Print Page Send to a Friend

Saor Thaisteal

Eolas

Tá chuile dhuine aois 66 agus os a chionn i dteideal na scéime saorthaistil. Tá daoine áirithe faoi an aois sin i dteideal na scéime freisin. I gcásanna áirithe, tá fáil ar saorphas do chomradaí chun ligint do dhuine bheith in éineacht leis an sealbhóir pas saorthaistil. Má tá tú i dteideal saorthaistil, eiseofar pas duit a bheidh ort a iompar agus tú ag baint úsáide as córas iompair phoiblí. Tá pasanna taistil neamh-inaistrithe agus is é an duine ainmnithe amháin ar féidir leis úsáid a bhaint astu.

Tá saorthaisteal le fáil ar na seirbhísí iompair phoiblí Stáit go léir (bus, iarnród Éireann, DART agus Luas). Tá saorthaisteal le fáil ar líon teoranta sheirbhísí bhus príobháideach áirithe freisin. Na hoibritheoirí iompair bhus príobháideacha a roghnaigh páirt a ghlacadh sa scéim Saorthaistil, glacann siad le pasanna saorthaistil. Ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun a fháil amach an nglacann d’oibritheoir bus príobháideach le pasanna saorthaistil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Céile, páirtnéirí sibhialta, comhchónaitheoraí agus compánaigh

Má tá pas saorthaistil agat tú pósta, i bpáirtnéireacht nó ag cónaí le duine, tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a cheadaíonn do do pháirtí tú a thionlacan saor in aisce nuair a bhíonn sibh ag taisteal. (Ní bhaineann sé seo le daoine faoi aois 66 atá ag fáil Liúntais Cúramóra nó atá ina gcúramóirí ainmnithe do dhaoine atá ag fáil Liúntais Fhreastail Bhuain nó Liúntas don Ghaol Ceaptha ón Roinn Coimirce Sóisialaí).

Ina theannta sin, is féidir le roinnt daoine nach mbeadh ábalta úsáid a bhaint as an bpas mar nach féidir leo taisteal leo féin Pas Saorthaistil Chompánaigh a fháil. Ceadaíonn sé seo d’aon duine os cionn 16 bliana d’aois a bheith mar thionlacan ag an sealbhóir, saor in aisce.

SmartPass Sinsearach le taisteal i dTuaisceart Éireann

Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil Uile-Éireann do shealbhóir an Phas Saorthaistil (daoine atá in aois 66 agus níos sine) taisteal saor in aisce ar na seirbhísí bus agus iarnróid uile i dTuaisceart Éireann ag baint leasa as cárta Smartpass. Ar an mbealach céanna, tá sealbhóirí SmartPass Sinsearach i dTuaisceart Éireann i dteideal taisteal saor in aisce ar sheirbhísí i bPoblacht na hÉireann ag baint leasa as an SmartPass Sinsearach reatha atá acu. Má cheadaíonn do Phas Saorthaistil duit a bheith tionlactha ag céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nó cara, is féidir leo leanúint ag taisteal saor in aisce ar thurais trasteorann ach ní féidir leo tú a thionlacan saor in aisce ar iompar poiblí i dTuaisceart Éireann.

Más mian le sealbhóirí an Phas Saorthaistil leas a bhaint as an scéim Saorthaistil Uile-Éireann i dTuaisceart Éireann, caithfidh siad cárta SmartPass Sinsearach a fháil i dtús báire. Caithfear foirm iarratais (FTNI1) a chomhlánú chun cárta SmartPass Sinsearach a fháil. (Ní féidir an fhoirm a fháil ar líne, agus chun foirm a fháil caithfear teagmháil a dhéanamh an Líne Bileoige Lóghlao an Leasa Shóisialaigh ar 1890 20 23 25).

Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh le dúch dubh amháin agus a thabhairt ar ais go pearsanta (ní tríd an bpost) go dtí an oifig leasa shóisialaigh áitiúil atá agat. Caithfidh tú na míreanna a leanas a thabhairt leat leis an bhfoirm iarratais chuig an oifig leasa shóisialaigh áitiúil:

  • Do Phas Saorthaistil reatha agus
  • Fianaise de do sheoladh, (mar shampla, bille gáis, leictreachais, teileafóin nó ráiteas bainc) agus
  • Fianaise aitheantais, (mar shampla, do cheadúnas tiomána, pas nó foirm eile d’aitheantas fótagrafach) agus
  • Grianghraf daite nua caighdeánach pas.

D’fhéadfadh sé suas le sé seachtainí a thógáil chun d’iarratas a phróiseáil. Tá tuilleadh eolais ar shíneadh na Scéime Saorthaistil ar fáil.

Ba chóir duit leanúint ag úsáid do Phas Saorthaistil reatha chun taisteal sa Stát seo.

Do SmartPass Sinsearach a athnuachan

Rachaidh do SmartPass Sinsearach as feidhm i ndiaidh 5 bliana.

  • Má bhaineann tú úsáid as do chárta go leictreonach sna 2 bhliain seo caite, seolfaidh Translink cárta nua duit go huathoibríoch nuair bíonn do chárta imithe as feidhm
  • Mura mbaineann tú úsáid as do chárta sna 2 bhliain seo caite, seolfar foirm athnuachan chugat chun é a chomhlánú. (Ní hionann an fhoirm athnuachan agus an chéad iarratas agus ní gá duit grianghraf a sholáthar.)
  • Mura mbaineann tú úsáid as do chárta riamh, ní chloisfidh tú ó Translink . Más mian leat é a athnuachan, caithfidh tú dul i dteagmháil le Translink agus seolfaidh siad iarratas athnuachana chugat


Rialacha

D'fhéadfá a bheith i dteideal saorthaisteal má:

  • Tá tú aois 66 nó ós a chionn agus ag maireachtáil sa tír
  • Tá tú ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Liúntas CúramóraPinsean Easláinte, ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
  • Tá tú i gcúram aire cónaithe ceadaithe ag an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá tú ag fáil an Liúntas Míchumais
  • Bhí tú ag fáil Forlíonadh Dífhostaíochta nó Cúitimh an Oibrí le Sochar Míthreorach le bliain ar a laghad
  • Tá tú dall agus sásaíonn tú na coinníollacha leighis don Phinsean na nDall
  • Is cúramóir sainithe tú do dhuine a fhaigheann Liúntas Cúraim Bhuain nó Liúntas Gaoil Forordaithe ón Roinn
  • Tá tú ag fáil an Pinsean Easláinte nó sochair le bliain ar a laghad ó Bhallstát AE eile nó ó thír éigin ina bhfuil comhaontú leasa shóisialta déthaobhach ag Éirinn léi
  • Tá tú i do bhaintreach nó is páirtnéir sibhialta marthanach thú aois 60 nó os a chionn a raibh pas saorthaistil ag a céile/páirtnéir sibhialta nó nach maireann agus ag fáil ceann de na liúntais seo a leanas: Pinsean Stáit (Idirthréimhse), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach), Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim Sochar um Ghortuithe Ceirde, nó íocaíocht/sochar slándála sóisialaí chosúil ó thír atá clúdaithe ag Rialacháin an CE, nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Soisialaí aici le hÉirinn nó liúntas/pinsean cosúil leo seo ó Bhallstát AE eile nó ó thír éigin ina bhfuil comhaontú leasa shóisialta ag Éirinn leo nó pinsean baintreach Garda.

Úsáid Pas Saorthaistil

Tá saorthaisteal le fáil ar sheirbhísí Iarnród Éireann, Bus Éireann, Bus Átha Cliath, DART agus Luas agus ar seirbhísí bhus agus farantóireachta príobháideach áirithe. Is féidir leat taisteal freisin in aisce ar sheirbhísí trasteorann áirithe idir Éire agus an Tuaisceart.

Má tú ag maireachtáil ar cheann ar bith de Oileáin, d'fhéadfá 12 12 turas singil (nó suas le 6 turas fillte) aer a fháil gach bliain idir na hoileáin agus an mórthír. Tá daoine a mhaireann ar Oileán Thoraí (Co. Dhún na nGall) i dteideal 8 turas singile (nó 4 thuras fillte) saor ar an ingearán seasúrach atá ag freastal idir an oileán agus an mórthír. úsáid do gach bliain

Níl aon srian ar na hamanna gur féidir leat usáid a bhaint as do Phas Saorthaistil. Dá bhrí sin, níl aon gá pas gan srian saorthaisteal a fháil a ligeann sé seo duit an pas a úsáid ag am ar bith.

Má chailleann tú do Pas Saorthaistil

Má chailleann tú do Pas Saorthaistil nó tá sé goidte, ba chóir duit foirm FT27 (pdf) a chomhlánú chun Pas Saorthaistill Athsholáthair a fháil. Caithfidh Garda i do stáisiún na nGardaí áitiúil cuid don fhoirm a chomhlánú.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú aois 66 nó os a chionn agus ag fáil pinsean leasa shóisialta tugtar an pas saorthaistil go huathoibritheach duit. Má tá tú faoi bhun 66 bliain d’aois, eiseofar Pas Saorthaistil duit go huathoibríoch nuair a ghlacfar leis go bhfuil tú i dteideal ceann ar bith de na híocaíochtaí seo a leanas a fháil: Pinsean Easláinte, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais nó Liúntas Cúramóra. Sna cásanna eile go léir, bíonn ort iarratas a chur isteach ar Phas Saorthaistil, trí fhoirm iarratais FT1 (pdf) a chomhlánú.

Is féidir an fhoirm seo agus tuilleadh eolais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Tá an fhoirm ar fáil ó d'oifig an phoist áitiúil freisin.

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta agus go ndéanann ceachtar agaibh iarratas ar Phas Saorthaistil nó go n-eisítear ceann ar dhuine agaibh go huathoibríoch (chun cur ar chumas do chéile/páirtnéir sibhialta taisteal leat saor in aisce), eiseofar an pas oiriúnach. Má tá tú ag cónaí le duine , ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gcineál sin pas trí PÁIRT2 den fhoirm iarratais thuas a chomhlánú. Má tá Pas Saorthaistil agat cheana féin (stádas singil), ní mór duit é a sheoladh ar ais leis an bhfoirm iarratais.

Caithfidh daoine atá ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, Gaillimh nó i Loch Garman an pas saorthaisteal a mhalartú le pas fótagraf ag an oifig CIE sa chathair.

'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg Saorthaistil

Saorphost
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Bus Átha Cliath

59 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 872 0000

Bus Éireann - Corcaigh

Lárionad Taistil
Busáras
Plás Parnell
Corcaigh
Éire

Teil:(021) 450 8188

Bus Éireann - Luimneach

Travel Centre
Stáisiúin Chóilbeard
Luimneach
Éire

Teil:(061) 31 3333

Bus Éireann - Port Láirge

Lárionad Taistil
Busáras
An Ché
Port Láirge
Éire

Teil:(051) 87 9000

Bus Éireann - Gaillimh

Travel Centre
Stáisiún Cheannt
Gaillimh
Éire

Teil:(091) 56 2000

Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Saor Thaisteal a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Saor Thaisteal a úsáid.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.
  • Seirbhísí Bus in Éirinn
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar sheirbhísí bus in Éirinn atá dhá riaradh ag an Stát.
  • Pinsean na nDall
    Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean na nDall a íoctar leis na daill agus le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn orthu. Faigh amach tuilleadh faoin íocaíocht leasa shóisialaigh seo agus conas iarratas a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.