Leas sóisialach do shaoránaigh an AE

Réamhrá

Tá an ceart agat oibriú in Éirinn más saoránach den AE thú, den LEE (áirítear sa LEE an AE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iora) agus an Eilvéis.

Fad a bhíonn tú ag oibriú, is féidir leat na sochair chéanna teaghlaigh a éileamh atá ar fáil do shaoránaigh Éireannacha.

Má chailleann tú do phost, nó má stopann tú ag oibriú mar gheall go bhfuil tú breoite, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht chun tacú leat fad a bhíonn obair á cuardach agat, nó fad a bhíonn biseach ag teacht ort tar éis go raibh breoiteacht ort. Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) measúnú ar d'iarratas agus cinnfidh sí an gcáilíonn tú d'íocaíocht.

Ní féidir leat íocaíocht a éileamh má tháinig tú go hÉirinn le post a chuardach. B’fhéidir go mbeidh tú in ann d’íocaíocht dífhostaíochta a iompórtáil ó thír eile an LEE, áfach, ar feadh tréimhse theoranta.

Tá rialacha san AE faoi conas a dhéantar leas sóisialach a chomhordú idir tíortha an AE/an LEE, an Eilvéis san áireamh. Baineann na rialacha seo le go leor de na híocaíochtaí atá ar fáil in Éirinn.

Saghsanna íocaíochtaí leasashóisialaigh

Tá go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh éagsúla in Éirinn. Tá rialacha an AE i gceist faoi conas a dhéantar íocaíochtaí a chomhordú idir tíortha. Ach tá a rialacha agus a nósanna imeachta féin ag gach tír. Mar shampla, is éagsúil an ráta íocaíochta agus cé chomh fada a íoctar sochar ó thír go tír.

Bíonn formhór na n-íocaíochtaí bunaithe ar na ranníocaíóchtaí árachais shóisialaigh a rinne tú trí obair, nó bunaithe ar d'acmhainn (is é sin, cé mhéad ioncaim, coigiltis agus caipitil atá agat féin agus ag do pháirtí).

Íocaíochtaí bunaithe ar d’árachas sóisialach (ÁSPC)

Tá roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh bunaithe ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ranníocaíóchtaí ÁSPC) ón obair.

Más fostaí thú, íocann d'fhostóir ÁSPC ar do shon. Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ÁSPC mar chuid de do thuairisceán cánach bliantúil.

Is féidir leat na ranníocaíochtaí a úsáid a d’íoc tú i dtír eile an LEE chun cáiliú do na híocaíochtaí seo, ach caithfidh gur íocadh do ranníocaíocht árachais shóisialaigh is déanaí in Éirinn.

Íocaíochtaí bunaithe ar d'ioncam

Tá roinnt íocaíochtaí bunaithe ar d'achmhainn. I dtástáil acmhainne scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí d'fhoinsí ioncaim go léir. Chun íocaíocht de réir tástála acmhainne a fháil, caithfidh d'ioncam a bheith faoi bhun méid áirithe.

Ní mór duit freisin an Coinníoll Gnáthchónaithe a chomhlíonadh chun íocaíocht de réir tástála acmhainne a fháil. I gcás roinnt íocaíochtaí, ní bhaineann na rialacha cónaithe le hoibrithe LEE nó Eilvéiseacha. Féach 'rialacha cónaithe le haghaidh íocaíochtaí de réir tástála acmhainne' thíos.

Tá a gcritéir cháilitheacha agus a rialacha féin maidir le cén daoine ar féidir leo cáiliú ag gach íocaíocht. Tá eolas mionsonraithe ar fáil inár mír leas sóisialach.

Oibrithe an LEE/na hEilvéise agusíocaíochtaí teaghlaigh

Tá an ceart chun cónaí in Éirinn ag oibrithe an AE (daoine féinfhostaithe san áireamh). Baineann seo freisin le saoránaigh an LEE agus na hEilvéise. Má stopann tú ag oibriú, is féidir leat stádas do chirt chun cónaí a choimeád ar feadh tréimhse, faoi roinnt cúinsí.

Íocaíochtaí teaghlaigh

Is féidir leat íocaíochtaí teaghlaigh a éileamh fad a bhíonn tú ag oibriú má tá leanaí cleithiúnacha agat a chónaíonn in Éirinn nó i dtír eile an LEE nó san Eilvéis.

Is féidir leat Sochar Linbh a éileamh má tá leanbh nó leanaí agat faoi aois 16 bliana. Íoctar seo gan aird ar cé mhéid airgid a thuilleann tú. Má chónaíonn do leanbh i dtír eile an LEE nó san Eilvéis, b’fhéidir go mbeidh Éire in ann an ráta iomlán nó ‘breisiú’ a íoc.

. Féadfaidh 'breisiú' tarlú nuair a fhaigheann tuismitheoir eile an linbh íocaíocht choibhéiseach ón tí ina bhfuil cónaí air, ach ag ráta níos ísle.

 
Íocaíocht Cé dó a bhfuil sé?
Sochar Libh Tuismitheoirí leanaí 16 bliana d’aois (nó faoi 18 mbliana d’aois má tá an leanbh in oideachas, ag tabhairt faoi oiliúint nó má tá siad faoi mhíchumas agus mura féidir leo tacú leo féin)
Íocaíocht Teaghlaigh Oibre Tuismitheoirí oibre a bhfuil ísealioncam á thuilleamh acu. Braitheann an méid is féidir leat a fháil ar cé mhéid leanbh atá agat agus ar cé mhéid a íoctar leat.

Caithfidh an t-iarratasóir a bheith fostaithe (gan a bheith féinfhostaithe) ar feadh ar laghad 38 uair an chloig gach coicís.

Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora Daoine a bhfuil tuistiú aonair á dhéanamh acu. Déantar tástáil mhaoine ar an íocaíocht (bunaithe ar cé mhéid airgid atá agat)
Liúntas Cúraim Baile Tuismitheoir linbh atá faoi mhíchumas
Íocaíocht Chaomhnóra Duine a bhfuil aire á tabhairt acu do leanbh mar gheall go bhfuair tuismitheoirí an linbh bás, nó gur thréig siad an leanbh nó gur theip orthu aire a thabhairt don leanbh

Leas sóisialach a éileamh má chailleann tú do phost nó má tá tú tinn

B’fhéidir go mbeidh ort íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh má dhífhostaítear thú nó mura féidir leat oibriú mar gheall go bhfuil tú breoite nó ar éagumas.

Do phost a chailleadh

B’fhéidir go mbeidh tú in ann éileamh a dhéanamh ar íocaíocht nuair a dhífhostaítear ‘go neamhdheonach’ thú.

Is féidir leat a fháil:

  • Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) -Ní mór duit na critéir a chomlionadh agus dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a bheith agat. Is féidir leat ranníocaíochtaí a íocadh i dtír LEE eile nó san Eilvéis a úsáid sular tháinig tú go hÉirinn, ach ní mór do ranníocaíocht is deanaí a bheith íoctha in Éirinn.
  • Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) -Ní mór duit na critéir agus an coinníoll gnáthchónaithe a chomhlíonadh (féach thíos). Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é seo.
  • Liúntas Leasa Forlíontach - Is féidir leat é seo a éileamh ar feadh suad le 6 mhí má d'oibrigh tú in Éirinn ar feadh níos lú ná bliain, nó chomh fada agus atá tú ag lorg oibre má d'oibrigh tú in Éirinn ar feadh níos mó ná bliain. Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í seo.

Breoite nó ar éagumas

Má tá tú breoite agus mura féidir leat oibriú go sealadach, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar na rudaí seo a leanas:

  • Sochar Breoiteachta - Ní mór duit na critéir a chomhlíonadh agus dóthain ranníocaíocht árachais shóisialaigh a bheith agat. Is féidir leat ranníocaíochtaí a íocadh i dtír LEE eile nó san Eilvéis a úsáid sular tháinig tú go hÉirinn, ach ní mór do ranníocaíocht is deanaí a bheith íoctha in Éirinn.
  • Liúntas Leasa Forlíontach -Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é seo.

Má bhíonn tú ar éagumas, ciallaíonn seo nach féidir leat oibriú go buan agus má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh, is féidir leat pinsean easláine a éileamh. Murar íoc tú na ranníocaíochtaí leis an ráta iomlán de Phinsean Easláine a fháil, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal íocaíocht laghdaithe a fháil má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí Éireannacha, ach má d’íoc tú ranníocaíochtaí i dtír eile an LEE nó san Eilvéis.

Rialacha cónaithe d’íocaíochtaíar a ndéantar tástáil mhaoine

Baineann a gcoinníollacha féin le gach íocaíocht leasa shóisialaigh. Ní mhínítear ar an leathanach seo ach rialacha cónaithe. Is féidir leat léamh faoi na rialacha do gach íocaíocht inár Mír Leas Sóisialach.

Ní bhíonn roinnt íocaíochtaí ar fáil ach má bhíonn ‘gnáthchónaí’ in Éirinn ort. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar an méid seo a leanas:

1.An ceart dlíthiúil atá agat cónaí in Éirinn

2.Má tá dlúthnasc agat le hÉirinn ar féidir cruthúnas a sholáthar ina thaobh.

Ní gá d’oibrithe an LEE agus na hEilvéise (iad siúd ina measc a choimeád a stádas oibrí nuair a stop siad ag oibriú) coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh chun íocaíocht teaghlaigh nó Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.

Déantar dlúthnasc le hÉirinn a mheasúnú bunaithe ar na 5 thoisc seo a leanas:

  • Fad agus leanúnachas do chónaithe in Éirinn
  • Fad agus cuspóir aon asláithreachta ó Éirinn
  • Cineál agus patrún d’fhostaíochta
  • Do phríomhábhar spéise
  • Má bhíonn sé ar intinn agat cónaí in Éirinn amach anseo, faoi mar is léir san fhianaise

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcoinníoll gnáthchónaithe le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Pinsin nuair a d’oibrigh tú imbreis agus tír amháin

D'fhéadfá cáiliú do phinsean ó Éirinn nuair a shroiceann tú aois an phinsin.

Déantar measúnú ar Phinsean Stáit (Ranníocach) bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC. Murar íoc tú dóthain ranníocaíochtaí chun cáiliú do phinsean, b’fhéidir go gcáileoidh tú go fóill do phinsean pro-rata an AE. Tá pinsean pro-rata bunaithe ar do ranníocaíochtaí in Éirinn, i dtíortha LEE eile. Íocann an rialtas tú bunaithe ar chomhréir na ranníocaíochtaí seo a d'íoc tú in Éirinn.

Má chónaíonn tú in Éirinn nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach agus mura gcáilíonn tú don Phinsean Stáit (Ranníocach) uasta, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a fháil.

Is féidir pinsean a fháil ó bhreis agus tír amháin má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha do gach tír.

Aoiseanna éagsúla scoir

Ní hionann aois an phinsin ar fud an AE. Ciallaíonn seo go bhféadfadh go mbainfeá aois an phinsin amach i dtír inar oibrigh tú, sula mbainfidh tú aois an phinsin amach in Éirinn. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar do ranníocaíochtaí Éireannacha go dtí go mbainfidh tú aois an phinsin in Éirinn amach (66 bliain d’aois).

Féidir na blianta a d'oibrigh tú in Éirinn a úsáíd chun an pinsean sin a mhéadú toisc nach bhfuil aois pinsin na hÉireann 66 sroichte agat. Nuair a shroiceann tú 66 bliana d'aois, is féidir thú a mheasúnú le haghaidh pinsean Éireannach - d'fhéadfaí do bhunphinsean a mhéadú agus d'fhéadfá pinsean a fháil ó Éirinn freisin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar Phinsean Stáit

Déanann tú iarratas sa tír ina gcónaíonn tú. Ní gá duit iarratais ar leith a dhéanamh i ngach tír inar chónaigh tú. Má chónaíonn tú in Éirinn, déanann tú iarratas ar phinsean Éireannach (má tá 66 bliain d’aois á bhaint amach agat) nó líonann tú foirm EUP65 (pdf) más mian leat iarratas a dhéanamh ar phinsean i dtír eile sa LEE.

Eolas breise agus teagmhálaithe

Is féidir leat níos mó a léamh faoi chóras leasa shóisialaigh na hÉireann anseo.

Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí liosta oifigí Intreo (leas sóisialach) ar fáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2021