Athrú Úinéireachta ar Fheithicil

Réamhrá

Má dhíolann tú d’fheithicil nó má thrádálann tú isteach í le haghaidh ceann nua, ní mór an t-athrú úinéireachta a chlárú de réir an dlí. Is féidir clárú saor in aisce leis an Roinn Iompair. Coinníonn an Roinn Iompair taifead ar fheithiclí ar a dtugtar an comhad náisiúnta feithiclí agus tiománaithe (NVDF).

Ní mór sonraí úinéireachta agus seolta a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí. Tá sé seo tábhachtach mar, mar shampla, má tá d’fheithicil faoi réir aisghairme sábháilteachta, rachaidh monaróirí i dteagmháil le gach úinéir cláraithe ag baint úsáide as a dtaifead. Tógann sé idir 2 lá agus 5 lá Deimhniú Clárúcháin Feithicle a phróiseáil nuair a fhaightear é.

Tá eolas ar an leathanach seo maidir le conas sonraí úinéireachta feithicle a athrú ar Dheimhniú Clárúcháin Feithicle (ar a dtugtar an logleabhar freisin).

Má dhíoltar feithicil go príobháideach

Tá 4 chéim i ndíolachán príobháideach chun úinéireacht feithicle a athrú. Mar dhíoltóir, is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go ndéantar i gceart é.

  1. Comhlánaigh agus sínigh an mhír maidir le hathrú úinéireachta ar chúl an Deimhnithe Clárúcháin Feithicle.
  2. Ní mór don cheannaitheoir an fhoirm chéanna a shíniú.
  3. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig an Roinn Iompair lena huasdátú (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’).
  4. Seolfaidh an Roinn Iompair an Deimhniú Clárúcháin Feithicle chuig an úinéir nua.

Má dhíoltar feithicil le déileálaí mótair

Má dhíolann tú d’fheithicil le déileálaí mótair, ní mór duit an Deimhniú Clárúcháin Feithicle a thabhairt don déileálaí.

Caithfidh an díoltóir agus an déileálaí an Fhoirm RF105 (pdf) a chomhlánú.

Is féidir le déileálaí ceadaithe an tseirbhís um athrú úinéireachta feithicle ar líne a úsáid chun na sonraí a chur in iúl ar líne. Seachas sin, ní mór don díoltóir an RF105 a sheoladh chuig an Roinn Iompair.

Feithicil a cheannach agus an t-úinéir cláraithe básaithe

Má cheannaíonn tú feithicil agus an t-úinéir reatha (díoltóir) básaithe, beidh an Deimhniú Clárúcháin Feithicle agus litir ag teastáil uait chun a thaispeáint go bhfuil ceart agat chun na feithicle. Is féidir litir ó dhuine de na páirtithe seo a chur ar fáil:

  • Seiceadóir uacht an duine nach maireann, nó
  • An t-aturnae atá ga déileáil leis an uacht

Mura bhfuil Deimhniú Clárúcháin Feithicle le fáil

Mura bhfuil Deimhniú Clárúcháin Feithicle le fáil, is féidir foirm um dhearbhú úinéireachta a úsáid. Sa chás seo, beidh ort dearbhú reachtúil arna mhionnú os comhair coimisinéir mionnaí nó aturnae a fháil. Is bealach é an dearbhú reachtúil chun a mhionnú go bhfuil rud éigin fíor. Is ráiteas i scríbhinn é agus ní mór do dhuine éigin atá údaraithe a bheith ina fhinné ar do dhearbhú. Ba chóir go mbeadh an fhoirm dhearbhaithe reachtúil ag gabháil leis an litir ó sheiceadóir na huachta nó ón aturnae.

Féadfaidh tú foirm dhearbhaithe reachtúil a fháil ó d’oifig mótarchánach áitiúil.

Seanfheithiclí

Feithiclí Réamh-1993

Féach athrú úinéireachta le haghaidh feithiclí a cláraíodh roimh Eanáir 1993.

Feithiclí 1993 – 2004

D’fhéadfadh go mbeadh ‘Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle’ fós ag úinéirí feithiclí a cláraíodh roimh Bhealtaine 2004 murar athraigh siad úinéireacht. Sa chás sin, eiseofar Deimhniú Clárúcháin Feithicle don úinéir nua nuair a athraítear úinéireacht.

Mótarcháin

Ní féidir cáin a ghearradh ar d’fheithicil go dtí go mbeidh an clárúchán ar an athrú úinéireachta imithe tríd.

Féadfaidh tú mótarcháin a athnuachan ar líne nó trí Fhoirm RF100A a chomhlánú.

Féach ár leathanach maidir le mótarcháin.

Más gá úinéireacht feithicle a athrú nár ghearr an t-úinéir reatha nó an t-úinéir deiridh cáin uirthi riamh, féach motortax.ie.

Más tiománaí nó paisinéir faoi mhíchumas tú, féadfaidh tú faoiseamh cánach a fháil agus tú ag ceannach feithicle.

Seoladh a athrú

Má tá do sheoladh athraithe, cuir tic leis an rogha um athrú seolta ar chúl do Dheimhniú Clárúcháin Feithicle (VRC). Líon isteach sonraí do sheolta nua agus cuir chuig an Roinn Iompair é sa phost. Seolfar CCF nuashonraithe ar ais chugat sa phost. Is féidir leat do sheoladh a athrú ar líne, ach mar chuid d’idirbheart mótarchánach ar líne amháin. Ní féidir leat do sheoladh a athrú trí ríomhphost nó ar an bhfón.

Doiciméid caillte a athsholáthar

Is féidir doiciméid ionaid a fháil a bhaineann le hathruithe ar úinéireacht feithiclí. Seo a leanas liosta de na doiciméid agus an costas a bhaineann lena n-athsholáthar:

Replacement documents
Doiciméad: Costas athsholáthair
Leabhar clárúcháin €12
Deimhniú ceadúnaithe feithicle/Deimhniú Clárúcháin €12
Diosca cánach €6

Chun doiciméid ionaid a fháil:

Is féidir íoc le seic, le hordú poist nó le dréacht bainc. Ba cheart na modhanna íocaíochta thuasluaite a dhéanamh iníoctha le d’oifig mótarchánach áitiúil.

Mura seolfaidh an díoltóir an Deimhniú Clárúcháin Feithicle

Má tá fadhbanna agat agus mura seolfaidh an díoltóir an Deimhniú Clárúcháin Feithicle chuig an Roinn Iompair.

is féidir leatsa mar cheannaitheoir na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Déan teagmháil leis an Roinn Iompair, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig dvcsdchangeofownership@dttas.ie, (cuir do sheoladh poist san áireamh) agus tabharfar foirm dhearbhaithe reachtúil duit.
  • Comhlánaigh an fhoirm dhearbhaithe agus bíodh Coimisinéir Mionnaí nó aturnae cleachtach ann chun í a fhianú.
  • Seol an dá dhoiciméad comhlánaithe ar ais chuig an Roinn Iompair – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Níl feidhm aige seo má cheannaigh tú an carr ó dhéileálaí mótair. Tá sé de fhreagracht ar an déileálaí mótair na nósanna imeachta maidir le hathrú ar fhógra úinéireachta feithicle a leanúint.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí Rannán

An Roinn Iompair

Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire

Teil: 0818 411 412
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/transport
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Deireadh Fómhair 2023