Cás-Staidéar 1: Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ITF)

Seo sampla a thaispeánann conas a ríomhtar ioncam i leith Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (rátaí 2024) nuair a bhíonn duine ag tuismitheoireacht ina aonar.

Cás-staidéar

Tá triúr leanaí ag Mary. Tá a beirt pháistá is óige 5 agus 7 mbliana d’aois. Tá íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora á fáil aici agus tairgeadh obair pháirtaimseartha di le déanaí.

Má ghlacann sí leis an bpost, beidh sí ag obair trí lá sa tseachtain agus tuillfidh sí €300. Ba mhaith le Mary glacadh leis an bpost toisc go bhfuil a leanaí ar fad ar scoil anois ach tuigeann sí go gcuirfear isteach ar a hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

An mbeadh Mary níos fearr as ó thaobh airgid de dá nglacfadh sí leis an tairiscint oibre?

Tá sí ina cónaí ina teach le 20 bliain anuas agus tá morgáiste measartha beag aici. Faigheann sí íocaíocht chothabhála €80 in aghaidh na seachtaine i leith a costais mhorgáiste, rud nach gcuireann isteach ar a hÍocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora. Tá post páirtaimseartha ag a hiníon is sine i siopa áitiúil.

Ríomh ráta Íocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht

Céim 1: Aimsigh ioncam seachtainiúil Mháire

Glanioncam seachtainiúil ó fhostaíocht (nóta 1) €300

Móide glanioncam seachtainiúil ó fhéinfhostaíocht €0.00

Móide íocaíochtaí leasa shóisialaigh (nóta 2) €318

Móide ioncam ó phinsin ghairme €0

Móide airgead cothabhála a fhaightear €80

Ioncam Iomlán €698

Céim 2: Ríomh an ráta ITF

Chun an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht (WFP) a fháil, caithfidh meánioncam seachtainiúil Mháire a bheith faoi bhun méid áirithe do mhéid a teaghlaigh. Is é an uasteorainn ioncaim do theaghlach le 3 leanaí ná €847.

Is í an íocaíocht WFP is féidir léi a fháil ná 60% den difríocht idir meánioncam seachtainiúil a teaghlaigh, agus teorainn ioncaim an WFP do mhéid a teaghlaigh.

  • Is é an difríocht idir €847 agus €698 ná €149
  • Is é 60% de €149 ná €89.40

Mar sin, gheobhaidh Mary ráta WFP de €89.40 in aghaidh na seachtaine.

Má thosaíonn Máire an post agus má fhaigheann sí WFP

Is é ioncam seachtainiúil reatha Mháire ná €458 ( Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora de €378 di féin agus do thriúr leanaí, móide €80 cothabháil).

Má thosaíonn sí an post, €787.40 sin é an ioncam comhlán iomán, WFP san áireamh, a bheidh aici (OFP laghdaithe de €318 + WFP de €89.40+ ioncam €300 ón obair + €80 ó chothabháil).

Nóta 1

Déantar glanioncam Mary ó fhostaíocht a mheasúnú i leith ITF, ach, ní mheasúnaítear ioncam a hiníne toisc go bhfuil sí faoi bhun 22 bliain d’aois agus in oideachas lánaimseartha.

Nóta 2

Má fhaigheann Mary €300 ó fhostaíocht, laghdófar a hÍocaíocht Theaghlach Aontuismitheora.

  • Déantar neamhshuim den chéad €165 d’ioncam Mháire ón bhfostaíocht (ní chuirtear san áireamh é) sa tástáil acmhainne don ÍTA (€300 - €165 = €135)
  • Déanfaidh an Roinn measúnú ar 50% den €135 atá fágtha, is é sin €67.50, mar acmhainn Mháire

Faigheann duine a bhfuil acmhainn €67.50 aige íocaíocht ÍTA de €172. Faigheann Máire €46 do gach leanbh faoi 12 agus €54 dá leanbh 12 agus níos sine.

Mar sin beidh a híocaíocht iomlán €318 (€172 + €46 + €46 + €54 = €318).

Léigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a dtéann ioncam ó fhostaíocht i bhfeidhm ar d’Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Feabhra 2024