Tacaíochtaí do Ukrainians in Éirinn

Réamhrá

Liostaítear ar an leathanach seo na heagraíochtaí atá ag cabhrú le daoine a tháinig go hÉirinn ón Úcráin. Nuashonróimid an leathanach seo le heolas nua go rialta.

Is féidir leat léamh freisin faoi conas tacaíochtaí stáit a fháil, stádas inimirce, leas sóisialach agus cúram sláinte san áireamh.

Tá seirbhísí á soláthar ag na heagraíochtaí a liostaítear anseo ar fud na tíre iomláine. Cuireann go leor grúpaí áitiúla agus carthanas cabhair ar fáil freisin.

Bunaíodh Fóram Freagartha Pobail i ngach údarás áitiúil le cabhrú le tacaíochtaí áitiúla a sholáthar do mhuintir na hÚcráine.

Eolas san Úcráinis agus saRúisis

Tacaíochtaí stáit

D’fhoilsigh Rialtas na hÉireann eolas ar na tacaíochtaí atá ar fáil.

Cuireann FSS (údarás cúraim sláinte na hÉireann) eolas ar fáil ar sheirbhísí sláinte in Éirinn.

Inimirce agus cosaint idirnáisiúnta

Cuireann Comhairle Dídeanaithe na hÉireann eolas ar fáil ar an treoir maidir le cosaint shealadach agus do chearta. Is féidir leat glaoch freisin ar Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann ar (01) 913 1528 chun eolas a fháil san Úcráinis. Bíonn an líne chabhrach seo ar oscailt ó Luan go hAoine ó 10am go 1pm.

Cuireann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) eolas ar fáil ar chur isteach ar chosaint idirnáisiúnta (tearmann).

Eolas eile san Úcráinis agus sa Rúisis

Is féidir leat an méid seo a leanas a léamh freisin:

  • Treoir do Thuismitheoirí maidir le Cúram Leanaí
  • Leideanna do Thuismitheoirí - treoir maidir leis an mbunscoil a thosú, atá ar fáil san Úcráinis agus sa Rúisis

Tacaíochtaí oideachais agus cúraimleanaí

Cuireann go leor Boird Oideachais agus Oiliúna cúrsa Béarla saor in aisce ar fáil.

Bunaíodh Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga (REALT) laistigh de Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) áitiúla. Cabhróidh an tseirbhís seo leat áiteanna scoile a aimsiú agus is féidir léi tacú freisin le scoileanna chun freastal ar riachtanais leanaí.

Is féidir leat teacht ar acmhainní foghlama agus ar thacaíochtaí eile do leanaí atá ag teacht ón Úcráin ar láithreán gréasáin Chumann Múinteoirí Éireann.

Cuireann Third Age ranganna Béarla saor in aisce ar fáil.

Cuireann The Right Course eolas ar fáil chúrsaí oideachais aosach.

Is féidir leat Treoir do Thuismitheoirí maidir le Cúram Leanaí in Éirinn a léamh chun teacht ar eolas faoi sheirbhísí cúraim leanaí. Cuirtear ar bhileog seo ar fáil san Úcráinis agus sa Rúisis.

Obair a chuardach

Is féidir le clár EPIC cabhrú leat post a aimsiú agus is féidir leis cabhrú leat scileanna a fhorbairt a chabhróidh leat ullmhú d’oibriú in Éirinn.

Cabhraíonn JobAid le muintir na hÚcráine post a aimsiú san Aontas Eorpach. Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar phoist atá ar fáil in Éirinn. Níl na poist a fhógraítear ach do dhaoine a d’fhág an Úcráin mar gheall ar an gcogadh.

Cuireann CVhelp.ie teimpléid saor in aisce CV ar fáil do shaghsanna éagsúla poist.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi obair a chuardach.

Sláinte

Chruthaigh pobal na hÚcráine in Éirinn liosta de shíciteiripeoirí ó Ollscoil Gestalt Chív a labhraíonn an Úcráinis a bhfuil comhairleoireacht saor in aisce á cur ar fáil acu.

Iompar

Is féidir leat taisteal saor in aisce ar aon seirbhís iompair phoiblí fhóirdheonaithe, (Iarnród Éireann, Bus Éireann, Go-Ahead Ireland, Bus Átha Cliath agus Luas) ar theacht go hÉirinn duit chun an t-aistear chuig do cheann scríbe deiridh a dhéanamh. Cuirtear seirbhísí naisc áitiúil san áireamh freisin.

Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a thaispeáint:

  • Do phas Úcránach, nó aitheantas eile a d’eisigh rialtas na hÚcráine, agus cruthúnas gur tháinig tú go hÉirinn le 7 lá anuas, nó
  • Deimhniú stádais ó ghrúpa comhordaithe nó ó charthanas atá bainteach i ngéarchéim na hÚcráine

Cuntas bainc a oscailt

Is féidir leat cuntas bainc bunúsach a oscailt mura bhfuil an t-aitheantas agus an cruthúnas seolta agat a theastaíonn le cuntas reatha a oscailt. Cuireann Bord Chultúr Baincéireachta na hÉireann Treoir ar fáil maidir le Cuntais Bainc Bhunúsacha san Úcráinis.

Tá sé déanta níos éasca ag go leor banc cuntas bainc a oscailt má tháinig tú go hÉirinn ón Úcráin.

Cuireann An Post (seirbhís poist na hÉireann) cuntas reatha ar fáil. teastaíonn aitheantas grianghraif uait (is féidir leat aitheantas éagtha a úsáid), do litir cheada shealadaigh agus d’uimhir PSP. Teastaíonn cruthúnas seolta uait:

  • Litir shínithe ón duine a bhfuil tú ag fanacht leo chomh maith le bille tí atá ina n-ainm
  • litir ar pháipéar ceannteidil má tá tú ag fanacht i gcóiríocht sealadach a sholáthraíonn stát na hÉireann.

Seirbhísí poist, gutháin agusidirlín

Mura bhfuil seoladh poist sábháilte agat, is féidir leat úsáid a bhaint as seirbhís Address Point a chuireann An Post ar fáil.

Is féidir leat cárta saor in aisce SIM a fháil ar féidir é a úsáid saor in aisce ar feadh 3 mhí ó aon oifig an phoist áitiúil. Tabhair do litir cheada shealadaigh leat. Seo an litir ina ndeirtear go bhfuil tú ag cónaí in Éirinn faoin Treoir maidir le Cosaint Shealadach.

Is féidir leat litreacha agus beartáin a sheoladh chuig an Úcráin saor in aisce más Úcránach thú nó má tháinig tú go hÉirinn ón Úcráin le déanaí. Ba cheart duit do litir cheada shealadaigh nó aitheantas grianghraif a thaispeáint.

Is féidir leat teacht ar ríomhairí agus ar an idirlíon saor in aisce ag aon leabharlann phoiblí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil le heolas breise a fháil faoi conas na seirbhísí seo a úsáid.

Comhairle faoi inimirce

Is féidir leis na heagraíochtaí seo a leanas comhairle faoi inimirce a thabhairt duit.

An Chomhairle Inimirce na hÉireann

2 Sráid San Aindrias
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte: Seirbhís Fhaisnéise agus Atreoraithe: Luan, Máirt, Déardaoin, Aoine 10rn go 1in
Teil: +353 (0)1 674 0200
Facs: +353 (0)1 645 8059
Láithreán Gréasáin: https://www.immigrantcouncil.ie/

Nasc, an tIonad um Chearta Imirceach agus Dídeanaithe

34 Sráid Phóil
Corcaigh
T12 W14H

Teil: 021 427 3594
Láithreán Gréasáin: https://nascireland.org/

Doras

Central Buildings
51a Sráid Uí Chonaill
Luimneach
V94 W275

Teil: 061 310 328 / 083-0802378
Láithreán Gréasáin: https://doras.org/

Comhairle Dídeanaithe na hÉireann

37 Sráid Chill Airne
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 764 5854
Facs: (01) 672 5927
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrefugeecouncil.ie

Tionscadal Imircigh Crosscare

1a Sráid na hArdeaglaise
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: +353 (0)1 873 2844
Facs: +353 (0)1 873 7003
Láithreán Gréasáin: http://www.migrantproject.ie/

Ionad um Chearta Imirceach Éire

13 Sráid Dorset Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 Y893

Teil: (01) 889 7570
Láithreán Gréasáin: https://www.mrci.ie/
R-phost: info@mrci.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Bealtaine 2023