Print Page Send to a Friend

Pacáiste Sochar Teaghlaigh

Eolas

Má chomhlíonann tú roinnt coinníollacha, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal na Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Tá an pacáiste seo ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí sa Stát. Ní féidir ach le duine amháin i dteaghlach cáiliú le haghaidh an phacáiste uair ar bith.

San áireamh sa Pacáiste Sochar Teaghlaigh tá:

  • Liúntas Leictreachais
  • Liúntas Gáis Nádúrtha
  • Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas)
  • Liúntas le Buidéal Gáis a Athlíonadh
  • Liúntas Teileafóin
  • Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce

Má tá foinse leictreachais nó gáis nádúrtha agat ní mór duit rogha a dhéanamh idir an Liúntas Leictreachais agus an Liúntas Gáis Nádúrtha. Ní féidir an Liúntas Leictreachais/Liúntas (Grúpchuntas) Leictreachais a íoc ag níos mó ná seoladh amháin nó ag an am céanna le Liúntas Gáis Nádúrtha.

Liúntas Leictreachais

Clúdaíonn an Liúntas Leictreachais gnáth-tháillí seasta agus suas le 1,800 aonaid leictreachais sa bhliain (300 aonad leictreachais i ngach bille dhá-mhí). Ó Meán Fómhair 2010 clúdaíonn an Liúntas Leictreachais an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (OSP) agus CBL ar an tobhach freisin.

BSL

Tar éis d’iarratas ar Liúntas Leictreachais a bheith faofa, tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí fógra do BSL, a dhéanfaidh an liúntas a chur i bhfeidhm ar an gcéad bhille eile nó ina dhiaidh sin, lena n-áirítear creidmheas siardhátaithe ar bith.

Íoctar an liúntas díreach le BSL. Caithfear íoc mar is gnáth as leictreachas ar bith a úsáidtear os cionn an liúntais. Mura n-úsáideann tú na haonaid saor in aisce go léir, féadtar suas go dtí 1200 aonad saor in aisce gan úsáid a thabhairt ar aghaidh idir gach tréimhse billeála. Bíonn modhanna íocaíochta difriúla i gceist má athraíonn tú ón BSL chuig soláthraí leictreachais eile - féach 'Soláthraithe leictreachais eile' thíos.

Má tá méadar ‘Nightsaver’ agat sa teach, laghdóidh na haonaid leictreachais saor in aisce gan úsáid an costas leictreachais sa chuntas ‘Nightsaver’ atá agat.

Soláthraithe leictreachais eile

Mura bhfuil BSL mar sholáthraí leictreachais agat, íocfar an Liúntas Leictreachais díreach leat le húsáid i dtreo do bhille leictreachais. Sa chás sin, is féidir leat an liúntas a íoc isteach sa chuntas bainc atá agat nó in Oifig an Phoist áitiúil.

Má tá Liúntas Leictreachais á fháil agat cheana féin agus má athraíonn tú an soláthraí leictreachais atá agat, gá duit iarratas a dhéanamh an athuair.

Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas)

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) má tá tú i do chónaí i lóistín glanscartha (seomraí nó árasán) agus:

  • Má tá do mhéadar sliotáin féin agat

  • Má bhíonn roinnt méadar leictreachais éagsúla ag obair ó mhéadar amháin soláthraí agus más é/í an tiarna talún custaiméir cláraithe an soláthraí

  • Muna bhfuil méadar faoi leith agat ach más tiarna talún é/í an tomhaltóir cláraithe aibhléise ag do sheoladh.

Íoctar an Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) ar an gcéad Mháirt de gach mí chuig cuntas in institiúid airgeadais, i mbanc mar shampla, nó san oifig poist áitiúil má tá cárta seirbhísí leasa shóisialaigh agat. Más trí oifig an phoist, le cárta seirbhísí leasa shóisialaigh, a gheibheann tú d’íocaíocht, tá 56 lá agat chun d'íocaíocht a bhailiú. Más trí oifig an phoist, le cárta seirbhísí leasa shóisialaigh, a gheibheann tú d’íocaíocht, tá 56 lá agat chun d'íocaíocht a bhailiú.

Liúntas Gáis Nádúrtha

Tár éis ceadaithe d’iarratas ar Liúntais Gáis Nadúrtha, cuirfidh an Roinn in iúl do sholáthraí gáis. Cuirfidh an soláthraí an liúntas i bhfeidhm ar an dara bhille ina dhiaidh an dháta sin, aon seanchreidmheas atá ag dul duit san áireamh.

Ag brath ar do sholáthraí, íocfar leat an liúntas mar chreidmheas ar do bhille gáis nó íocfar ar an chéad Mháirt de gach mí isteach i gcuntas institiúid airgeadais ainmnithe nó oifig an phoist ainmnithe.

Má íoctar an liúntas mar chreidmheas ar do bhille gáis, cuirfidh an Roinn in iúl do sholáthraí gáis. Cuirfidh an soláthraí an liúntas i bhfeidhm ar an dara bhille ina dhiaidh sin, aon seanchreidmheas atá ag dul duit san áireamh. Má tharlaíonn sé nár úsáid tú do liúntas iomlán féadfaidh tú suas le €150 a chur in aghaidh do chéad bhille eile do sholáthraí láithreach

Má úsáideann tú gás nach seoltar tríd an líonra náisiúnta, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh Liúntas Gáis Airgid freisin. Cuirtear iomar gáis ar fáil in aiteanna áirithe, mar shampla, agus soláthraítear gás do thithe a bhfuil a méadair féin acu.

Liúntas ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh

Má tharlaíonn sé nach bhfuil d’áras teaghlaigh nasctha leis an soláthar leictreachais/gáis nádúrtha ach na coinníollacha a chomhlíonadh, féadfaidh tú leas a bhaint as an Liúntas d'Athlán Gáis Bhuidéalaithe.

Íoctar an Liúntas ar Bhuidéal Gáis ar an 1ú Máirt de gach mí isteach i gcuntas i bhforas airgeadais ainmnithe, mar shampla, banc nó trí d'oifig an phoist áitiúil, má tá cárta seirbhísí leasa shóisialaigh agat. Más trí oifig an phoist, le cárta seirbhísí leasa shóisialaigh, a gheibheann tú d’íocaíocht, tá 56 lá agat chun d'íocaíocht a bhailiú.

Tá an Liúntas ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh ar fáil amháin do dhaoine nach bhfuil aon soláthar leictreachais nó gáis nádúrtha ina dtithe acu.

Liúntas Teileafóin

Is é atá sa Liúntas Teileafóin ná íocaíocht le cuidiú leat do bhille teileafóin líne talún teileafóin póca a íoc. Ní féidir leat ach Liúntas Teileafóin amháin sa teaglach a fháil agus an liúntas a usáid le haghaidh teileafóin líne talún nó teileafóin póca.

Má úsáideann tú an Liúntas Teileafóin do do theileafón líne talún, íoctar é mar chreidmheas ar do bhille teileafóin. Áfach, mura féidir le do sholáthraí teileafóin é seo a éascú, is féidir é a bheith íoctha isteach i gcuntas institiúid airgeadais ainmnithe nó oifig an phoist ainmnithe. Caithfidh an cuntas teileafóin bheith i do chuid ainm nó i gcomhúinéireacht. Mura mbíonn é sin an cás, caithfidh tú dul i dteagmháil le do sholáthraí chun an t-ainm a athrú.

Má úsáideann tú do Liúntas Teileafóin do do theileafón póca, is féidir leat é a úsáid chun do bhille theileafón póca a íoc nó chun creidmheas a cheannach. Íoctar leat é ar an chéad Mháirt de gach mí. Is féidir leat a roghnú go n-íocfaí do liúntas in oifig phoist nó institiúid airgeadais, mar shampla, i mbanc. Más trí oifig an phoist, le cárta seirbhísí leasa shóisialaigh, a gheibheann tú d’íocaíocht, tá 56 lá agat chun d'íocaíocht a bhailiú.

Ní chlúdaíonn an liúntas táille suiteála don teileafón.

Ní mór don gcuntas gutháin a bheith i d’ainm féin nó ina chomhchuntas. Muna bhfuil sé seo amhlaidh iarr ar do sholáthraí an ainm a athrú ar an gcuntas.

Má tá do theach roinnte ina árasáin nó ina leithleanna, ní bheith tú incháilithe le haghaidh Liúntas Teileafóin mura bhfuil sé cláraithe i d’ainm agus lonnaithe i d’árasán/leithleann phríobháideach.

Má tá daoine 70 bliain d’aois nó os a cionn, áfach, agus cónaí orthu i dteach altranais agus má tá a gcuntas gutháin féin acu, d’fhéadfá Liúntas Gutháin a fháil.

Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce

Nuair a bhíonn tú i dteideal na Pacáiste Sochar Teaghlaigh bíonn tú in ann Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce a fháil ó dháta athnuachana do cheadúnas teilifíse.

Má ta tú cáilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh, gheobhaidh tú cheadúnas teilifíse ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Cuireann an Roinn fógra don Post go bhfuil tu i dteideal cheadúnas saor fad atá tú i incháilithe don Scéim Sochair Teaghlaigh.

Rialacha

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal na scéime seo má:

Tá tú 70 nó ós a chionn

Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra

Tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá ag fáil Liúntais Gaoil Forordaithe nó Liúntais Freastail Leanúnaigh

Má tá tú idir 66 agus 70 agus ag fáil aon cheann acu seo a leanas:

agus má chónaíonn tú i d'aonar nó le daoine faoi leith cáilithe - féach 'Daoine cáilithe' thíos

Má tá tú faoi 66 agus ceann de na híocaíochtaí seo a leanas dhá fháil agat:

  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean na nDall
  • Forlíonadh Éagumais nó Cúiteamh do Fhir Oibre le Sochar Míthreorach (ar feadh 12 mí ar a laghad)
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean/sochar slandála sóisialta den chinéal céanna ó thír eile atá clúdaithe ag Rialacha an AE nó ó thír eile a bhfuil Comhaontú Slandála Sóisialta Déthaobhach ag Éire léi

agus má chónaíonn tú i d'aonar nó le daoine faoi leith cáilithe

I measc an ndaoine cáilithe tá:

  • Duine fásta cáilithe (is duine fásta cáilithe é/í do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir má tá liúntas dhá íoc leat ar a s(h)on mar chuid de d'íocaíocht féin nó má shaoraíonn sé/sí níos lú ná €310 sa tseachtain)
  • Páist(í) cleithiúnach(a) faoi 18 nó faoi 22 ach ag freastal ar oideachas lán-aimseartha (ní mór teastas a chur ar fáil ón scoil/coláiste dóibh siúd atá 18 nó ós a chionn)
  • Duine a bhfuil míchumas air/uirthi agus a theastaíonn cúram buan uaidh/uaithi ar feadh 12 mí ar a laghad (d'fhéadfadh sé go mbeadh teastas leighis ag teastáil)
  • Duine/daoine a bheadh i dteideal an liúntais é/í féin (mar shampla, duine a bhfuil Pinsean Stáit dhá íoc leis/léi)
  • Duine a chuireann cúram buan ar fáil duitse nó do dhuine i do líon tí má tá tusa nó an duine eile sin sa líon tí faoi mhíchumas mór agus go dteastaíonn cúram buan uait ar feadh ar a laghad 12 mí (d'fhéadfadh sé go mbeadh teastas leighis ag teastáil). Ní féidir glacadh le daoine atá fostaithe ar feadh níos mó ná 15 uair sa tseachtain nó le daoine atá ag fáil Sochar/Liúntas Cuardaitheora Poist mar dhaoine a chuireann cúram buan ar fáil do dhuine eile.

Má tá tú idir 66 agus 70, má chomhlíonann tú riachtanais scrúdú maoine agus má tá cónaí ort i d'aonar no le aon cheann de na daoine cáilithe thuasluaite.

Coinníollacha cháilithe eile

  • Ní mór buanchónaí a bheith ort (ar feadh na bliana ar fad) ag an seoladh lena dteastaíonn uait na liúntais a bheith i bhfeidhm. Ní íoctar na liúntais má tá cónaí ort i dteach altranais áit nach bhfuil lóistín glanscartha agat duit féin. D’fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Teileafóin a fháil má tá tú os cionn 70, agus má tá cónaí ort ina leithéid de theach altranais nó teach scoir, agus má tá do chuntas teileafóin féin agat.
  • Ní féidir le duine ar bith eile i do líon tí a bheith ag fáil na liúntas
  • Ní mór gur tusa an custaiméir cláraithe leis an soláthar leictreachais/gáis nádúrtha má tá éileamh dhá dhéanamh agat ar Liúntas Leictreachais/Gáis Nádúrtha agus an té atá cláraithe leis an soláthraí seirbhíse teileafóin más Liúntas Teileafóin atá dhá éileamh agat.

Baintreacha (fir nó mná) nó páirtnéirí sibhialta marthanacha atá idir 60 agus 65

Más baintreach (fir nó mná) nó páirtnéir sibhialta marthanach thú atá idir 60 agus 65 agus má bhí do chéile nó páirtnéir sibhialta marbh ag fáil Liúntas Teileafóin agus/nó Liúntas Leictreachais/Gáis Nádúrtha/Buidéal Gáis a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce ón Roinn Coimirce Sóisialaí roimh a b(h)ás, agus má bhí buanchónaí oraibh lena chéile, d'fhéadfadh sé go mbeadh tusa i dteideal na liúntas faoin Pacáiste Sochar Teaglaigh.

Ní mór ceann acu seo a leanas a bheith dhá íoc leat:

  • Pinsean Stáit (Idirthréimhse)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
  • Íocaíocht Teaglaigh Aontuismitheora (Baintrí Fir/Mná)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
  • Pinsean/Sochar Slandála Sóisialta den chinéal céanna ó thír eile atá clúdaithe ag Rialacha an AE nó ó thír eile a bhfuil Comhaontú Slandála Sóisialta Déthaobhach ag Éire léi
  • Gnáthphinsean Baintrí Gharda ón Roinn Dlí agus Cirt, agus Comhionannais.

D'fhéadfadh sé go mbeadh ort cáipéisí a chur ar fáil mar fhianaise go raibh do chéile nó pháirtnéir sibhialta atá básaithe ag fáil Liúntas Teileafóin agus/nó Liúntas Leictreachais/Gáis Nádúrtha/ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce.

Deontas do dhaoine atá ag athrú ó Phinsean Éasláinte, ó Liúntas Míchumais nó ó Phinsean na nDall

Má tá Pinsean Éasláinte , Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall dhá íoc leat agus Liúntas Teileafóin agus/nó Liúntas Gáis Nádúrtha/ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce, is féidir an Liúntas a choinneáil má athraíonn tú go dtí íocaíocht eile ón Roinn Coimirce Sóisialaí (gan Sochar/Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta agus Liúntas Réamh-Scoir, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus Sochar Cúramóra a bheith san áireamh).

An scrúdú maoine

Má tá tú idir 66 agus 70 agus mura bhfuil tú ag fáil íocaíocht cáilithe ní mór duit tástáil mhaoine a shásamh.

Is éard atá i gceist lena leithéid de thástáil mhaoine ná do theorainn acmhainne seachtainiúil a mheas. Tá an teorainn seo bunaithe ar ráta uasta reatha an Phinsin Stáit (Ranníocach) mar aon le méaduithe de bharr aoise, cónaí i d'aonair, agus celeithiúnaithe fásta nó leanaí cleithiúnacha.

Is é ráta uasta an Phinsin Stáit (Ranníocach) mar aon le €100 do theorainn ioncaim sheachtainiúil.

Cuirtear do theorainn ioncaim sheachtainiúil i gcomparáid le do mhaoin seachtainiúil faoi mar a mheastar é nuair a dhéantar an tástáil mhaoine.

Sásaíonn tú an tástáil mhaoine má tá do mhaoin sheachainiúil cothrom le do theorainn ioncaim sheachtainiúil nó faoina bhun agus bíonn tú incháilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh.

Seolfar ceistneoir tástála maoine faoi leith chugat sa phost má tá tú ag cur isteach ar Phacáiste Sochair Teaghlaigh ar bhunús tástála maoine.

Má athraíonn tú d'áit chónaithe

Má athraíonn tú d'áit chónaithe agus má chomhlíonann tú fós na coinníollacha don Pacáiste Sochar Teaghlaigh ní mór duit iarratas a dhéanamh in athuair.

Rátaí

Rátaí í 2012
Allowance
Liúntas Leictreachais 1800 aonaid leictreachais sa bhliain (300 aonad leictreachais i ngach bille dhá-mhí)
Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) €39.40 gach mí
Liúntas Gáis Nádúrtha €48.20 i rith mhíonna an tsamhraidh agus

€102.20 i rith mhíonna an gheimhridh

Liúntas le Buidéal Gáis a Athlíonadh €37.60 gach mí
Liúntas Teileafóin €22.58 mar chreidmheas ar do bhille gáis

€22.60 mar Liúntas Gáis Airgid

Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce Nuair a bhíonn tú i dteideal na Pacáiste Sochar Teaghlaigh bíonn tú in ann Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce a fháil ó dháta athnuachana do cheadúnas teilifíse.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Íoslódáil agus comhlánaigh Form HB1 (pdf). Tá tuilleadh eolais faoi Phacáiste Sochair Teaghlaigh ar fáil.

Ba chóir duit d’fhoirm iarratais a sheoladh ar ais chuig Rannóg an Phacáiste Sochair Teaghlaigh:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Is féidir leat ríomhphost don Rannóg an Phacáiste Sochair Teaghlaigh a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Phacáiste Sochair Teaghlaigh a úsáid.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ceadúnais Teilifíse
    Tá cur síos anseo ar cheadúnais teilifíse.
  • Seirbhísí Leictreachais in Éirinn
    Eolas faoi sheirbhísí leictreachais ar fáil in Éirinn. Cuirtear eolas ar fáil faoi voltas, úsáid tí, táillí, agus tá eolas faoi sheirbhísí do dhaoine le míchumais agus daoine níos sine san áireamh.
  • Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh
    Tá sé mar aidhm ag an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh cabhrú leo siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe le costas a mbillí tí a roinnt amach le linn na bliana uilig. Faigh amach an gcáilíonn tú agus conas iarratas a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.