Úsáidtear an téarma "teifeach" sa ghnáthchaint laethúil chun cur síos ar roinnt catagóirí daoine a d’fhéadfadh stádais éagsúla dlíthiúla a bheith acu agus a d’fhéadfadh cearta agus oibleagáidí athraitheacha i sochaí na hÉireann a bheith acu dá bharr sin, ach a bhfuil baint acu go léir leis an bpróiseas na dteifeach mar a shainmhínítear i ndlí na hÉireann é agus é bunaithe ar choinbhinsiún idirnáisiúnta.
Na hathruithe atá molta ar an dlí ar inimirce: Dearadh an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint 2010 (pdf), a d'fhoilsidh i Meitheamh 2010, chun athsholáthar a dhéanamh ar an reachtaíocht ar inimirce atá ann faoi láthair. Ar na hathruithe eile arna moladh tá próiseas comhtháite um iarratas ar chosaint a thiocfadh in áit na n-iarratas ar stádas dídeanaithe, fhochosaint agus chead chun fanacht.
Is briseadh síos de na catagóirí éagsúla sin atá sa mhéid seo a leanas.
Is duine é an t-iarrthóir tearmainn a lorgaíonn aitheantas mar theifeach faoi réir théarmaí Choinbhinsiún na bliana 1951 a bhaineann le Stádas na dTeifeach mar a shainmhínítear in Alt 2 an Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe.
Is duine é an teifeach coinbhinsiúin a chomhlíonann riachtanais sainmhínithe an teifigh faoi théarmaí Choinbhinsiún na Ginéive i ndáil le stádas na dteifeach mar a shainmhínítear in Acht na nDídeanaithe, 1996 é; agus ar a mbronntar stádas teifigh.
Is duine é an teifeach cláir ar tugadh cuireadh go hÉirinn dó faoi chinneadh Rialtais mar fhreagairt ar iarratas daonnachtúil, a thagann de ghnáth ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Theifigh (UNHCR), chun críoch na cosanta sealadaí nó an athlonnaithe.
Aon duine nach gcomhlíonann go hiomlán riachtanais sainmhínithe na dteifeach faoi théarmaí Choinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas na dteifeach mar a shainmhínítear in Acht na nDídeanaithe, 1996 é; féadfar cead chun fanacht sa stát a bhronnadh orthu. Féadfar cead chun fanacht a bhronnadh ar náisiúnaigh neamh-AE ar diúltaíodh iad a dhearbhú mar dhídeanaithe, freisin, agus nach bhfuil i dteideal fochosanta de réir Rialachán na gComhphobal Eorpach (Teidlíocht Cosanta) 2006 (pdf).
79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.