glacfar do ghrianghraf agus do shíniú go leictreonach ag ionad an SNCT.

Caithfidh tú na rudaí seo a leanas a thabhairt leat:

  • Do cheadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora reatha nó is déanaí. Má cailleadh, má goideadh nó má rinneadh díobháil do do cheadúnas, caithfidh tú aitheantas bailí grianghraif a thabhairt leat.
  • Fianaise dhoiciméadach ar athrú ar ainm nó seoladh (féach thíos)
  • Cruthúnas maidir le d’uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) (féach thíos)
  • Cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má tá d’áit bhreithe agus náisiúntacht lasmuigh den AE/an LEE (féach thíos)
  • Cruthúnas ar do sheoladh dar dáta le 6 mhí anuas
  • D’fhéadfadh Foirm Thuairisc Liachta do Cheadúnas Tiomána a bheith ag teastáil (féach thíos)

Fianaise dhoiciméadach

Fianaise dhoiciméadach ar athrú ar ainm nó seoladh

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar líne le d’ainm a athrú, caithfidh gur nuashonraigh tú d’ainm leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Má tá iarratas á dhéanamh agat i bpearsan, tá ort fianaise a sholáthar má thagann athrú ar d’ainm nó seoladh chun na sonraí seo faoi do cheadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora a nuashonrú.

Tá ort fianaise a sholáthar má thagann athrú ar d’ainm nó seoladh chun na sonraí seo faoi do cheadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora a nuashonrú. Braitheann saghas na gcáipéisí a theastaíonn ar na leasuithe a theastaíonn uait, féach thíos:

Athrú ar ainm nuair a phóstar thú nó nuair a iontrálann tú páirtnéireacht shibhialta

Caithfidh tú do bhundeimhniú pósta shibhialta nó páirtnéireachta sibhialta a sholáthar. Caithfear aistriúcháin dheimhnithe a sheoladh ar aghaidh leis an mbundeimhniú pósta shibhialta nó páirtnéireachta sibhialta mura bhfuil siad i mBéarla nó i nGaeilge. Mar rogha air sin, féadfaidh tú foirm inghlactha d’aitheantas grianghrafadóireachta a sholáthar a eisíodh i d’ainm nua (féach Aitheantas grianghraif thíos). Féach láithreán gréasáin an SNCT chun teacht ar eolas breise.

Ainm a athrú nuair a shéantar thú a cholscaradh nó a idirscaradh

Caithfidh tú fianaise bhunúil a sheoladh ar aghaidh go ndearnadh thú a cholscaradh/a idirscaradh nó gur díscaoileadh do pháirtnéireacht shibhialta nó fianaise a sheoladh ar aghaidh gur cuireadh tús leis an gcéanna: ordú cúirte idirscartha bhreithiúnaigh nó comhaontú idirscartha nó foraithne cholscartha nó litir ó aturnae ina ndeimhnítear gur lorgaíodh idirscaradh. Anuas air sin, ba cheart duit do bhunteastas breithe an RA/Éireannach nó do bhundeimhniú pósta shibhialta* nó do bhundeimhniú páirtnéireachta sibhialta a sheoladh ar aghaidh le do shloinne breithe a dheimhniú. Mar rogha air sin, is féidir leat aitheantas inghlactha grianghraif a sholáthar i d’ainm nua.* Teastaíonn aistriúcháin dheimhnithe do gach deimhniú pósta nó deimhniú páirtnéireachta sibhialta nach bhfuil i mBéarla nó i nGaeilge. Caithfidh cuideachta chreidiúnach aistriúcháin a sholáthar agus caithfidh an chuideachta sin a bheith mar bhall de Chumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann. Caithfear an bundeimhniú pósta nó páirtnéireachta sibhialta a sheoladh ar aghaidh leis an aistriúchán deimhnithe. Féach láithreán gréasáin an SNCT chun teacht ar eolas breise.

Ainm a athrú i ndiadh gníomhas aonpháirtí

Caithfidh tú fianaise a sholáthar gur athraíodh d’ainm, i.e. buncháipéis ghníomhas aonpháirtí Éireannach a cláraíodh in Ard-Chúirt na hÉireann. Mar rogha air sin, féadfaidh tú aitheantas grianghraif inghlactha a sholáthar a eisíodh i d’ainm nua. Féach láithreán gréasáin an SNCT chun teacht ar eolas breise.

Ainm a athrú trí úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge de d’ainm

Caithfidh tú fianaise a sheoladh ar aghaidh go bhfuil an leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid agat, i.e. dhá cháipéis oifigiúla ina léirítear go bhfuil d’ainm nua a úsáid agat ar feadh dhá bhliain ar dháta an iarratais ag ionad an SNCT. Mar rogha air sin, féadfaidh tú aitheantas grianghraif inghlactha a sholáthar a eisíodh i d’ainm nua. Féach láithreán gréasáin an SNCT chun teacht ar eolas breise.

Athrú seolta

Caithfidh tú cruthúnas i dtaobh do sheolta nua a sheoladh ar aghaidh. Féach ‘Cruthúnas seolta’ thíos.

Cruthúnas aitheantais

Ón 9 Aibreán 2018 ar aghaidh, is féidir leat do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a úsáid mar chruthúnas aitheantais. Caithfidh an t-ainm agus an seoladh ar do cheadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána a bheith mar an gcéanna leis an ainm agus an seoladh ar do CSP, más mian leat do CSP a úsáid mar aitheantas grianghraif agus cruthúnas seolta. Más saoránach de bhallstát an AE/an LEE thú, féadfaidh tú úsáid a bhaint, chomh maith, as an CSP mar chruthúnas ar do theidlíocht do chónaitheacht, seachas sin, caithfidh tú cáipéis a sholáthar ón liosta ‘Cruthúnas i dtaobh do theidlíochta do chónaitheacht’ thíos. Mura bhfuil CSP agat, teastaíonn cáipéis amháin uait ó gach ceann de na míreanna thíos:

Mura bhfuil CSP agat, teastaíonn cáipéis amháin uait a liostaítear ar láithreán gréasáin an SNCT ó gach ceann de na míreanna thíos:

  • Aitheantas grianghraif
  • Cruthúnas i dtaobh do theidlíochta do chónaitheacht
  • Fianaise ar d’Uimhir PSP
  • Cruthúnas seolta

Nóta: Caithfidh gur eisíodh cáipéisí cruthúnas seolta níos lú ná 6 mhí ó shin nuair a dhéanann tú iarratas. Ní ghlactar billí agus ráitis ghuthán póca ó chártaí siopa/cuideachtaí catalóige. Is féidir leat teacht ar liosta iomlán cáipéisí nach nglacfar leo ar láithreán gréasáin an SNCT.

Cá ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir leat is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne le do shonraí pearsanta a nuashonrú má tá Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) agus cuntas deimhnithe MyGovId agat.

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána no ceadúnas foghlaimeora a nuashonrú i bpearsan ag ceann d’ionaid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (an SNCT)- féach ‘Conas Iarratas a Dhéanamh’ thuas. Is féidir leat coinne a chur in áirithe ar líne.

Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána faisnéis ar fáil ar do shonraí pearsanta a athrú ar a láithreán gréasáin.

Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Po Box 858
Southside Delivery Office
Corcaigh
Éire

Teil: 0818 700 800
Láithreán Gréasáin: https://www.ndls.ie/
R-phost: info@ndls.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Iúil 2023