Cás-staidéar: Do phinsean a ríomh faoi chomhaontuithe slándála sóisialta an AE

Cás-staidéar

Léiríonn an sampla seo conas a ríomhtar teidlíocht don Phinsean Stáit (Ranníocach) faoi chomhaontuithe slándála sóisialta an AE.

Cás-staidéar

Beidh 66 bliain slánaithe ag Peter in 2024 agus ba mhaith leis a fháil amach an gcáileoidh sé do Phinsean Stáit (Ranníocach).

Chuaigh Peadar i bhfostaíocht inárachais 40 bliain ó shin. Chuir sé tús lena shaol oibre in Éirinn agus d’oibrigh sé in Éirinn ar feadh 2 bhliain san iomlán. Tá sé ag obair in Éirinn le 5 bliana anuas agus roimhe sin d’oibrigh sé sa Ghearmáin ar feadh 23 bliain agus d’íoc sé 1,196 ranníocaíocht ansin.

Níl aon sosanna ina thaifead fostaíochta sa Ghearmáin, is é sin, d'oibrigh sé sa Ghearmáin go leanúnach ar feadh 23 bliain díreach sular tháinig sé ar ais go hÉirinn. Mar sin tá 364 ranníocaíocht Éireannach aige agus 1,196 ranníocaíocht Gearmánach.

Tá Máire, bean Pheadair, 61 bliain d'aois, is é an t-aon ioncam atá aici ioncam ón obair. Tuilleann sí €250 in aghaidh na seachtaine.

Céim 1

Ar dtús, ní mór duit seiceáil an gcáileodh Peadar do Phinsean Stáit Éireannach bunaithe ar a ranníocaíochtaí Éireannacha amháin.

Is féidir leat é seo a ríomh trí líon iomlán na ranníocaíochtaí in Éirinn (364) a roinnt ar líon iomlán na mblianta a oibríodh (40) ó chuaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachais.

Yearly average number of contributions calculation

Peter’s Irish contributions

364

Total number of years worked*

40

Yearly average number of contributions

364 ÷ 40 = 9.1

*since entering into insurable employment to the end of the last complete tax year before reaching pension age

Is é meánlíon bliantúil ranníocaíochtaí Pheadair ná 9.1. Ní bheadh sé i dteideal Pinsean Stáit na hÉireann (Ranníocach).

Céim 2

Ar an dara dul síos, ní mór duit ‘ráta barúlach an phinsin a bheidh ag Peadar a ríomh. Seo é ráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) a bheadh Peadar i dteideal dá ndéanfaí measúnú ar a ranníocaíochtaí go léir mar ranníocaíochtaí in Éirinn.

Is féidir leat é seo a ríomh trí líon iomlán na ranníocaíochtaí in Éirinn agus thar lear (1,560) a roinnt ar líon iomlán na mblianta a oibríodh ón tráth go ndeachaigh tú i bhfostaíocht inárachais (40).

Yearly average number of contributions calculation

Total assessable contributions

364 Irish contributions + 1,196 German contributions = 1,560

Total number of years worked*

40

Yearly average number of contributions

1,560 ÷ 40 = 39

*since entering insurable employment to the end of the last complete tax year before reaching pension age

Is é meánlíon bliantúil ranníocaíochtaí Pheadair ná 39, mar sin de is é ráta barúlach a phinsin ná €249.30 (i 2024, is é seo an ráta a íoctar do dhaoine le meán bliantúil de 30-39 ranníocaíocht).

Mar sin féin, tá Peadar i dteideal méadú ar a íocaíocht dá bhean chéile, ach níl sé i dteideal an ráta uasta méadaithe do dhuine fásta cáilithe toisc go bhfuil sí ag tuilleamh €250 in aghaidh na seachtaine.

Tá ráta an mhéadaithe do dhuine fásta cáilithe iníoctha barrchaolaithe le haghaidh tuillimh idir €100 agus €310. Is é an méadú dá bhean chéile mar dhuine fásta cáilithe ná €71.70.

Chun ráta barúlach iomlán an phinsin a bheidh ag Peadar a ríomh, cuir céad ráta barúlach an phinsin (€249.30) leis an méadú ar an bpinsean a fhaigheann sé dá bhean chéile (€71.70).

Total notional pension rate calculation

Notional rate of pension (calculated above)

€249.30

Increase for a qualified adult

€71.70

Total notional pension rate

€249.30 + €71.70 = €321

 

Is é ráta barúlach iomlán an phinsin a bheidh ag Peadar ná €321.

Céim 3

Ar an tríú dul síos, déanann tú an pinsean a gheobhaidh Peadar faoi chomhaontuithe leasa shóisialaigh an AE a ríomh. Is féidir leat é seo a dhéanamh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • (A x B) ÷ C = ráta an Phinsin Stáit (Ranníocach)
Figures for pension calculation

A = Notional rate of pension (calculated in step 2)

€321

B = Number of Irish contributions

364

C = Total number of contributions (Irish and foreign)

1,560

Ar dtús, iolraíonn tú ráta barúlach an phinsin (A) faoi líon iomlán na ranníocaíochtaí in Éirinn (B):

  • €321 x 364 = €116,844

Ansin, roinneann tú €116,844 ar líon iomlán na ranníocaíochtaí in Éirinn agus thar lear (C):

  • €116,844 ÷ 1,560 = €74.38

Is é ráta an Phinsin Stáit (Ranníocach) a bheidh ag Peadar, arna ríomh faoi chomhaontuithe urrús an AE agus lena n-áirítear méadú dá bhean chéile mar chleithiúnaí cáilithe, ná €74.38.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2024