Ag obair san AE

Saoránaigh AE

Más saoránach den Aontas Eorpach (AE) tú, tá sé de cheart agat cónaí agus oibriú in aon tír eile de chuid an AE. Seans go mbeidh cárta aitheantais nó pas bailí uait. Mura saoránaigh den AE nó LEE iad do theaghlach, d'fhéadfadh víosa a bheith ag teastáil uathu sula dtéann siad ag taisteal.

Féadfar a dhiúltú duit ballstát eile a iontráil, agus/nó d’fhéadfadh srian a bheith ar do chearta cónaithe i mballstát eile mar gheall ar bheartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí.

Baineann na cearta a dtugtar cuntas orthu anseo le Ballstáit neamh-AE de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, go mór mór, is é sin, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin, chomh maith leis an Eilvéis.

Más saoránach Éireannach thú, is féidir leat cónaí agus oibriú sa Ríocht Aontaithe faoin gComhlimistéar Taistil idir an dá thír. Tá sé seo amhlaidh fós tar éis don RA imeacht ón AE.

Treoracha an AE maidir lesaorghluaiseacht oibrithe

Más náisiúnach de chuid an AE thú atá ag aistriú go dtí tír eile de chuid an AE chun dul i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta nó chun seirbhís a sholáthar, tagann tú faoi chumhdach Threoracha an AE maidir le saorghluaiseacht oibrithe. Tá an ceart ag do dhaoine muinteartha, cibé náisiúntacht atá acu, thú a thionlacan nó taisteal chun cónaí leat i dtír d’fhostaíochta.

Is é do theaghlach ‘cáilitheach’:

•Do chéile nó páirtnéir sibhialta

•Do leanbh nó leanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois

•Do gharleanbh nó garleanbh do chéile atá níos óige ná 21 bliain d’aois

•Do thuismitheoir cleithiúnach, nó tuismitheoir cleithiúnach do chéile

•Do sheantuismitheoir cleithiúnach, nó seantuismitheoir cleithiúnach do chéile

•Sliocht díreach cleithiúnach eile nó gaolta eile díreacha cleithiúnacha do shinsir (mar shampla, sin-seantuismitheoirí nó páistí garleanaí) leat féin nó le do chéile

Meastar, go ginearálta, gur daoine muinteartha cáilitheacha iad leanaí atá níos sine ná 21 bliain d’aois má tá siad in oideachas, nó má bhraitheann siad ort mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas. Beidh ort a thaispeáint go raibh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí (nó tuismitheoirí nó seantuismitheoirí do chéile) ag brath ort sular tháinig siad go hÉirinn.

Níl ceart iomlán cónaithe ag daoine muinteartha eile, ach b’fhéidir go mbeidh cead acu cónaí leat i dtír eile an AE. I measc na ndaoine muinteartha a cheadaítear, tá:

•Do pháirtnéir

•Aon ghaol leat atá mar chuid de do theaghlach nach duine muinteartha cáilitheach é/í

•Aon ghaol leat óna dteastaíonn do chúram pearsanta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas

Más mian leo amhlaidh a bheith acu, tá an ceart ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta agus do leanaí freisin oibriú gan srian i do thír fostaíochta. Tá an ceart agat agus ag do dhaoine muinteartha na sochair chéanna shóisialacha a fháil a fhaigheann saoránaigh an bhallstáit óstála. Áirítear leis seo an ceart chun teacht ar oideachas agus ar shochair.

Is féidir iarraidh ar do dhaoine muinteartha a thagann go hÉirinn ó thír neamh-AE víosa iontrála a sholáthar a chuireann an tír ina bhfuil tú ag oibriú ar fáil. Is féidir an víosa seo a sholáthar gan stró agus níor cheart go ngearrfaí táille air.

Teacht ar fhostaíocht

Is féidir leat oibriú faoi na coinníollacha céanna a bhíonn i gceist i gcás shaoránaigh na tíre ina bhfuil obair á cuardach agat. Ní féidir iarraidh ort aon riachtanais bhreise a shásamh. Ciallaíonn seo gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon fholúntas poist a fhógraítear in aon tír AE, poist san earnáil phoiblí san áireamh. Mar sin féin, d'fhéadfadh nach mbeadh poist áirithe seirbhíse poiblí ar fáil ach do shaoránaigh thíre faoi leith má bhíonn ord poiblí nó leasanna an stáit á gcosaint i gceist leis an bpost, mar shampla, na fórsaí cosanta agus na póilíní.

Cáilíochtaí a baineadh amach san AE a aithint

Bhunaigh an AE córais chun dioplómaí agus oiliúint a aithint chun gur féidir leat d’oiliúint agus scileanna a úsáid i dtír eile an AE. Is é an bunphrionsabal ná má tá tú cáilithe chun gairm a chleachtadh i do thír dhúchais, tá tú cáilithe chun an ghairm chéanna a chleachtadh in aon tír eile an AE.

Cáilíochtaí gairmiúla

Tá córas ginearálta aitheanta cáilíochtaí chun oibriú i bhformhór na ngairmeacha rialaithe i bhfeidhm ar fud an AE. Más mian leat oibriú i ngairm (mar mhúinteoir, dlíodóir, innealtóir nó síceolaí, mar shampla) atá á rialú sa tír fostaíochta, caithfidh tú iarratas a dhéanamh go n-aithneofar do cháilíochtaí sa tír sin. Cuirtear tréimhse 4 mhí ar fáil do na húdaráis chun freagra a thabhairt. Má cheapann siad go bhfuil difríocht mhór idir an oiliúint a cuireadh ortsa i dtaobh faid agus ábhair ón oiliúint a cuireadh ar fáil sa tír óstála, d'fhéadfadh go n-iarrfar ort taithí ghairmiúil bhreise a fháil le cur leis an oiliúint, nó tabhairt faoi chúrsa oiliúna nó faoi scrúdú mianaigh.

Más dochtúir, altra ginearálta, fiaclóir, cnáimhseach, tréidlia, cógaiseoir nó ailtire thú, aithnítear do cháilíochtaí náisiúnta go huathoibríoch, i bprionsabal.

Mura rialaítear do ghairm sa tír inar mian leat oibriú, ní gá do cháilíochtaí a aithint go foirmiúil.

Post a chuardach san AE

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach líonra EURES chun cabhrú le saoránaigh Eorpacha a bhfuil obair á cuardach acu i dtír eile san AE/an LEE. Cuireann EURES líonra comhairleoirí ar fáil, ar a dtugtar comhairleoirí EURES, ar féidir leo eolas praiticiúil a thabhairt duit ar reachtaíocht, slándáil shóisialach, dálaí maireachtála, seoltaí áisiúla, eolas ar leibhéil phá, cánacha, conarthaí, cleachtais earcaíochta agus eolas eile.

Tá teacht ag comhairleoirí EURES ar bhunachar sonraí folúntais phoist EURES ina bhfuil folúntais san AE /LEE. Más suim leat a bheith ag oibriú nó obair a lorg san AE/LEE, ba cheart duit coinne a dhéanamh le do chomhairleoir EURES is cóngaraí. Déan teagmháil leis an oifig seirbhísí fostaíochta nó an tIonad Intreo is gaire duit chun teacht ar eolas breise.

Is féidir leat féin teacht freisin ar bhunachar sonraí folúntais phoist EURES ó láithreán EURES.

Más duine dífhostaithe thú tá sé de cheart agat maireachtáil i dtír eile an AE ar feadh "tréimhse réasúnta" chun post a chuardach. In éagmais sainmhíniú ar “tréimhse réasúnta", tá tréimhse 6 mhí á hoibriú anois ag formhór na dtíortha AE, cé go bhfuil tréimhse 3 mhí á hoibriú ag roinnt tíortha an AE go fóill.

Is cuma cé chomh fada a ghlacann sé ort post a aimsiú, áfach, ní féidir iarraidh ort an tír a fhágáil más féidir leat a chruthú go bhfuil fíoriarracht á déanamh agat post a chuardach agus go bhfuil fíordheis agat post a aimsiú. Mar shampla, má tá agallaimh nó tástálacha le freastal agat orthu go fóill.

Is féidir leat clárú ag gníomhaireachtaí agus ionaid fostaíochta gan bheith ort bheith i do chónaí sa tír inar mian leat oibriú agus tabharfar an chabhair chéanna duit obair a aimsiú a thugtar do náisiúnaigh na tíre sin.

Do shochar dífhostaíochta a aistriú

Má tá sochar dífhostaíochta a fháil agat (mar shampla, Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Féinfhostaithe do Lucht Cuardaigh Fostaíochta) féadfaidh tú leanúint den íocaíocht a dháil ón tí chéanna ar feadh suas le 13 seachtaine tar éis duit bogadh go ballstát eile. Caithfidh tú a bheith ag fáil na híocaíochtaí le 4 seachtaine ar a laghad sular féidir leat í a aistriú go tír eile.

Má dhéanann tú iarratas ar do shochar a aistriú íocfar leat go díreach é. Ní mór duit clárú le seirbhísí fostaíochta na tíre ina ndeachaigh tú chun oibre a chuardach laistigh de sheachtain. Féadfaidh tú do shochar a aistriú níos mó ná uair amháin má tá tú ag lorg oibre i stáit éagsúla den AE/LEE, ach ní féidir leat dul thar an uastréimhse 13 seachtaine.

Má tá tú ag fágáil na hÉireann chun bogadh go Tuaisceart Éireann nó an Bhreatain, eiseoidh d'Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh Foirm U2 duit (tugadh Foirm E303 air roimhe seo) agus tugann tú an fhoirm seo leat go dtí seirbhísí sóisialacha na RA. Má bhogann tú go tír eile san AE, seolfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí foirm U2 chuig do sheoladh nua sa tír AE sin.

Cearta fostaíochta

Tá an ceart ag gach náisiúnach an AE atá ag oibriú i dtír eile an AE cónaí ann. Tá na coinníollacha oibre céanna agat a bhíonn ag saoránaigh na tíre ina bhfuil tú ag oibriú, pá, dífhostú, uaireanta oibre, idirdhealú, saoire mháithreachais agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair san áireamh.

Slándáil shóisialach

Is é aidhm bhunúsach bheartas an AE a chinntiú go bhfuil tú mar chuid de chóras slándála sóisialaí agus nach mbaintear do chearta díot, gan aird ar an mballstát a ndéanann tú cinneadh oibriú ann.

I bprionsabal, cumhdaítear thú ar mhaithe le cúrsaí árachais slándála sóisialaí sa tír ina n-oibríonn tú. Tá an ceart agat agus ag do dhaoine muinteartha, faoi chúinsí áirithe, na sochair chéanna slándála sóisialaí a fháil a fhaigheann saoránaigh na tíre ina n-oibríonn tú. Baineann na cearta seo le sochair breoiteachta agus máithreachais, míchumas, sochair aostachta agus mharthanóra, sochair do thimpistí ag an obair, breoiteacht cheirde, bás agus dífhostaíocht, anuas ar liúntais teaghlaigh. Tá ort an leibhéal céanna ranníocaíochtaí a íoc a bhíonn le saoránaigh i dtír na hóstála a íoc. Ní féidir thú a eisiamh ó shochair ar forais náisiúntachta, ar chúiseanna cónaithe, nó ar aon chúis eile idirdhealaitheach.

Is féidir leat teacht ar eolas in Do theidlíochtaí slándála sóisialaí agus tú ag fágáil na hÉireann.

Cánacha

Má chónaíonn agus má oibríonn tú i mballstát eile, is dóchúil go ndéanfar “cónaitheoir chun críoch cánach” sa tír sin díot. Tá a sainmhíniú féin ag gach tír ar chónaí chun críoch cánach. Ní mór duit dlíthe na tíre ina bhfuil cónaí ort a shásamh. B’fhéidir go mbeidh tú faoi dhliteanas cánach i níos mó ná tír amháin. Go ginearálta, tá tú faoi réir cáin ioncaim sa tír ina bhfuil tú i do chónaí ach b’fhéidir nach amhlaidh a bheidh an cás más “oibrí ar phostú” thú – féach thíos. Go ginearálta, gearrtar cáin ar mhaoin sa tír ina bhfuil sí suite ach, arís eile, tá éagsúlachtaí ann.

Tá comhaontuithe cánacha i bhfeidhm idir formhór bhallstáit an AE agus tá siad ceaptha cánachas dúbailte a sheachaint má fhaigheann tú ioncam ó thíortha éagsúla.

Go ginearálta, ní mór do na rialacha fioscacha náisiúnta aitheantas a thabhairt don bhunphrionsabal i gcoinne idirdhealú ar shaoránaigh de thír eile den AE.

Oibrithe ar phostú chuig tír eile den AE

Tá cearta áirithe faoi leith agat más oibrí ar phostú thú, a chiallaíonn go n-oibríonn tú ar feadh tréimhse theoranta ama i mballstát nach é an ceann ina n-oibríonn tú de ghnáth. Má chuirtear ar phostú thú ar feadh breis agus mí, caithfidh d’fhostóir thú a chur ar an eolas i scríbhinn, sula bhfágfaidh tú, ar do phá agus coinníollacha oibre fad a bhíonn tú thar lear.

Leanann tú de bheith cleamhnaithe le córas slándála sóisialaí do thíre tionscnaimh, de ghnáth. Is féidir leat cáin ioncaim a íoc sa tír sin chomh maith ach is éagsúil a bhíonn an cás idir ballstáit. Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi shlándáil shóisialach d’oibrithe ar phostú nó ar eolas breise ar Oibrithe ar Phostú thíos.

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

Is féidir leat a roghnú do sheirbhísí a chur ar tairiscint i dtír eile an AE gan tú féin a bhunú ansin go buan. Má shásaíonn tú rialacha na gairme nó na ceirde a bhaineann le do thír féin, is féidir leat na seirbhísí siúd a chur ar tairiscint áit ar bith eile san AE. Is féidir leat taisteal chun cabhrú le cliaint atá lonnaithe i dtír eile an AE nó is féidir leat seirbhísí íoctha a sholáthar ó do thír chónaithe gan taisteal ann.

Comaitéirí trasteorann

Is comaitéir trasteorann thú (ar a dtugtar oibrí trasteorann freisin) má chónaíonn tú i dtír amháin an AE ach má oibríonn tú i dtír eile agus má théann tú abhaile ar a laghad uair sa tseachtain. Mar oibrí trasteorann, caithfear caitheamh leat ar an mbealach céanna a chaitear le náisiúnach thír na fostaíochta i dtaobh an chirt cur isteach ar phoist, coinníollacha oibre agus sochair shóisialacha.

Ar an ábhar sin, is í an riail ghinearálta go n-íocann tú ranníocaíochtaí slándála sóisialaí sa bhallstát ina bhfuil tú fostaithe agus bíonn tú faoi réir reachtaíocht an stáit sin fiú má chónaíonn tú i mballstát eile.

I dtaobh sochar, bronntar sochair ghearrthéarmacha ort, go ginearálta, ón tír inar íoc tú árachas an uair dheireanach agus bronntar sochair fhadtéarmacha ort go comhréireach ó na tíortha go léir inar íoc tú árachas.

I gcás oibrithe trasteorann, is í an riail maidir le sochar dífhostaíochta:

•I rith dífhostaíocht pháirteach nó ó am go ham, íoctar do shochar leat ó thír d’fhostaíochta

•I rith tréimhsí dífhostaíochta iomláine, íoctar do shochar leat ó thír chónaithe.

Is féidir leat léamh faoi oibriú trasteorann idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann.

Oibrithe ar phostú

Is oibrí ar phostú thú má chuireann d’fhostóir thú chun oibriú i dtír eile ar bhonn sealadach. Is í tréimhse an phostaithe 24 mí, ar a fhaide. Má chuirtear ar phostú thú go stát eile an LEE nó an Eilvéis, bíonn na cearta áirithe seo a leanas agat:

Árachas sóisialach

Mar oibrí ar phostú, is gnách go leanfaidh tú le do ranníocaíochtaí slándála sóisialaí a íoc in Éirinn. Ba cheart duit cur isteach ar dheimhniú A1 (tugadh deimhniú E101 air roimhe seo) ina luaitear go bhfuil tú faoi árachas ar mhaithe le slándáil shóisialach in Éirinn. Cuirfidh seo díolúine ar fáil duit agus do d’fhostóir ó árachas sóisialach a íoc sa tír ina gcuirtear ar phostú tú inti. Ba cheart duit nó do d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an deimhniú A1 ar a laghad 4 seachtaine sula bhfágann tú. Is féidir leat an fhoirm iarratais do dheimhniú A1 (pdf) a íoslódáil agus tá sé ar fáil freisin ó Rannóg Bailithe Speisialta ÁSPC na Roinne Coimirce Sóisialaí (an RCS). Nuair a fhaigheann tú deimhniú A1, leanfaidh tú le do ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc in Éirinn. Tá sonraí breise faoi ÁSPC agus oibrithe ar phostú ar fáil ar láithreán gréasáin an RCS.

Teidlíochtaí sláinte

Tháinig an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (an CEÁS) in ionad foirmeacha cosúil leis an E111 agus an E128, agus rinne sin níos éasca é duit cúram leighis a fháil go tapa agus gan stró. Is fianaise é go bhfuil tú mar chuid de scéim árachais sláinte a riarann stát eile sa LEE/an Eilvéis.

Cinntíonn cáipéis iniompartha S1 (tugadh E106 air seo roimhe seo) go mbíonn na teidlíochtaí céanna sláinte agat sa stát a bhfuil tú á chur ar phostú ann, a bhíonn ar fáil do náisiúnaigh an stáit sin. Sula dtaistealaíonn tú go dtí stát eile an AE.

Eolas breise

Chun teacht ar eolas ar do chearta san Aontas Eorpach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Deireadh Fómhair 2023