Ag taisteal thar lear

Réamhrá

Sula dtéann tú ar thuras, déan cinnte roinnt rudaí riachtanacha a dhéanamh. Ar dtús, seiceáil na rialacha agus na ceanglais don tír ar a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi. Tá seans ann go mbeidh víosa ag teastáil uait, nó b’fhéidir go mbeadh gá le do phas a athnuachan. Ba cheart duit smaoineamh ar árachas taistil a fháil ar eagla go mbeidh fadhb agat. Má tá sé beartaithe agat tiomáint, cinntigh go bhfuil do cheadúnas tiomána bailí. Agus tú thar lear, is maith an rud é fios a bheith agat cá bhfuil an Ambasáid nó Consalacht de chuid na hÉireann is gaire duit, ar fhaitíos go mbeidh cabhair uait.

Tá roinnt leideanna cabhracha maidir le taistil ar an leathanach seo agus tú ag taisteal thar lear.

Sula dtéann tú ag taisteal

Déan an chomhairle taistil agus riachtanais iontrála do cheann scríbe a sheiceáil.

Déan comhairle taistil agus riachtanais iontrála na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici a sheiceáil sula dtéann tú thar lear.

Seans go mbeidh víosa ag teastáil uait, braitheann sé seo ar do cheann scríbe. Faigh amach an bhfuil víosa ag teastáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

An bhfuil do phas bailí?

Cinntigh go bhfuil dáta do phas féin agus dáta phasanna do theaghlaigh bailí sula gcuirfeá saoire in áirithe. Tá an tseirbhís Pas Ar Líne oscailte do gach iarratasóir. Is féidir eolas a fháil anseo maidir le conas do phas a athnuachan nó conas iarratas a dhéanamh ar chéad phas do linbh.

na hamanna slánúcháin pas is déanaí ar fáil ar shuíomh gréasáin Sheirbhís na bPasanna.

An bhfuil árachas taistil agat?

Ba cheart árachas taistil a fháil duit féin agus do do theaghlach. Má tá polasaí árachais taistil agat cheana féin, nó má tá árachas taistil san áireamh i do pholasaí árachais sláinte, ba cheart a sheiceáil go bhfuil tú clúdaithe do chóireáil ospidéil i gcás COVID-19.

Ba chóir do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a thabhairt leat má tá tú ag taisteal chuig an LEE nó chuig an Eilvéis. Ní féidir do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid sa RA. Ach is féidir an cúram sláinte a theastaíonn uait a fháil fós. Beidh ort do phas Éireannach a thaispeáint don dochtúir teaghlaigh nó don ospidéal. Bí cinnte go bhfuil sé cothrom le dáta, ní mór é a athnuachan gach 4 bliana agus tá pas ar leith ag teastáil ó gach ball den teaghlach. Ní oibríonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte in ionad árachas taistil.

Tá comhaontú sláinte cómhalartach i bhfeidhm idir Éire agus an Astráil. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh cuairteoirí Éireannacha chun na hAstráile seirbhísí éigeandála agus cúnamh i leith costas drugaí agus leigheasanna ordaithe ar an mbonn céanna le daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu san Astráil.

Tá Éireannaigh atá ag taisteal sa RA i dteideal rochtain a fháil ar chúram sláinte tríd an gComhlimistéar Taistil.

Ag tiomáint thar lear

Má tá sé ar intinn agat tiomáint agus tú thar lear, cinntigh go bhfuil do cheadúnas tiomána Éireannach bailí agus go dtabharfaidh tú leat é.

D'fhéadfadh roinnt tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Ballstáit an Aontais Eorpaigh, na hIorua, na hÍoslainne agus Lichtinstéin) a cheangal ort Cead Tiomána Idirnáisiúnta (IDP) agus do cheadúnas tiomána Éireannach a bheith agat.

Féach an Fhoirm iarratais IDP (pdf) le haghaidh liosta iomlán de na tíortha a aithníonn an cead sin.

Déan cinnte i gcónaí go bhfuil tú árachaithe mar is cuí le haghaidh tiomána agus tú thar lear.

Faigh tuilleadh eolais maidir le tiomáint thar lear ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Agus tú thar lear

Déan nóta de sheoladh, uimhir theileafóin agus uaireanta oscailte Ambasáid nó Chonsalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil tú ar cuairt. I dtíortha nach bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta nó chonsalachta Éireannach iontu, féadfaidh tú cúnamh éigeandála a lorg ó ambasáidí nó ó chonsalachtaí thíortha eile an Aontais Eorpaigh. Ar a suíomh gréasáin, cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle ar fáil maidir le cad atá le déanamh chun fanacht sábháilte agus tú thar lear agus cad atá le déanamh i gcás éigeandála.

Noda taistil

Sula dtéann tú thar lear, seo roinnt noda eile a chabhróidh leat agus tú ar do thuras.

  • Seiceáil an bhfuil vacsaín nó imdhíonadh ar bith ag teastáil uait sula dtéann tú ag taisteal (8 seachtaine ar a laghad roimh ré)
  • Déan nóta d’uimhir éigeandála 24 uair do bhainc ionas gur féidir leat do chárta creidmheasa nó do chárta dochair a chealú má ghoidtear é.
  • Déan do liúntas sonraí móibíleacha a sheiceáil le do sholáthraí seirbhíse fón póca. (Le haghaidh taistil lasmuigh den LEE).
  • An gá duit cuibheoir speisialta a thabhairt leat chun do ghléasanna leictreacha a phlugáil isteach?

Tuilleadh eolais

Soláthraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn comhairle taistil d’Éireannaigh a bhfuil sé beartaithe acu turas a dhéanamh thar lear.

Tá eolas ag FSS maidir le tinneas agus ionfhabhtú a chosc agus tú thar lear.

Ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte, soláthraítear comhairle do thaistealaithe maidir le conas tinneas a sheachaint.

eolas agus comhairle maidir le sláinte agus taisteal idirnáisiúnta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (01) 408 2000
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Eanáir 2024