Soláthraíonn an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach (LFG) tacaíocht do dhaoine atá tar éis a bpost a chailleadh agus atá ag iarraidh a ngnó féin a thosú.
Chun a bheith i dteideal na híocaíochta seo, ní mór duit a bheith ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist. Níl aon tréimhse cháilitheach, rud a chiallaíonn nach bhfuil ort a bheith ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist ar feadh tréimhse ar leith. Ach, ní bheidh tú i dteideal na híocaíochta seo má tá tú ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist agus ag obair go páirtaimseartha.
Íoctar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach in ionad do Shochar Cuardaitheora Poist ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad. Críochnóidh sé nuair a thagann deireadh le do theidil Shochar Cuardaitheora Poist (is é sin, ag 9 mí nó 12 mhí). Má tá tú dífhostaithe nuair a thagann deireadh le do theideal STEA ní bheidh tú i dteideal Shochar Cuardaitheora Poist go huathoibríoch ansin. Ach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist, íocaíocht lena mbaineann tástáil mhaoine.
Chun a bheith i dteideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ní mór duit:
Ní mór don ghnó a bhfuil sé i gceist agat a bhunú a bheith:
Ní bheidh fostaíocht shéasúrach, shealadach nó féin-fhostaíocht pháirt-aimseartha i dteideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach.
Ní mór duit teagmháil la dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí láithreach má thagann deireadh le d'fhéin-fhostaíocht nó má ghlacann tú le post.
Ní bheidh tionchar ag deontais fhostaíochta ó Bhord Fiontraíochta Contae (CEB) nó ó Chuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúla ar do theideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach.
Cuidíonn an Ciste Cabhrach Teicniúil agus Oiliúna (TAT) le daoine atá ag fáil Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach le roinnt costais a bhaineann le gnó a thosú. Níl tú i dteideal TAT go huathoibríoch; ní mór do chabair ón gciste seo a bheith faomhadh ag an Áisitheoir Post i d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Ní íoctar íocaíochtaí ón gciste leat; íoctar díreach leis an tsoláthraí seirbhíse atá in úsáid agat iad.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le ag éirí fhéinfhostaithe agus ag tosú ghnó.
Má tá tú i dteideal, tógfaidh an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach áit do Shochar Cuardaitheora Poist.
Íocfar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ag an ráta céanna le do Shochar Cuardaitheora Poist, lena n-áirítear aon ardú do dhuine fásta nó páiste cleithiúnach.
Beidh sé críochnaithe nuair a thagann deireadh le do theideal Shochar Cuardaitheora Poist.
D’fhéadfadh an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach a íoc díreach isteach chuig do chuntas bainc nó do chuntas chumann foirgníochta ar bhonn seachtainiúil. Ní féidir é a íoc isteach i gcuntas morgáiste.
Tá an Liúntas Cuardaitheora Poist faoi réir cháin ioncaim ar an mbealach céanna is atá Sochar Cuardaitheora Poist.
Coinneoidh tú aon teideal atá agat do bhuntáistí tánaisteacha a bhí á bhfáil agat le do Shochar Cuardaitheora Poist chomh fada agus a leanann tú ar aghaidh ag sásamh na gcoinníollacha. Mar shampla, cárta leighis, Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus Forlíonadh Aiste Bia.
Ach, seans go mbeidh tionchar ag méadú ar d’ioncam ar d'Fhorlíonadh Cíosa nó d'Fhorlíonadh Ús Morgáiste. Chun a fháil amach cén chaoi a d’fhéadadh tionchar a bheith aige seo ar d’Fhorlíonadh Cíosa nó d’Fhorlíonadh Ús Moargáiste déan teagmháil le d’Oifigeach Leasa Pobail áitiúil.
Chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, líon isteach foirm iarratais STEA 1 (pdf).
Má tá cónaí ort i gceantar atá clúdaithe ag Cuideachta Páirtíochta Áitiúil nó Cuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúil (ILDC), ba cheart duit an fhoirm STEA 1 a sheoladh ar ais chuig an Oifigeach Fiontraíochta i do Pháirtíocht Áitiúil nó ILDC. Mura bhfuil cónaí ort i gCeantar Páirtíochta/ILDC, ba cheart duit an fhoirm STEA 1 a sheoladh ar ais chuig an Áisitheoir Post i d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúla.
Breathnóidh an tOifigeach Fiontraíochta nó an tÁisitheoir Post ar do thogra gnó agus seans go bpléifidh sé/sí gnéithe áirithe de leat. Ní féidir leat tús a chur le féin-fhostaíocht go dtí go bhfaigheann tú faomhadh i scríbhinn ón bPáirtíocht/ILDC nó ón Roinn Coimirce Sóisialta.
Má ghlactar leat ar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, ní mór duit clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat teacht ar thuilleadh eolais mar le féin-fhostaíocht ó d’oifig cánach áitiúil.
Má tá cónaí ort i gceantar atá clúdaithe ag Cuideachta Páirtíochta Áitiúil nó Cuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúil (ILDC), ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an Oifigeach Fiontraíochta i do Pháirtíocht Áitiúil nó ILDC.
Mura bhfuil cónaí ort i gCeantar Páirtíochta/ILDC, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an Áisitheoir Post i d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúla.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.