Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > An próiseas tearmainn in Éirinn > Ag cur isteach ar stádas dídeanaithe

Print Page Send to a Friend

Ag cur isteach ar stádas dídeanaithe

Eolas

Faoi Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasadh ag alt 11(1) den Acht Inimirce 1999, agus ag alt 9 d’Acht na nInimirceach Mídhleathach (Gáinneáil) 2000, agus ag alt 7 den Acht Inimirce 2003; pléifear le d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach:

  • ag an gcéad ásc ag Coimisinéir Achomhairc na nDídeanaithe, a dhéanfaidh moladh i ndáil le do chás.
  • Más diúltach an moladh agus go mbíonn tú i dteideal achomhairc, pléifear le haon achomharc dá leithéid leis an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe,
  • agus ar deireadh, bunaithe ar mholadh Choimisinéir Achomhairc na nDídeanaithe nó Bínse Achomhairc na nDídeanaithe, is ea a ghlacfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le cinneadh.

Féadann tú iarratas a dhéanamh ar dhearbhú mar theifeach ag an bport iontrála. Rachaidh tú faoi fhoirmiúlachtaí áirithe ag an bport iontrála, lena n-áirítear agallamh tosaigh, ach beidh ort i gcónaí freastal ar an Oifig ina dhiaidh sin ag an Coimisinéir Achomhairc do Dhídeanaithe. Féadann tú d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach a dhéanamh freisin ag Oifig Choimisinéir Achomhairc na nDídeanaithe. Imlíníonn an rannán seo an nós imeachta lena leanúint i ngach aon chás.

Na hathruithe atá molta ar an dlí ar inimirce

Dearadh an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint 2010 (pdf), a d'fhoilsidh i Meitheamh 2010, chun athsholáthar a dhéanamh ar an reachtaíocht ar inimirce atá ann faoi láthair. Ar na hathruithe eile arna moladh tá próiseas comhtháite um iarratas ar chosaint a thiocfadh in áit na n-iarratas ar stádas dídeanaithe, fhochosaint agus chead chun fanacht.

Rialacha

Ag Oifig Choimisinéir Achomhairc do Dhídeanaithe /an Port Iontrála

  • Má chuireann tú in iúl gur mian leat a chur isteach ar thearmann, iarrfar ort foirm iarratais a chomhlánú ar dhearbhú mar theifeach.
  • Más mian leat iarratas ar leithligh a dhéanamh ar son do leanaí mionúra (nó cleithiúna(í/ithe)), ní foláir foirm iarratais ar leith do dhearbhú a chomhlánú do gach leanbh mionúr (nó cleithiúnaí). Mura mian, áireofar do leanaí mionúra (nó cleithiúna(í)ithe)) i do theannta le do chinneadhsa agus beidh feidhm ag gach cinneadh a thógtar i ndáil le d’iarratas ar thearmann orthusan.
  • Ní mór aon bhuncháipéisí taistil (pasanna, laissez-passer) a bhfuil tú ina seilbh a bheith i dteannta d’iarratais, agus más iomchuí, cinn do leanaí faoi bhun 18 bliain aois. Mura bhfuil cúis réasúnta agat gan é a dhéanamh, ní mór duit bunchóipeanna de gach cáipéis aitheantais, teastas breithe agus pósta i do sheilbh a sholáthar a bhaineann leatsa agus/nó le do leanaí mionúra (nó cleithiúna(í/ithe)).
  • Cuirfear faoi agallamh tosaigh tú, de réir alt 8 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, chun a bhunú an mian leat iarratas a dhéanamh ar dhearbhú, agus más amhlaidh, chun na forais ghinearálta a fháil amach ar a mbíonn an t-iarratas bunaithe; d’aitheantas, náisiúntacht agus tír bhunaidh, modh d’iontrála (is é sin, an modh iompair a úsáideadh agus an chonair/treo ar ar thaistil tú) isteach sa stát; bonn dlíthiúil do láithreachta sa stát agus aon fhaisnéis bhunúsach eile a theastaíonn ón gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe.
  • Tabharfar comhairle duit ag deireadh d’agallaimh faoi do cheart chun cúnamh dlíthiúil a lorg agus chun dul i gcomhairle le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Theifigh (UNHCR).
  • Má chuir thú isteach ag an bport iontrála ní mór duit freastal ar oifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe chun an próiseas tosaigh thearmainn a chríochnú. Mura ndéanann tú amhlaidh agus nach soláthraíonn tú seoladh chuig an gCoimisinéir laistigh de 5 lá oibre ó dhéanamh an iarratais, measfar d’iarratas a bheith aistarraingthe.
  • Mar chuid den phróiseas, beidh ort féin agus ar do mhionúir chleithiúnacha bhur ngrianghraf a tharraingt. Beidh ort freisin do méarlorg a thabhairt. Féadfar meárlorg do mhionúr cleithiúnach a thabhairt freisin. Féadfar bhur méarlorg a nochtadh de rún chuig na húdaráis Éireannacha ábhartha agus chuig údaráis thíortha eile, ag a bhféadfadh freagracht a bheith as d’iarratas a bhreithniú faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II /Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath(éascaíonn córas leictreonach – Eurodac – aistriú na faisnéise méarloirg idir tíortha Rialachán Bhaile Átha Cliath II).
  • Má dhiúltaíonn tú do mhéarlorg a thabhairt, measfar nach ndearna tú iarracht réasúnta chun d’fhíor-aitheantas a bhunú agus gur theip ort do dhualgas chun comhoibriú i bhfiosrúchán d’iarratais a chomhlíonadh . D’fhéadfadh sé seo cur isteach ar chreidiúnacht d’iarratais agus d’fhéadfaí d’iarratas a aistharraingt, agus sa chás sin diúltóidh an tAire do dhearbhú a thabhairt duit. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfadh ball den Gharda Síochána, de réir alt 9(8)(c), mar a mbíonn siad amhrasach, le cúis réasúnta, faoi iarratasóir nach ndearna sé nó sí iarracht réasúnta a (h)aitheantas a bhunú; go bhféadfaidís an duine i gceist a choinneáil.
  • Tabharfar ceistneoir duit, nach mór duit a chomhlánú agus a chur ar ais ag dáta agus am sonraithe ag an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe. Breithneofar an fhaisnéis a sholáthraíonn tú i do cheistneoir le measúnú d’iarratais. Bíonn sé tábhachtach, dá réir sin, go dtabharfá freagraí iomlána fírinneacha ar gach ceist.
  • Má theipeann ort do cheistneoir a chur ar ais faoin dáta sonraithe, d’fhéadfaí cinneadh fút gur theip ort do dhualgas chun comhoibriú leis an bhfiosrúchán i d’iarratas a chomhlíonadh agus d’fhéadfadh go measfaí d’iarratas a bheith aistarraingthe, agus diúltóidh an tAire do dhearbhú a thabhairt duit sa chás sin.
  • Eiseofar Teastas um Chónaitheacht Shealadach leat sula bhfágann tú an tAonad Fáiltithe ag Oifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe; ag leagan amach do mhionsonraí pearsanta agus ar a mbeidh do ghrianghraf. Ní cáipéis aitheantais é an Teastas um Chónaitheacht Shealadach.
  • Tarchuirfear chuig cuntar na Gníomhaireachta um Fháiltiú agus Comhtháthú in Oifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe tú ach a bhfaigheann tú do Theastas um Chónaitheacht Shealadach; agus eagróidh siadsan duit go dtógfaí chuig lárionad fáiltithe tú i gceantar Bhaile Átha Cliath mar a bhfanfaidh tú ar feadh achair ghairid, a fhad agus a bhíonn do riachtanais á meas. Athlonnófar tú ansin chuig lóistín, a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus mar a mbeifear ag dúil go bhfanfaidh tú ann a fhad agus a bhíonn d’iarratas ar dhearbhú á phróiseáil.

Mionúir neamhthionlactha/leanaí scartha

Aon leanbh faoi bhun aois 18 a thagann ag críocha an Stáit (An Port Iontrála) nó ag Oifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, agus nach bhfuil faoi chúram duine fásta, cuirfear faoi bhráid an oifig sláinte áitiúil iad. Féadann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chinneadh ansin go mba chóir iarratas ar dhearbhú mar theifeach a dhéanamh ar son an mhionúir. Déanfaidh an FSS socrúcháin shonracha i gcomhpháirt le hOifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe do phróiseáil an iarratais sin. Bíonn freagracht ag an FSS as cúram ginearálta agus leas an mhionúir agus tabharfaidh siad cúnamh don mhionúr sin.

Beartú Tosaíochta na nIarratas

Féadann an tAire treoir a thabhairt i scríbhinn chuig an gCoimisinéir nó an Bínse nó chucu araon faoina dteastaíonn go bpléifí le haicmí áirithe iarratais mar thosaíocht.

Sa chás go gclúdaíonn a leithéid de threoir d’iarratas, cuirfear comhairle ort faoi sin.

Féadfar treoir Aireachta den chineál seo a chinneadh trí thagairt do cheann amháin nó níos mó de na hábhair seo a leanas:

  • forais na n-iarratas faoi alt 8 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe;
  • tír bhunaidh nó ghnáthchónaí na n-iarratasóirí;
  • aon ghaol teaghlaigh idir iarratasóirí;
  • aoiseanna na n-iarratasóirí agus, go háirithe de na daoine faoi bhun aois 18 a ndéantar iarratais ina leith;
  • na dátaí ar a ndearnadh na hiarratais;
  • breithnithe faoin tslándáil náisiúnta nó faoin mbeartas poiblí;
  • an dóchúlacht go mbíonn bunús maith ag na hiarratais;
  • má bhíonn cúinsí speisialta ann maidir le leas na n-iarratasóirí nó leas bhaill theaghlaigh na n-iarratasóirí;
  • an dtaispeánann na hiarratais ar a n-aghaidh na forais don áitiú gur teifeach is ea an t-iarratasóir;
  • an ndearna na hiarratasóirí léiriúcháin bhréagacha nó míthreoracha i ndáil lena n-iarratais;
  • ar chuir na hiarratasóirí isteach iarratais roimhe sin ar thearmann i dtír éigin eile;
  • an ndearnadh na hiarratais faoi alt 8 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, ag an deis ba luaithe tar éis a dteacht isteach sa Stát;
  • an náisiúnaigh de chuid tír bhunaidh iad na hiarratasóirí, nó an bhfuil ceart cónaithe acu sa tír sin atá ainmnithe mar thír shábháilte faoi alt 12(4) d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe;
  • más duine é an t-iarratasóir a bhfeidhmíonn mír (a), (b) nó (c) d’alt 2 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, chucu.

Faoi Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, ní mór tosaíocht a thabhairt do chatagóirí éigin iarratais mar seo a leanas:

  • iarratais ó iarratasóirí faoi choinneáil;
  • achomhairc ó iarratasóirí i ndáil le moltaí ón gCoimisinéir a thiteann laistigh de na catagóirí a gcuirtear síos orthu in alt 13(6) cinneadh agus alt 13(8) den Acht.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratais

Oifig An Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 September 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

  • Córas Eurodac
    Bhunaigh an tAontas Eorpach an córas Eurodac chun méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn a chur i gcomparáid le méarloirg na n-inimirceach neamhdhleathach.
  • Cearta agus oibleagáidí na niarrthóirí tearmainn
    Tá cearta dlíthiúla áirithe ag iarrthóirí tearmainn agus acu siúd a chuireann iarratas isteach ar dhearbhú dídeanaí in Éirinn. Tá oibleagáidí tábhachtacha orthu freisin. Faigh eolas maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí seo.
  • Ag teacht go hÉirinn mar iarrthóir tearmainn nó mar theifeach
    Tugtar cur síos ar na hiarrthóirí tearmainn, na dídeanaithe Coinbhinsiúin agus Cláir, agus na ndaoine a fuair cead fanacht in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.