Is féidir le daoine níos sine ná 66 bliain d'aois nach bhfuil i dteideal
Pinsean Stáit (Ranníocach) in Éirinn an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a
fháil.
Rinne an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 roinnt athruithe ar an aois cháilitheach do na pinsin Stáit. Beidh an aois cháilitheach ardaithe go dtí 67 bliain i 2021 agus 68 bliain i 2028 mar a leanas:
De réir an Chreata
Náisiúnta Pinsean tá roinnt athruithe ar na coinníollacha cáilitheacha
don Phinsean Stáit (Ranníocach) beartaithe ó 2020. Ní théann na hathruithe
seo i bhfeidhm ar an bPinsean Stáit (Ranníocach).
Seans go bhfuil tú i dteideal an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
Meastar acmhainní de réir rialacha sonracha faoi na cinnteidil a leanas:
Déantar measúnú ar gach ioncam i bhfoirm airgid a d’fheadfá a bheith ag súil leis go réasúnta i rith na bliana sin i ndiaidh an dáta ina ndéantar an t-áireamh. Is éard a tharlaíonn de ghnáth ná go ndéantar é seo a mheasúnú i bhfianaise an ioncaim a fuair tú an bhliain roimhe sin. Tá míreanna áirithe den ioncam airgid nach gcuirtear san áireamh, áfach. Ní chuirtear san áireamh, mar shampla, airgead suas go €200 in aghaidh na seachtaine a thuilltear de thoradh fostaíochta (ach ní de thoradh féinfhostaíochta). Baineann an tarscaoileadh leat agus le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir. Is mar mhaoin a áirítear gach ioncaim os a chionn sin. Ní chuirtear íocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Scoir Feirmeoireachta san áireamh.
I measc na míreanna d’ioncam airgid a dhéantar a mheasúnú tá aon ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile.
Tá tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó airgead tirim.
Má tá maoin agat nach bhfuil úsáid phearsanta á baint aisti nó má tá infheistíochtaí nó aon chineál eile caipitil agat, measfar a luach bliantúil, de réir foirmle speisialta. Is cuma tú bheith ag fáil ioncaim ón maoin nó infheistíocht seo nó gan a bheith.
I measc na maoine agus na n-infheistithe ar féidir measúnú a dhéanamh orthu faoin gceannteideal seo tá coigilteas i gcuntas bainc (nó aon áit eile), teach a ligeann tú ar cíos agus stoic agus scaireanna. Má dhéanann do chéile nó do pháirtí cuid de do Phinsean Stáit (Neamhranníocach) a choigilt gach seachtain, cuirfear an coigilteas sin agus coigilteas ó bheagnach gach foinse eile san áireamh mar chuid de do mhaoin.
Tá tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó chaipiteal.
Tá na rialacha a bhaineann le measúnú ar chaipiteal difriúil sna tástálacha acmhainne maidir le Liúntas Míchumais (LM) agus Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach). Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh daoine atá ag aistriú ó LM go dtí Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ag 66 bliana d’aois a fháil amach go bhfuil a bpinsean níos lú ná an LM. Déanann an tAcht um Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008 foráil do dhuine atá ag aistriú ó Liúntas Míchumais (LM) chuig Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ag 66 bliana d’aois: ní bhfaighidh tú ráta pinsin níos ísle toisc measúnú ar chaipiteal nach bhfuil chomh fabhrach.
Ní mheastar do theach cónaithe mura bhfuil ioncam á thuilleamh agat as. Má tá seomra tí ligthe ar cíos agat, measfar an t-ioncam as sin. Ach, más i d'aonar a bheifeá ag cónaí murach an seomra sin a bheith ligthe, ní mheasfar an t-ioncam ar chor ar bith.
Má dhíolann tú do bhaile, de ghnáth beidh fáltais an díolacháin curtha san áireamh mar acmhainní. Má chónaíonn tú i lóistín nach n-oireann duit a thuilleadh nó ar ródheacair duit é a chothabháil, féadfaidh tú do bhaile a dhíol chun bogadh go cóiríocht níos oiriúnaí agus d’fhéadfadh suas go €190,500 d’fháltais an díolacháin bheith díolmhaithe ón tástáil acmhainne. Cuirtear an díolúine seo €190,500 i bhfeidhm má dhíolann tú do bhaile chun:
De ghnáth, ní chuirtear an chéad €190,500 d’fháltais an díolacháin san áireamh. Áfach, má bhaineann tú úsáid as fáltais an díolacháin chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach, tabharfar díolúine ar iarmhéid na bhfáltas ó do sheanbhaile cónaithe a dhíol suas go teorainn €190,500.
Déantar aon sochar a fhaigheann tú ó infheistíocht fáltais an díolacháin do bhaile a mheasúnú. Déantar ús atá coinnithe mar chaipiteal a mheasúnú sa chaoi chéanna mar déantar caipiteal a mheasúnú de ghnáth.
Áfach, leagann an Roinn Coimirce Sóisialaí sa Threoirlínte Oibriucháin maidir le Measúnú Acmhainne go dhéanfaí lámháil má tá costais shuntasacha cothabhála ag duine, mar shampla costais tithe altranais, agus caithfidh siad as íocaíochtaí úis bheith glanta. Sna cásanna seo, ní dhéanfar neamhshuim ar thástáil mhaoine ach amháin an t-ús ar an chaipiteal díolmhaithe (suas go teorainn €190.500).
Má fhágann tú do bhaile, de dheasca seanaoise nó éiglíochta, ar feadh gearrthréimhse nó ar feadh tréimhse éiginnte, ní mheasúnófar luach do bhaile chónaithe mar acmhainn. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do bhaile cónaithe, áfach, mar shampla má ligtear ar cíos é, ansin measúnófar luach caipitil do thí mar acmhainn.
Suimítear d'acmhainní faoi na cinnteidil éagsúla chun méid aon phinsin ar féidir leat a fháil a mheas. Más cuid de lánúin tú (.i. lánúin phósta, páirtnéirí sibhialta nó lánúin comhchonaithe) glacfar leis gurb iad d'acmhainní leath acmhainní uilig na lánúine.
Ní bhíonn aon tionchar ar ráta an phinsin ag an gcéad €30 de mhaoin in aghaidh na seachtaine faoi mar a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú uirthi. Ina dhiaidh sin déantar laghdú €2.50 in aghaidh na seachtaine ar an bpinsean in aghaidh gach €2.50 maoine.
Má tá tú ag fáil Cúnamh Feirme, agus laghdaítear d'íocaíocht mar thoradh ar thástáil acmhainne an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), beidh tú fós i dteideal na híocaíochta níos airde.
Nuair a bhaineann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir aois 66 bliain amach, ní bhfaighidh tú an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe. Is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh ar Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) dó/di féin.
Má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil agat íocfar an méadú
i leith Duine Fásta Incháilithe go díreach le do chleithiúnach fásta ó 27
Meán Fómhair 2007 ar aghaidh. Ní bhaineann sé seo ach le hiarratais
ar phinsin stáit a fhaigheann an Roinn i ndiaidh 27 Meán Fómhair
2007.
Is iad uasrátaí an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) í 2012:
| Cáilíocht | Rátaí |
| Ráta Pearsanta, 66 bliain d'aois agus níos óige ná 80 | €219 in aghaidh na seachtaine |
| Ráta Pearsanta, 80 bliain d'aois agus níos sine | €229 in aghaidh na seachtaine |
| Duine Fásta Cáilithe | €144.70 in aghaidh na seachtaine |
| Páiste Cáilithe | €26 an pháiste in aghaidh na seachtaine |
Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais anseo (pdf) nó faigh ceann ó d'Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ba chóir an fhoirm iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil sna oifigí poist. Ba chóir iarratas a
dhéanamh trí mhí roimh duit aois 66 bliain a bhaint amach. Tabharfaidh
oifigeach leasa sóisialaigh cuairt ort d'fhonn tástáil acmhainne a chur ort.
Inseofar duit cén chaoi ar measadh d'acmhainní. Mura mbíonn tú sásta, is
féidir achomharc a dhéanamh don Oifig Achomhairc Leasa
Shóisialaigh.
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a
sheoladh tríd an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a úsáid.
Má tá tú ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), d'fhéadfá a bheith i dteideal:
Scéim Liúntas Leasa Forlíontach Tá líon íocaíochtaí breise faoin scéim seo, mar shampla, Forlíonadh Cíosa agus Ús Morgáiste, Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, agus Forlíontaí Bia agus Teasa.
Is íocaíocht ón Oifigeach Leasa Pobail ag d'ionad sláinte áitiúil a chuidíonn le costas do chíosa í Forlíonadh Cíosa.
Is íocaíocht ón Oifigeach Leasa Pobail ag d'ionad sláinte áitiúil a chuidíonn le costas d'úis mhorgáiste í Forlíonadh Ús Morgáiste.
Is íocaíocht fhorlíontach do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe atá ina gcónaí leo féin í Méadú um Chónaí Aonair.
Is pacáiste sochar é Pacáiste Sochar Teaghlaigh a sholáthraíonn cúnamh airgeadais le costas roinnt fóntais tí. Cuimsíonn sé Liúntas Leictreachais nó Gáis, Liúntas Teileafóin agus Saorcheadúnas Teilifíse.
Ligeann Pas Saorthaistil do dhaoine ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe úsáid a bhaint as seirbhísí iompair phoiblí saor in aisce. Má tá tú i do chónaí ar oileán sainithe amuigh ó chósta na hÉireann is féidir leat seirbhísí iompair phríobháideacha áirithe a rochtain.
Is liúntas é Liúntas Breosla a sholáthraíonn cabhair le costas breosla do dhaoine atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh fhadtéarmacha.
Is íocaíocht í Forlíontach Oileán do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe agus atá ina gcónaí ar na hoileáin sainithe amuigh ó chósta na hÉireann.
Is íocaíocht a thugtar do shaoránaigh uile na hÉireann agus do dhaoine a mheastar mar dhaoine atá ina gcónaí, de ghnáth, sa Stát ar 100 bliain d'aois a bhaint amach í Íocaíocht do Dhaoine in Aois a gCéid. Eisítear an íocaíocht seo go huathoibríoch dóibh siúd atá ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach).
Is íocaíocht bhliantúil í Deontas Chúram Faoisimh a thugtar do chúramóirí, 16 bliana d'aois nó níos sine, a sholáthraíonn cúram lánaimseartha ar feadh sé mhí ar a laghad in aghaidh na bliana.
Má fhaigheann duine ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) bás, ba chóir duit leabhar pinsin an duine a sheoladh ar ais. Coinnigh nóta den Uimhir Pinsean. I mórán cásanna, gheobhaidh an chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nó cúramóir íocaíocht ar feadh sé seachtaine tar éis an bháis.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.