Forlíonadh Cíos

Réamhrá

Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine is ea Forlíonadh Cíosa a íoctar le daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo íoc as costas a gcóiríochta féin óna n-acmhainní féin.

Roimhe seo, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa má bhí tú cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta agus má bhí tú ar liosta tithíochta an údaráis. Ba cheart do dhaoine atá sa chás seo cur isteach anois ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), áfach. Ní cháileoidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa ach má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta faoi mar a shonraítear in ‘Rialacha’ thíos.

Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)

Foirm de thacaíocht tithíochta sóisialta is ea an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu. Tá sé ar fáil i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud an Stáit. Tiocfaidh ÍCT in ionad an Fhorlíonta Cíosa fhadtéarmaigh ar deireadh thiar.

Tá de chuspóir na scéime ÍCT ligean do dhaoine teacht ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta trí na húdaráis áitiúla agus lena chur ar chumas daoine chun glacadh le fostaíocht lánaimseartha agus a dtacaíocht tithíochta a choimeád. Léigh níos mó inár gcáipéis faoi ÍCT agus ar hap.ie.

Tiarnaí Talún

Tá faoiseamh cánach ar fáil do thiarnaí talún a ligeann áitreabh ar cíos le tionóntaí a bhfuil Forlíonadh Cíosa nó ÍCT á fháil acu. Is féidir níos mó a léamh faoi seo inár gcáipéis faoi Faoisimh agus creidmheasanna cánach i leith tithíochta.

Sonraítear sa reachtaíocht chomhionannais roinnt foras nach féidir le tiarnaí talún idirdhealú a dhéanamh i gcoinne tionóntaí féideartha fúthu. Áirítear leis seo an foras “cúnaimh tithíochta”. Is féidir níos mó a léamh faoi seo in ‘Idirdhealú nuair a ligtear maoin chónaithe’ thíos.

Rialacha

Critéir incháilitheachta d’Fhorlíonadh Cíosa i ndiaidh gur tugadh isteach an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)

Faoi mar a shonraítear thíos, tá an ÍCT ar fáil ar fud na tíre anois. Má cháilíonn tú do thacaíocht tithíochta sóisialta agus má theastaíonn cabhair uait le do chíos, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar ÍCT. Níl tú i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil ach más fíor-thionónta (bona fide) thú agus má chomhlíonann tú ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

  • Bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agat sna 12 mhí roimh dháta d’iarratais.
  • Bhí cónaí ort i gcóiríocht phríobháideach ar cíos ar feadh 6 mhí, ar a laghad, (183 lá) le 12 mhí anuas, bhí tú in ann íoc as an gcíos ag tús do thionóntachta agus níl tú in ann leanúint leis an gcíos a íoc mar gheall gur tháinig athrú suntasach ar do chúinsí a tharla i ndiaidh gur thosaigh tú le háit a ghlacadh ar cíos. Féadfaidh tú an t-am a chaith tú ag cónaí i mbreis agus cóiríocht ar cíos amháin a chur le chéile chun an tréimhse 6 mhí (183 lá) a shásamh.
  • Bhí cónaí ort i gcóiríocht do dhaoine gan dídean ar feadh 6 mhí (183 lá), ar a laghad le 12 mhí anuas. Má measúnaíodh thú cheana féin agus má cáilíodh thú do thacaíocht tithíochta sóisialta, atreorófar thú chuig d’údarás áitiúil go rachfar i ngleic le do riachtanais tithíochta (seachas measúnú a dhéanamh ort le haghaidh Forlíonadh Cíosa).

Má theastaíonn cabhair uait le do chíos ach mura gcomhlíonann tú na coinníollacha seo, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil go ndéanfar measúnú ar do riachtanais tithíochta. Má tá tú i dteideal tacaíocht tithíochta a fháil agus má theastaíonn sí uait, b’fhéidir go mbeidh tú inn ann tithíocht a rochtain faoin scéim ÍCT nó trí thithíocht údaráis áitiúil.

Má tá Forlíonadh Cíosa fadtéarmach á fháil agat faoi láthair (ar feadh 18 mí nó níos faide) féadtar iarraidh ort iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta chuig d’údarás áitiúil. Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine ón tráth a iarrtar ort amhlaidh a dhéanamh (más gá, féadtar 6 seachtaine sa bhreis a cheadú). Ansin féadtar thú a aistriú chuig an ÍCT nó chuig foirm eile de thacaíocht tithíochta sóisialta.

Rialacha eile d’Fhorlíonadh Cíosa

Ní sholáthrófar Forlíonadh Cíosa ach má tá an chóiríocht oiriúnach do do chuid riachtanas. Ní íoctar Forlíonadh Cíosa, go ginearálta, má tá an cíos os cionn na teorann uasta cíosa a shocraítear do do chontae (féach ‘Rátaí’ thíos chun teacht ar fhaisnéis faoi na teorainneacha seo agus faoi chúinsí inar féidir iad a tharscaoileadh).

Chomh maith leis sin, ní mór duit:

Ní cháileoidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa:

  • Má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe go lánaimseartha (30 uair a chloig sa tseachtain nó níos mó). Ach más é an measúnú a dhéantar ort go bhfuil gá agat le tithíocht faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos agus má tá tú gan fhostaíocht lánaimseartha le 12 mí anuas nó níos mó, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal an Fhordheontais – féach ‘Fostaíocht agus Forlíonadh Cíosa’ thíos.
  • Má tá tú ag fágáil tithíocht údaráis áitiúil gan cúis réasúnta.
  • Má d’fhág údarás áitiúil as an áireamh thú as tithíocht shóisialta ar chúiseanna lena mbaineann dea-bhainistiú eastáit nó iompar frithshóisialta.
  • Má tá tú ag freastal ar oideachas go lánaimseartha. Ach má tá Liúntas um Filleadh ar an Oideachas á fháil agat, nó má tá tú ag glacadh páirte sa Chlár um Filleadh ar Oideachas, b’fhéidir go mbeidh teideal agat ar Fhorlíonadh Cíosa.

Áit á fháil ar cíos agat ó thuismitheoir: Ní féidir leat Forlíonadh Cíosa a fháil chun cabhrú leat cíos a íoc le do thuismitheoir má tá tú i do chónaí i dteach an teaghlaigh. Má tá an dara maoin ag do thuismitheoir, ní bhfaighidh tú Forlíonadh Cíosa go ginearálta don mhaoin seo mura féidir leat a chruthú gur fíor-thionónta (bona fide) thú.

Cóiríocht a roinnt le do thiarna talún: B’fhéidir go bhfuil tú i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil má tá tú ag cónaí i dteach do thiarna talún. Ní mór gur fíor-shocrú tiarna talún/tionónta atá ann. Tá ar do thiarna talún cuid den fhoirm a chomhlánú agus a (h)uimhir PSP a sholáthar (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos).

Forlíonadh Cíosa agus Fostaíocht

bheidh tú incháilithe d’Fhorlíonadh Cíosa má tá tú fostaithe go lánaimseartha (30 uair a chloig sa tseachtain nó níos mó). (I gcás lánúineacha, má tá duine den lánúin fostaithe go lánaimseartha, beidh an bheirt acu eisiata maidir le Forlíonadh Cíosa a éileamh). Measúnaítear éilimh ó dhaoine féinfhostaithe i leith chúinsí aonair an cháis agus d’fhéadfaí iarraidh ort a thaispeáint go bhfuil tú ag oibriú faoi bhun 30 uair sa tseachtain. Má tá tú ag oibriú os cionn 30 uair sa tseachtain i bhfostaíocht nó i bhféinfhostaíocht, nó má fhaigheann tú Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, ní mór do d’údarás áitiúil a mheas go bhfuil tú i dteideal bheith rannpháirteach sa Scéim Cóiríochta ar Cíos (SCC) go leanfaidh tú le Forlíonadh Cíosa a fháil.

Déanfar athmheasúnú ort le haghaidh Forlíonadh Cíosa agus tabharfar cuid de d’ioncam breise san áireamh lena n-áirítear cuid de d’ioncam ó fhostaíocht. De thoradh an athmheasúnaithe, b’fhéidir go leanfaidh tú de bheith incháilithe le haghaidh Forlíonadh Cíosa agus b’fhéidir nach leanfaidh. Má cháilíonn tú d’Fhorlíonadh Cíosa, b’fhéidir go bhfaighfeá ráta difriúil den Fhorlíonadh.

Ioncam a chuirtear san áireamh d’Fhorlíonadh Cíosa

  • Glanioncam ó fhostaíocht (is ionann seo agus an t-ollioncam lúide ÁSPC agus costais taistil réasúnta. Ní dhéantar measúnú ar ioncam cleithiúnaí linbh ó fhostaíocht atá 17 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha, mar bhealach d’Fhorlíonadh Cíosa.)
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh (d’eisceachtaí – féach ‘Ioncam nach gcuirtear san áireamh’ thíos)
  • Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT)
  • Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
  • Ioncam agus luach na maoine ar fad go mb’fhéidir gur choinnigh an t-éilitheoir uaidh/uaithi féin le bheith incháilithe do Liúntas Leasa Forlíontach (LLF)*
  • Caipiteal (mar shampla, maoin seachas do theach féin, coigilteas agus infheistíochtaí).

*Is é LLF an scéim faoina n-íoctar Forlíonadh Cíosa.

Déantar an measúnú seo a leanas ar luach caipitiúil na maoine (seachas do theach féin), coigilteas agus infheistíochtaí:

Luach caipitiúil na maoine
Caipiteal Déantar an mhaoin sheachtainiúil a mheas amhail
An chéad €5,000 Nialas
An chéad €10,000 €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 €2 in aghaidh gach €1,000
Aon chaipiteal os cionn €40,000 €4 in aghaidh gach €1,000

Ioncam nach gcuirtear san áireamh nuair a ríomhtar Forlíonadh Cíosa

Déanfar neamhaird d’ioncam ó na foinsí seo a leanas nó ní ghlactar san áireamh iad nuair a ríomhtar an méid Forlíonadh Cíosa a cháilíonn tú lena fháil:

  • Méid atá ar comhionann leis an ráta Liúntas Leasa Fhorlíontaigh (LLF) ag brath ar do chúinsí teaghlaigh féin
  • Sochar Linbh
  • Liúntas Luaineachta
  • Íocaíochtaí cúram altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn Ghaeltachta
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chothaíonn leas daoine dalla
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanúla, mar shampla, Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dhámh an Binse Cúitimh maidir le Heipitíteas C a tolgadh ó tháirgí fola áirithe, dóibh siúd a bhfuil míchumas orthu de dheasca Tailídimíde, agus dóibh siúd a fhaigheann cúiteamh faoi Bhord Sásaimh na nInstitiúidí Cónaitheacha
  • Deontais Mhac Léinn
  • Liúntas Cúram Baile
  • Deontas Tacaíochta Cúraim
  • Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Breosla agus an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair
  • Pinsinéirí: Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos sine (nó sa chás go bhfuil aois an phinsin bainte amach ag duine den lánúin) agus má tá comhioncam teaghlaigh agaibh atá níos mó ná an ráta SWA iomchuí do do chúinsí teaghlaigh, ní chuirtear an difríocht idir an ráta uasta de Phinsean Stáit (Ranníocach) atá iomchuí i dtaobh do chúinsí agus an ráta LLF atá iomchuí i dtaobh do chúinsí san áireamh.
  • Íocaíochtaí cúramóra: Ní chuirtear Liúntas Cúramóra leathráta san áireamh.
  • Má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat, ní chuirtear méid an liúntais os cionn an ráta LLF iomchuí do do chás (an ráta do dhuine fásta cáilithe do lánúin nó an ráta LLF pearsanta) san áireamh. Mar sin, más duine de lánúin thú agus má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat, ní chuirtear an méid Liúntas Cúramóra atá á íoc lúide an ráta duine fhásta cháilithe den LLF san áireamh. Más tuismitheoir singil nó aonair thú, is é an méid ar a dtugtar neamhaird ná an ráta Liúntas Cúramóra atá á íoc lúide an ráta pearsanta de LLF.
  • Ní chuirtear méid ar bith de Shochar Cúramóra os cionn an bhunráta LLF do do chúinsí (an ráta duine fhásta cháilithe nó an ráta pearsanta LLF) san áireamh.
  • An neamhaird ar thuillimh athshlánúcháin: Ní chuirtear méid áirithe de d’ioncam ó obair athshlánúcháin san áireamh. Má tá Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat, ní chuirtear €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin san áireamh sa mheasúnú a dhéantar maidir le Forlíonadh Cíosa. Déanfaidh aon tuillimh os cionn €120 ó oiliúint nó fostaíocht athshlánúcháin difear d’Fhorlíonadh Cíosa a fhaigheann tú. Má tá os cionn €120 á thuilleamh agat, is féidir measúnú a dhéanamh ort tríd an Neamhaird ar Thuillimh Athshlánúcháin nó an Neamhaird ar Ioncam Teaghlaigh a úsáid (ní féidir an dá cheann a úsáid), cibé ceann is mó a théann chun do leasa.
  • Neamhaird ar ioncam breise: Ní chuirtear méid áirithe de d’ioncam teaghlaigh ó fhoinsí áirithe san áireamh. Ní chuirtear €75 d’aon ioncam teaghlaigh breise* a sháraíonn an ráta cuí LLF do do chúinsí san áireamh. Chomh maith leis sin, ní chuirtear 25% den ioncam teaghlaigh breise atá agat os cionn €75 san áireamh. Níl aon uasteorainn ar an méid ar féidir neamhaird a thabhairt air.

    *Ioncam teaghlaigh bhreise is ea ioncam ó fhostaíocht pháirtaimseartha nó féinfhostaíocht pháirtaimseartha, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, Fostaíocht Pobail (FP), scéim Tús, JobBridge, an Scéim Shóisialta Tuaithe, an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha, Skillnets, an Scéim Socrúchán Oibre, Gateway, Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna (BOO) (FÁS roimhe seo). Déantar cothabháil a mheasúnú, chomh maith, mar ioncam teaghlaigh breise (féach thíos).

Má bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agat roimh an 5 Meitheamh 2007, féadtar leanúint agus measúnú á dhéanamh ar d’ioncam agus leas á bhaint as an tsean-neamhaird ioncaim, mura gcinntíonn an neamhaird reatha ioncaim go ndéanfaí measúnú ní b’fhabhraí. Mura n-éilíonn tú Forlíonadh Cíosa ar feadh breis agus 13 seachtaine, áfach, déanfar measúnú ort agus leas á bhaint as an neamhaird ioncaim reatha. (Féach ‘Breis faisnéise’ thíos chun teacht ar bhreis faisnéise faoi conas a measúnaíodh ioncam d’Fhorlíonadh Cíosa roimh an 5 Meitheamh 2007.)

Cothabháil agus Forlíonadh Cíosa

Déantar cothabháil a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh breise (féach thuas) agus déantar íocaíochtaí cothabhála a mhéid le €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú go hiomlán. Baineann an neamhaird ioncam teaghlaigh (féach thuas) le híocaíochtaí cothabhála os cionn an mhéid seo. Is í an chúis atá leis seo go meastar gurb ionann agus ranníocaíocht i dtreo do chostais tithíochta é an chéad €95.23 sa tseachtain d’íocaíochtaí cothabhála.

Sampla: Déantar d’íocaíocht iomlán cothabhála a mhéid le €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú go hiomlán más í cothabháil an t-aon ioncam teaghlaigh breise atá agat. Baineann an neamhaird ioncam teaghlaigh €75 le suimeanna os a chionn seo agus, dá bhrí sin, ní chuirtear aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh. Lena chois sin, ní chuirtear 25% den chothabháil ar fad os cionn €170.23 san áireamh.

Do ranníocaíocht cíosa (Ranníocaíocht Teaghlaigh)

A luaithe a ríomhtar an méid Forlíonadh Cíosa a gcáilíonn tú dó, asbhainfear €30 de, ar a laghad. Is amhlaidh a dhéantar seo mar gheall gur gá duit €30 sa tseachtain a íoc, ar a laghad, i dtreo do chíosa. B’fhéidir go n-íocann tú níos mó ná €30 mar gheall go bhfuil dualgas ort freisin ranníoc le haon acmhainní inmheasúnaithe breise atá agat os cionn an bhunráta chuí de Liúntas Leasa Forlíontach a chur i dtreo do chíosa. Caithfidh lánúin a bhfuil Forlíonadh Cíosa á éileamh acu €40 sa tseachtain, ar a laghad, a íoc i dtreo a gcíosa.

Caithfidh aon daoine neamhchleithiúnacha muinteartha a bhraitheann go hiomlán ar íocaíocht leasa shóisialaigh phearsanta €30 a íoc, chomh maith leis sin. Má rinneadh sochar agus pribhléid a mheasúnú i gcoinne d’íocaíochta leasa shóisialaigh, áfach, ní gá duit €30 a ranníoc. Más lánúin atá sna daoine neamhchleithiúnacha muinteartha, is ionann a bheidh a ranníocaíocht agus €40. Ní dhéanfaidh lánúin atá os cionn 65 bliain d’aois a bhfuil ioncam acu atá cothrom le nó níos lú ná an Pinsean Stáit (Ranníocach) dá gcás ach €40 sa tseachtain a íoc i leith a gcuid cíosa. Ranníocfaidh lánúin a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) á fháil ag an mbeirt acu, ach nach bhfuil ioncam ar bith eile á fháil acu, €40 i leith a gcuid cíosa, chomh maith.

Ranníocaíochtaí aoisbhainteacha

Ó Eanáir 2017 ar aghaidh, íocann daoine atá idir 18 agus 24 bliain d’aois a bhfuil sochair aoisbhainteacha a bhfáil acu Ranníocaíocht Teaghlaigh níos ísle. Laghdaítear an ranníocaíocht anuas ó €30 go dtí €10 sa tseachtain d’fhaighteoirí Forlíonadh Cíosa a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) nó Liúntas Leasa Forlíontach €100 sa tseachtain á fháil acu agus anuas ó €30 go €20 dóibh siúd a bhfuil LCP €144 á fháil acu.

I dtaobh daoine a bhfuil LFAO á fháil acu, tá liúntas oiliúna Breisoideachais agus Oiliúna (BOO), nó i gcás daoine atá rannpháirteach in Ógtheagmháil, sa chás go mbíonn an ráta aoisbhainteach €160 i gceist, laghdaítear an Ranníocaíocht Teaghlaigh anuas ó €30 go €20 sa tseachtain.

Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Tá sé in ann a bheith deacair d’Fhorlíonadh Cíosa a ríomh. Cinnfidh ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh an tOifigeach Leasa Pobail roimhe seo) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe d’Fhorlíonadh Cíosa agus ríomhfaidh sé/sí an méid a íocfar leat. Tá breis faisnéise ar fáil ar conas Forlíonadh Cíosa a ríomh anseo.

Idirdhealú nuair a dhéantar maoin chónaithe a ligean

Baineann an reachtaíocht chomhionannais le ligean agus le cóiríocht. Ní féidir le tiarnaí talún idirdhealú a dhéanamh in aghaidh tionóntaí féideartha ar fhorais inscne, stádais shibhialta, stádas teaghlaigh, ghnéaschlaonta, reiligiúin, aoise, mhíchumais, chineáil nó bhallraíochta den phobal Lucht Siúil.

Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ort nuair a bhíonn áit á fháil ar cíos agat nuair atá Forlíonadh Cíosa, ÍCT nó aon íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil agat. (Tugtar an foras “cúnaimh tithíochta” air seo.) Ciallaíonn seo nach féidir le tiarnaí talún a lua níos mó nach nglactar le Forlíonadh Cíosa (nó ÍCT) nuair a dhéantar cóiríocht a fhógairt agus ní féidir leo cíos a dhiúltú duit mar gheall go bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Má bhraitheann tú go ndearna tiarna talún nó a ngníomhaire idirdhealú ort, féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise faoi ghearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Rataí

Íoctar Forlíonadh Cíosa go seachtainiúil nó go míosúil le seic, Ríomhaistriú Airgid nó dréacht poist, i riaráistí de ghnáth.

Go ginearálta, cinnteoidh an méid Forlíonadh Cíosa a ríomhtar nach dtitfidh d’ioncam, tar éis duit cíos a íoc, faoi bhun íosleibhéil. Is é an leibhéal seo ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh le haghaidh do chúinsí lúide an ráta cuí den Ranníocaíocht Teaghlaigh (féach thuas). B’fhéidir go n-íocfá níos mó ag brath ar do mhaoin, áfach, – féach ‘Rialacha’ thuas.

Níor cheart go mbeadh an cíos a íoctar le do thiarna talún (is é sin, do ranníocaíocht móide d’Fhorlíonadh Cíosa) os cionn an uasleibhéil chíosa a socraíodh do do chontae nó do cheantar (d’fhéadfaí an fhoráil seo a tharscaoileadh faoi chúinsí áirithe). Socraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) an t-uasleibhéal cíosa do do chontae. Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail leibhéil níos ísle laistigh de na leibhéil seo a shocrú, áfach. Tá uasleibhéal cíosa ann do gach ceantar (féach thíos). Má tá do chíos níos airde ná an t-uasmhéid áitiúil, b’fhéidir go ndiúltófar Forlíonadh Cíosa duit ar fad.

Cásanna ina sáraíonn an cíos an teorainn ábhartha

I roinnt cásanna, féadfar Forlíonadh Cíosa a íoc faoi lánrogha fhoireann an RCS, sa chás go sáraíonn an cíos an teorainn ábhartha:

  • Má tá riachtanais speisialta tithíochta agat nó ag duine muinteartha (mar shampla, duine faoi mhíchumas i gcóiríocht a rinneadh a oiriúnú go speisialta).
  • Má bheidh tú in ann an cíos a íoc tú féin laistigh de thréimhse ghearr, mar shampla, má bheidh tú ag glacadh le fostaíocht. Sa chás seo, féadtar Forlíonadh Cíosa ar ráta níos airde a íoc ar feadh tréimhse ghearr 6-8 seachtaine.
  • Má tá ioncam breise agat chun an t-iarmhéid a íoc tú féin. (Bunaítear Forlíonadh Cíosa go fóill ar an teorainn uasta chíosa.)
  • Más ann do chúinsí eisceachtúla eile. (Bíonn socruithe speisialta i gceist má tá tú i mbaol bheith gan dídean.) Tabhair faoi deara, chomh maith, tá cumhacht lánroghnach ag an tSeirbhís Leasa Pobail chun íocaíocht Forlíonta Cíosa a bhronnadh nó a mhéadú, mar shampla, nuair a bhíonn siad ag déileáil le duine atá i mbaol bheith thíos le heaspa dídine. Baineann seo le daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu agus iarratasóirí nua. Féadfaidh tionóntaí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Chorcaí agus Purláin Chathair Chorcaí, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin rochtain a fháil ar an tSeirbhís um Chosaint Tionóntachta ar shaorghlao 1800 454 454.

Forlíonadh Cíosa agus comhaontuithe léasa

Má sháraíonn an cíos a íocann tú an teorainn chuí agus mura bhfuil do léas le hathnuachan, bheifí ag súil leis go ndéanfá do chíos a phlé athuair le do thiarna talún, ag an tráth a dhéantar athbhreithniú ar d’éileamh ar d’Fhorlíonadh Cíosa. Mura bhfuil do thiarna talún sásta téarmaí an léasa reatha a phlé agus mura laghdaíonn sé/sí an cíos anuas chuig na teorainneacha nua, pléifidh ionadaí an DSP do chuid roghanna leat. D’fhéadfadh cóiríocht eile a lorg bheith i gceist leis seo. Má bhíonn an cíos ar aon dul le rátaí an mhargaidh reatha, féadtar na teorainneacha a shárú i roinnt cásanna.

Teorainneacha cíosa

na teorainneacha cíosa d’Fhorlíonadh Cíosa ar láithreán gréasáin na Roinne. Tabhair faoi deara gur féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail rátaí níos ísle a shocrú laistigh de na teorainneacha seo.

Leagtar síos in I.R. 221/07 gurb iad na huasmhéideanna d’Fhorlíonadh Cíosa atá iníoctha le tionóntaí i bhforbairtí deonacha tithíochta (a chistítear tríd an Scéim Cúnaimh Caipitil) €55 do dhuine singil agus €60 do lánúin. Tá an Ranníocaíocht Teaghlaigh íosta mar a leagtar amach thuas i bhfeidhm, freisin.

Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat faoi láthair, ní thagann aon mhéadú uathoibríoch ar ráta nua má théann na rátaí i méid (mar gheall gur shínigh tú d’ainm le comhaontú tionóntachta le do thiara talún faoi láthair). Bíonn na teorainneacha reatha ar an ráta i bhfeidhm nuair a éagann do léas reatha nó nuair a dhéantar athbhreithniú ar d’éileamh. Féadfaidh tú a iarraidh go ndéantar athbhreithniú ar d’éileamh ar Fhorlíonadh Cíosa trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig a dhéileálann le d’éileamh.

Féadfaidh tionóntaí a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Chorcaí agus Purláin Chathair Chorcaí, Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin rochtain a fháil ar an tSeirbhís um Chosaint Tionóntachta ar shaorghlao 1800 454 454.

Athruithe ar do chúinsí

Má thagann athrú ar do chúinsí, b’fhéidir nach gcáileoidh tú d’Fhorlíonadh Cíosa a thuilleadh nó b’fhéidir go n-athróidh méid d’íocaíochta. Léigh níos mó faoi Fhorlíonadh Cíosa agus faoi athruithe ar do chúinsí. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú Ceisteanna Coitianta a léamh faoi Fhorlíonadh Cíosa a d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí.


Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm iarratais ar Fhorlíonadh Cíosa (pdf). Féadfaidh ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) nó an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil cabhrú leat an fhoirm seo a chomhlánú.

Beidh ar do thiarna talún nó a ngníomhaire cuid den fhoirm a chomhlánú. Beidh ar do thiarna talún a n-uimhir thagartha cánach (a n-uimhir PSP de ghnáth) a sholáthar don Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS). Mura mian le do thiarna talún an fhoirm a chomhlánú, tá fáil ar fhoirm ar leith (SWA 3C) (pdf). Mura bhfuil uimhir thagartha cánach ag do thiarna talún, ba cheart dóibh é seo a lua i scríbhinn chuig an RCS agus a mhíniú cad ina thaobh gurb amhlaidh atá an scéal. Tharlódh nach n-íocfar d’Fhorlíonadh Cíosa murar thug do thiarna talún a n-uimhir chánach don RCS nó murar mhínigh siad cad ina thaobh nach bhfuil ceann acu.

D’fhéadfadh gur ghá do d’údarás áitiúil cuid eile den fhoirm a chomhlánú, lena dheimhniú go bhfuil tú ar a liosta tithíochta agus go bhfuil agat riachtanas tithíochta (mura bhfuil tú díolmhaithe ón riail seo).

Caithfidh tú na cáipéisí seo a leanas a thabhairt leat, chomh maith:

  • Cáipéisí aitheantais duit féin agus do do chleithiúnaithe, ar nós teastais bhreithe iomlána, pasanna, ceadúnas tiomána, cead oibre, cárta inimirce (an GNIB) srl.
  • Cáipéisí le d’ioncam agus do staid airgeadais a thaispeáint, ar nós duillíní, P45, P35, P60, ráitis bhainc srl.
  • Cáipéisí lena chruthú cá bhfuil cónaí ort, ar nós billí leictreachais, gáis nó gutháin, srl.
  • Cáipéisí a bhaineann le do thionóntacht, ar nós do leabhair chíosa, do chomhaontaithe léasa nó tionóntachta.

Is iondúil go dtabharfaidh ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) cuairt ort chun do chúinsí a chinntiú.

Cinneadh a achomharc

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh a dhéantar maidir le Forlíonadh Cíosa, ba cheart duit a fháil amach i dtosach báire cén fáth a ndearnadh an cinneadh trí cheist a chur ar ionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo). Ba chóir duit aon cháipéisíocht bhreise a sholáthar chun tacú le do chás.

Mura ndéantar athrú ar an gcinneadh, iarr ar fhoirm achomhairc. Cuir a oiread mionsonraí agus is féidir leat san áireamh i d’achomharc agus coinnigh fótachóipeanna de gach rud.

Mura n-éiríonn le d’achomharc, tá tú i dteideal an t-achomharc a chur ar aghaidh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh. Is féidir leat éisteacht phearsanta a iarraidh agus is féidir leat ionadaí a thabhairt leat le cuidiú leat do chás a argóint.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Cíosa, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo) ag d’oifig áitiúil Intreo nó leasa shóisialaigh. I roinnt ceantar, áfach, próiseálann Aonaid láraithe Chíosa iarratais nua ar Fhorlíonadh Cíosa. Lena sheiceáil an ndéileálann Aonad láraithe Cíosa le do cheantar áitiúil, is féidir leat súil a chaitheamh ar liosta na nAonad láraithe Cíosa.

Má chónaíonn tú i gceann de na ceantair seo, féadfaidh tú pacáiste cíosa a fháil ó d’ionad áitiúil. Sa phacáiste seo, tá eolas mionsonraithe (lena n-áirítear liosta cáipéisíochta a theastóidh uait) agus na foirmeacha iarratais ábhartha go léir. Ba cheart duit an t-eolas sa phacáiste a léamh go cúramach. Má tá tú sásta go bhfuil na cáipéisí riachtanacha go léir agat, is féidir leat d’iarratas a chur ar aghaidh chuig an Aonad Cíosa ábhartha. D’fhéadfadh moill a bheith ar phróiseáil d’iarratais mura seolann tú an t-eolas ar fad a iarrtar sa phacáiste. Déanfaidh an tAonad teagmháil leat má theastaíonn tuilleadh eolais uathu. Mura bhfuil aon eolas eile uathu, inseoidh siad duit cén uair a bheidh d’iarratas próiseáilte.

Tuilleadh eolais

Ní chuirtear méid áirithe de d’ioncam san áireamh agus Forlíonadh Cíosa á mheas. Tugtar neamhaird ioncaim ar an ioncam nach gcuirtear san áireamh. Tháinig an neamhaird reatha ioncaim bhfeidhm an 5 Meitheamh 2007.

Rinneadh athbhreithniú agus measúnú ar na héilimh go léir ar Fhorlíonadh Cíosa a bhí ann an 5 Meitheamh 2007, ag baint úsáide as an neamhaird reatha ioncaim agus as an tsean-neamhaird ioncaim araon. Dá n-íocfaí ní ba mhó Forlíonadh Cíosa leat agus úsáid á baint as an tsean-neamhaird (féach thíos), leanadh le measúnú a dhéanamh ort agus úsáid á baint as an tsean-neamhaird ioncaim go dtí:

  • Nach mbíonn tú incháilithe don Fhorlíonadh Cíosa a thuilleadh, nó
  • Tá briseadh i d’éileamh a mhaireann níos mó ná 13 seachtaine, nó
  • Tá athrú tagtha ar do chúinsí. Mar shampla, athrú ar do sheoladh, athrú ar ioncam teaghlaigh, méadú nó laghdú ar an gcíos nó athrú ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh.
Page edited: 23 August 2017