Print Page Send to a Friend

Córas Eurodac

Eolas

Bhunaigh an tAontas Eorpach córas Eurodac chun méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn agus na n-inimirceach mídhleathach a chur i gcomparáid. Is éard is cuspóir leis sa phróiseas tearmainn ná feidhmiú Rialachán Bhaile Átha Cliath II/Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a éascú, a chumasíonn cinneadh an Stáit a bhíonn freagrach as imscrúdú iarratas tearmainn.

Cuireann Rialachán Bhaile Átha Cliath II/Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath meicníocht ar fáil chun socrú cén Stát atá freagrach as hiarratais ar thearmann a dhéantar i gceann de bhallstáit an Aontais Eorpaigh a scrúdú. D’aontaigh na hAirí freagracha sa bhliain 1991, agus na ballstáit ag dúil le haithint na n-eachtrannach a thaisc iarratas tearmainn cheana féin i mballstát éigin eile, córas a bhunú ar fud an Chomhphobail le méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn a chur i gcomparáid.

Cuireann córas Eurodac ar chumas na mballstát iarrthóirí tearmainn agus daoine a aithint a thrasnaigh críoch sheachtrach den Chomhphobal ar bhealach mí-rialta. Is féidir leis na ballstáit - trí chomparáid na méarlorg - a chinneadh ar éiligh iarrthóir tearmainn nó náisiúnach eachtrannach a aimsítear le bheith i láthair go mídhleathach laistigh de bhallstát tearmann i mBallstát éigin eile.

Is éard is Eurodac ann ná Láraonad laistigh de Choimisiún an AE a bhfuil bunachar sonraí ar ríomhaire aige le méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn a chur i gcomparáid agus córas chun sonraí leictreonacha a tharchur idir ballstáit agus an bunachar sonraí.

I dteannta leis na méarloirg, áireofar go sonrach leis na sonraí a sheolann ballstáit an ballstát bunaidh, áit agus dáta an iarratais tearmainn más infheidhmithe, gnéas agus uimhir thagartha. Tiomsaítear/Bailítear sonraí do dhuine ar bith os cionn 14 bliana d’aois agus códaítear go díreach sa bhunachar sonraí iad ag an Lár-Aonad agus an ballstát bunaidh.

I gcás na n-iarrthóirí tearmainn, coinnítear na sonraí ar feadh 10 mbliana mura bhfaigheann an duine aonair saoránacht cheann na mballstát, nuair a léirscriostar a sonraí go láithreach. Coinnítear sonraí na náisiúnach eachtrannach a ghabhtar agus iad ag iarraidh teorainn sheachtracha a thrasnú go mí-rialta ar feadh dhá bhliain ón dáta ónar tugadh na méarloirg. Léirscriostar na sonraí go láithreach ag deireadh an dá bhliain má:

  • má fhaigheann an náisiúnach eachtrannach cead cónaithe, nó
  • má tá críocha na mBallstát fágtha ina ndiaidh acu.

I gcás na náisiúnach eachtrannach a fhaightear go mídhleathach laistigh de bhallstát, ligeann Eurodac comparáid a dhéanamh idir a méarloirg agus na cinn atá sa bhunachar sonraí lárnach chun a chinntiú an ndearna an duine sin iarratas tearmainn i mBallstát eile cheana féin. Tar éis na méarloirg a bheith tarchurtha chun críoch na comparáide, ní stórálann Eurodac a thuilleadh iad.

Maidir le cosaint sonraí pearsanta, ní mór do na ballstáit bhunaidh chun a chinntiú go dtógtar na méarloirg go dlíthiúil chomh maith le hoibríochtaí lena mbaineann úsáid, traschur, caomhnú nó léirscriosadh na sonraí iad féin.

Feidhmiú Eurodac in Éirinn

Beidh ort agus do mhionúir chleithiúnacha bhur ngrianghraf a thógáil mar chuid den phróiseas iarratais ar dhearbhú dídeanaí. Beidh ort freisin do mhéarlorg a thabhairt. Féadfar méarlorg do mhionúr cleithiúnach a thabhairt freisin. Féadfar bhur méarlorg a nochtadh faoi rún chuig na húdaráis Éireannacha ábhartha agus chuig údaráis tíortha eile, ag a bhféadfadh freagracht a bheith as d’iarratas a bhreithniú faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II /Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (éascaíonn córas leictreonach - Eurodac - aistriú na faisnéise méarloirg idir tíortha Rialachán Bhaile Átha Cliath II).

Má dhiúltaíonn tú do thabhairt do mhéarloirg, measfar nach ndearna tú iarracht réasúnta chun d’fhíor-aitheantas a bhunú agus gur theip tú i do dhualgas chun comhoibriú i bhfiosrúchán d’iarratais. D’fhéadfadh sé seo cur isteach ar inchreidteacht d’iarratais agus d'iarratas a stiúradh i dtreo a aistarraingthe, diúltóidh an tAire sa chás sin do dhearbhú a thabhairt duit. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfadh ball den Gharda Síochána, de réir alt 9(8)(c), mar a mbíonn siad amhrasach, le cúis réasúnta, faoi iarratasóir nach ndearna sé nó sí iarracht réasúnta a (h)aitheantas a bhunú; go bhféadfaidís an duine i gceist a choinneáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 January 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

  • Ag cur isteach ar stádas dídeanaithe
    Tá rialacha agus próisis tábhachtacha éagsúla ann a bhaineann le hiarratas a chur isteach ar stádas dídeanaí in Éirinn
  • Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath
    Tugann an doiciméad seo achoimre ar Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, a sholáthraíonn meicníocht chun socrú na tíre atá freagrach as iarratas ar stádas dídeanaí a scrúdú.
  • Cearta agus oibleagáidí na niarrthóirí tearmainn
    Tá cearta dlíthiúla áirithe ag iarrthóirí tearmainn agus acu siúd a chuireann iarratas isteach ar dhearbhú dídeanaí in Éirinn. Tá oibleagáidí tábhachtacha orthu freisin. Faigh eolas maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.