Rialú an Aeriompair

Cé a rialaíonn cúrsaí eitlíochta in Éirinn?

Is í an Roinn Iompair a rialaíonn an t-aeriompar in Éirinn. Áirítear leis seo seirbhísí tráchtála agus seirbhísí príobháideacha.

Is féidir le haerlínte an AE eitilt gan srian laistigh den AE/Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Is féidir leo é seo a dhéanamh gan srian ar bith ar mhinicíocht nó ar bhealaí eitilte.

Caithfidh aerlínte ó thíortha lasmuigh den AE/LEE cead a iarraidh. Caithfidh siad é seo a dhéanamh gach uair a bhíonn siad ag iarraidh eitilt go hÉirinn, as Éirinn nó thar Éirinn.

Is í an Roinn Cosanta a rialaíonn aeriompar míleata in Éirinn.

Reachtaíocht 2022

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 2022:

Údarás Eitlíochta na hÉireann

Is gníomhaireacht tráchtála leath-stáit é Údarás Eitlíochta na hÉireann. Is é an rialtóir eitlíochta náisiúnta é. Tá sé freagrach as feidhmeanna sábháilteachta, feidhmeanna slándála agus feidhmeanna cosanta tomhaltóirí. Ghlac Údarás Eitlíochta na hÉireann leis na feidhmeanna a bhí ag an gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta roimhe seo.

AirNav Ireland

Is cuideachta nua leathstáit é AirNav Ireland (Seirbhís Aerloingseoireachta na hÉireann). Tá sé freagrach as feidhmeanna aerloingseoireachta, feidhmeanna bainistíochta aerthráchta agus feidhmeanna seirbhísí gaolmhara.

Aerfoirt

Tá 9 n-aerfort in Éirinn.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chorcaí agus Aerfort na Sionainne faoi úinéireacht rialtas na hÉireann agus déanann údaráis aerfoirt ar leith iad á fheidhmiú thar ceann an rialtais. Tá aerfoirt eile na hÉireann lonnaithe i bPort Láirge, Cnoc Mhuire, Gaillimh, Sligeach, Dún na nGall agus Ciarraí.

Tá sé de cheart ag Paisinéirí faoi mhíchumas beagluaineachta cúnamh saor in aisce a fháil.

Timpistí agus teagmhais aeir

Is cuid den Roinn Iompair é an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí. Tá sé freagrach as fiosrú a dhéanamh ar gach timpiste agus teagmhas eitleáin a tharlaíonn in Éirinn. Is féidir tuairiscí ar gach timpiste agus teagmhas a tharla, agus ar gach imscrúdú aeir a rinneadh laistigh d'Éirinn a íoslódáil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023